Díolúine ó staidéar na Gaeilge don Ardteist ag 204 dalta Gaeltachta

Bhí díolúine ón nGaeilge ag idir 25 dalta agus 45 dalta i gcúig scoil Ghaeltachta, de réir figiúirí nua

Díolúine ó staidéar na Gaeilge don Ardteist ag 204 dalta Gaeltachta

Pictiúr: Laura Hutton/Photocall Ireland

Léiríonn figiúirí nua go bhfuil díolúine ó staidéar na Gaeilge ag 204 dalta iarbhunscoile i scoileanna Gaeltachta.

Bhí díolúine ón nGaeilge ag idir 25 dalta agus 45 dalta i gcúig scoil Ghaeltachta. D’éirigh le triúr díolúine a fháil ó staidéar na Gaeilge i scoil amháin agus duine amháin a fuair díolúine i seacht scoil Ghaeltachta eile.

I gs 13 iarbhunscoil Ghaeltachta, ní bhfuair aon dalta díolúine ón nGaeilge.

Cuireadh na figiúirí nua seo ar fáil don Teachta Dála de chuid Shinn Féin Carol Nolan de thoradh ar cheist Dála a chuir sí ar an Aire Oideachais agus Scileanna, Richard Bruton.

Tá 28 iar-bhunscoil sa Ghaeltacht ina raibh 6,212 dhalta i mbun staidéir le linn na scoilbhliana 2015/16.

As an 28 iarbhunscoil Gaeltachta sin, tá 20 scoil ag teagasc go hiomlán trí mheán na Gaeilge, tá sé scoil ag teagasc go hiomlán trí mheán an Bhéarla agus tá dhá scoil Ghaeltachta ann ina ndéantar roinnt daltaí a theagasc trí mheán an Bhéarla.

Dúirt an tAire Oideachais Richard Bruton gur “cás eisceachtúil” a bhíonn i gceist le deonú díolúine ón nGaeilge i scoileanna Gaeltachta atá ag teagasc trí mheán na Gaeilge ach go bhféadfadh “a leithéid tarlú”.

“Baineann an díolúine le staidéar na Gaeilge ach ní díolúine ó pholasaí teanga na scoile a bhíonn i gceist,” a dúirt an tAire Bruton.

As measc na n-ocht scoil Ghaeltachta ina raibh díolúine ag triúr dalta nó níos mó, is trí Bhéarla amháin a bhíonn sé cinn acu ag teagasc agus bíonn an dá scoil eile ag teagasc roinnt daltaí trí Bhéarla.

Luaigh an tAire cúiseanna éagsúla le deonú díolúintí i scoileanna Gaeltachta. Dúirt sé go bhféadfadh go raibh díolúine faighte ag dalta i scoileanna ina raibh sé cheana.

“In a lán de na ceantair Ghaeltachta, áfach, d’fhéadfadh – i ngeall ar iargúltacht an cheantair – nach bhfuil rochtain ag an dalta ach ar aon iar-bhunscoil amháin.  Oibreoidh scoileanna i gcomhpháirt le daltaí chun a gcumas Gaeilge a fheabhsú ach beidh sé mar rogha ag an dalta gan staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge mar ábhar má bhíonn díolúine aige/aici.

“Mar shampla, daoine atá tagtha go hÉirinn as an nua agus nach bhfuil Béarla mar chéad teanga acu, nó daltaí le riachtanais speisialta oideachais. Mar thoradh ar athruithe ar an daonra tá roinnt mhaith daoine a bhfuil cónaí orthu anois sa Ghaeltacht ach nach í an Ghaeilge an mháthairtheanga acu, mar shampla, daoine a bhfuil cónaí orthu i mbruachbhailte chathair na Gaillimhe, agus na bruachbhailte sin lonnaithe sa Ghaeltacht,” a dúirt an tAire Bruton.

Dúirt an tAire nár thug sé “miondealú de réir scoile” ar dhaltaí Gaeltachta a raibh díolúintí ón nGaeilge acu toisc go raibh an baol ann “go n-aithneofaí daltaí aonair de thimpiste”.

De réir eolais a fuair Tuairisc.ie faoin Acht um Shaoráil Faisnéise déanann formhór na ndaltaí Ardteistiméireachta a fhaigheann díolúine ón nGaeilge staidéar ar theanga nó teangacha eile chomh maith leis an mBéarla.

Rinne 62% de na daltaí Ardteiste a fuair díolúine ón nGaeilge le trí bliana anuas staidéar ar theanga eile seachas an Béarla.

Le trí bliana anuas fuair 6,111 dalta Ardteiste díolúine ón nGaeilge agus rinne 3,791 duine acu sin staidéar ar theanga nó ar theangacha eile nach Béarla iad, ina measc an Fhraincis, an Ghearmáinis, an Spáinnis agus eile.

Fág freagra ar 'Díolúine ó staidéar na Gaeilge don Ardteist ag 204 dalta Gaeltachta'

  • Seán Hade

    Deacair an ceann seo a chreidiúint, dá bhfeicfinn a leithéid de scéal as Béarla ar Waterford Whispers……….