Díolaim ón nDomhan Láir le moladh agus le cáiseamh

Is díolaim scannánaíochta faoi leith é an sé scannán ón nDomhan Láir. B’fhéidir gur mar chnuasach, agus go croineolaíoch, ba cheart féachaint orthu agus iad á meas

The Hobbit Pic 2

The Hobbit the Battle of the Five Armies

Stiúrthóir: Peter Jackson

Cliar: Martin Freeman,  Ian McKelen, Orlando Bloom, Evangeline Lilly, Richard Armitage, Luke Evans, Cate Blanchett, Hugo Weaving, Christopher Lee.

Tar éis 1032 nóiméad tá ceann scríbe bainte amach againn ar deireadh, cé le bheith saoithíneach faoi, nílimid ach leath bealaigh, óir is réamhchláir atá sa trílóg seo, agus beidh i bhfad Éireann níos mó ná 1,000 nóiméad i gceist faoin tráth is go mbeidh an t-ábhar láimhseáilte ag lucht an Blue Ray.

Is maratón seachtaine a bheidh ann an uair sin le lán do chuid súl a bhaint as epic Middle Earth.

D’athraigh Lord of the Rings tírdhreach na scannánaíochta nuair a tháinig sé os ár gcomhair i 2001. Maisiúcháin cheannródaíocha, cúram den scoth déanta do chultacha, ceol suaithinseach, tírdhreach na Nua Shéalainne a bhainfeadh d’anáil díot, scéal a bhí dílis don bhunsaothar maraon le haisteoirí/taispeántais chumasacha.

Thar aon ní eile, d’iarr Jackson agus a chomhghuaillithe orainn iad a leanúint agus iad ag eachtraí scéil thar thrí scannán. Clochmhíle faoi leith é sin óir ní raibh taithí ag an lucht féachana ar a leithéid an uair úd.

Thoiligh siad an oilithreacht bhliantúil a dhéanamh agus thug an tríú gála an chreach leis ag na duaiseanna Oscar agus aon cheann deág de dheilbhíní ina ghlac aige.

Tá tírdhreach na scannánaíochta agus na teilifíse athraithe ó bhonn ó shin.

The Hobbit Pic 1

Cuimhnigh nach raibh The Sopranos agus The West Wing ar an bhfód ach le dhá bhliain in 2001; bheadh The Wire ag teacht an bhliain dár gcionn.

Anois tá taithí ag an lucht féachana, agus go deimhníonn éilíonn siad, go dtógfaidh sé uaireanta an chloig de chláir agus blianta de shraitheanna sara dtabharfar scéal chun críche: Breaking Bad, Boardwalk Empire, The Walking Dead, Sons of Anarchy agus Game of Thrones – clár ná feadar Dia, údar ná duine cén uair a thiocfaidh sé chun críche.

Go demhin, b’fhéidir gur múnla Game of Thrones ba cheart a bheith leanta ag Jackson i bhfianaise na n-athruithe atá tagtha ar na meáin.

Né hé go bhfuil lochtanna móra agam ar an saothar, mar níl. Tá an táirge nach mór chomh mórthaibhseach is a bhí aon bhliain déag ó shin leis na buanna céanna ó thaobh na gcultacha, an tírdhreacha, na maisiúchán agus na haisteoireachta. Tá an goile athruithe, sásaithe ó shin, áfach.

Tá na  mílte Orc ag máirseáil agus ag cogaíocht feicthe cheana againn. Níor chuir The Battle of the Five Armies faoi dhraíocht sinn faoi mar a chuir The Battle of Helms Deep – mar a raibh fonn orainn breith ar phíce trí mbeann agus dul sa sciúird sa troid.

Ina theannta sin, tá na carachtair iad féin ag strácáil leo ábhairín. Cé hé an príomhcharachtair? Gandalf? Bilbo? Thorin? Tauriel? Bard? Legolas? Dá fhad iad an scannán agus an tsraith, ní dhéantar cuar scéalaíochta éinne acu a chíoradh chun mo shástachta.

Anuas air sin, is léir an dua a chaitheadh le hamhábhar an bhunsaothair le trí fadscannán a bhaint as.

Tá ceann scribe sroichte. Is mithid sin ach is mór an trua go raibh deireadh an aistir chomh neafaiseach.

Is díolaim scannánaíochta faoi leith é an sé scannán ón ndomhan láir. B’fhéidir gur mar chnuasach, agus go croineolaíoch, ba cheart féachaint orthu agus iad á meas.

Fág freagra ar 'Díolaim ón nDomhan Láir le moladh agus le cáiseamh'