Díolúine ‘mall’ ón nGaeilge ceadaithe do bheagnach 300 dalta Ardteiste i mbliana de bharr deacrachtaí foghlama

Dúirt síceolaí oideachais gur ag aois na bunscoile ba cheart deacrachtaí foghlama den chineál seo a bheith aitheanta ar dtús

Pictiúr: Mark Stedman/Photocall Ireland
Pictiúr: Mark Stedman/Photocall Ireland

Níor tháinig an deacracht foghlama a d’fhág nach mbeadh an Ghaeilge mar ábhar scrúdaithe ag beagnach 300 dalta scoile i mbliana chun suntais go dtí go raibh siad cheana féin i ranganna na hArdteistiméireachta. Fós féin thug na mic léinn seo ar fad faoi nuatheanga Eorpach eile do na scrúduithe céanna.

Sin é an tátal atá le baint as anailís nua a rinne Tuairisc.ie ar fhigiúirí ón Roinn Oideachais. Tá rabhadh tugtha ag saineolaí, áfach, gur cheart go n-aithneofaí deacrachtaí foghlama den chineál seo ag aois na bunscoile.

Ceadaíodh díolúine ón nGaeilge, den chéad uair, do 1084 dalta i mbliana a raibh sé ar a gcumas staidéar a dhéanamh ar theanga Eorpach eile, chomh maith leis an mBéarla. Deacrachtaí foghlama an chúis a tugadh leis an díolúine i gcás 289 dalta acu sin – os cionn an ceathrú cuid.

Is ar chúiseanna eile, gur as tíortha iasachta nó Tuaisceart Éireann iad, nó gur chónaigh siad thar sáile ar feadh níos mó ná trí bliana, a ceadaíodh do dhaltaí eile gan tabhairt faoin nGaeilge.

Dúirt síceolaí oideachais le Tuairisc.ie gurb é “an dea-chleachtas agus an gnáthchleachtas” go ndéanfaí diagnóis i dtaobh deacrachtaí foghlama ar nós disléicse le linn do dhalta a bheith sa bhunscoil, go háirithe más “ar scála measartha nó dian” atá an disléicse atá i gceist.

Dúirt sé go dtarlaíonn sé go ndéanfaí diagnóis ‘déanach’ i gcásanna áirithe ach gur rud neamhghnách é nach ndéanfaí an diagnóis sula bhfágfadh an dalta an bhunscoil nó “an-luath” ina dhiaidh sin.

Dúirt sé nach raibh aon taighde ann a chruthaigh go bhféadfadh deacrachtaí foghlama a bheith ag duine a mbeadh an disléicse air le foghlaim teanga amháin seachas teanga eile.

Dúirt sé nach raibh “mórán fianaise ar chor ar bith” ann ach an oiread a thabharfadh le fios gur chun aimhleas an dalta a bheadh sé an dara teanga a fhoghlaim.

Dúirt sé go bhfuil go leor daoine óga ann a bhfuil deacrachtaí foghlama acu agus a bhfuil díolúine tuillte acu. Deir sé áfach go bhfeictear go bhféadfadh nó go bhfuil buntáiste ag baint le díolúine a fháil ón nGaeilge ó thaobh scrúdaithe de agus go bhfuil “an cathú ann” dá bharr díolúine ón nGaeilge a lorg.

Fág freagra ar 'Díolúine ‘mall’ ón nGaeilge ceadaithe do bheagnach 300 dalta Ardteiste i mbliana de bharr deacrachtaí foghlama'