Díobh siúd a shínigh an Forógra, is ainm an Phiarsaigh is mó atá luaite le foirne spóirt, ach ba ar Éamonn Ceannt a chuir an Pápa fios

Bhí baint ag cuid acu siúd a shínigh an Forógra le cúrsaí spóirt agus é le rá go mba bhaill de Chumann Lúthchleas Gael iad Pádraig Mac Piarais, Éamonn Ceannt agus Seán Mac Diarmada

Fogra 1916 strap

Éamonn Ceannt
Éamonn Ceannt

Cáil an léinn agus na litríochta is mó atá orthu a shínigh Forógra na Poblachta 1916, ach bhí a bheag nó a mhór de bhaint ag cuid acu le cúrsaí spóirt freisin agus é le rá go mba bhaill de Chumann Lúthchleas Gael iad Pádraig Mac Piarais, Éamonn Ceannt agus Seán Mac Diarmada. Go deimhin nuair a ceapadh coiste de chuid na heagraíochta sin le heagar a chur ar chomórtais na gcoláistí i gCúige Laighean den chéad uair i 1915 ba é Mac Piarais a toghadh ina Leaschathaoirleach air.

Is beag contae in Éirinn nach bhfuil ar a laghad club amháin ainmnithe in ómós an Phiarsaigh mar aon le páirceanna imeartha – príomhpháirceanna chontaetha na Gaillimhe agus Longfoirt ina measc. Is i gcuimhne ar Sheán Mac Diarmada atá príomhpháirc Liatroma i gCora Droma Rúisc ainmnithe, mar aon le club i dTeach an Trí Mhíle i gCo. Mhuineacháin; is in ómós do Thomás Mac Donnchadha a hainmníodh an club i gCloch Shiúrdáin – a pharóiste dúchais.

Ba i nDún Geanainn le linn blianta a óige a spreagadh féith an phoblachtachais i dTomás Ó Cléirigh agus is é a ainm atá ar fhoireann peile an bhaile sin. Bliain an Éirí Amach féin a bunaíodh club i gCabhán an Chaorthainn sa gcontae céanna – ‘faoi phátrúnacht Naomh Oilibhéar Pluincéad agus tiomnaithe do Joseph Mary Plunkett’, a deir a suíomh idirlín. Agus in Birmingham Shasana agus in Charlotte North Carolina tá cumainn ainmnithe in ómós Shéamuis Uí Chonghaile.

Céard mar sin faoin seachtú sínitheoir – Éamonn Ceannt ? Aisteach go leor, de réir mo eolais, níl aon chumann spóirt tiomnaithe dá chuimhne siúd, cé go mbíodh foireann sacair ag imirt faoina ainm i gcomórtais Bhord Dheisceart Átha Cliath go dtí le blianta beaga anuas. Chomh fada agus is léir dom ba dhream iad siúd a bhíodh ag imirt sa bpáirc atá ainmnithe in ómós do Cheannt ar Bhóthar Ghrianréime sa bpríomhchathair.

Agus, aisteach go leor, tá seans ann gur mó de mhianach an lúthchleasaí a bhí i gCeannt ná a bhí in aon duine den seisear eile – strapaire fir a bhí sé troithe ar airde agus déanta dá réir. Tá scéal a shaoil scríofa ag an údar Willie Henry as cathair na Gaillimhe, ach deir sé siúd liom gur beag an chaint atá ar spórt ná ar chluichí sna scríbhinní a d’fhág Ceannt ina dhiaidh. Is mó go mór trácht atá ar chúrsaí ceoil, a deir Willie, rud nach ionadh nuair a chuireann tú san áireamh go raibh Éamonn tamall ina rúnaí ar Chumann na bPíobairí Uilleann.

Ainneoin sin ar fad is féidir a rá go raibh baint lárnach ag Ceannt le hócáid mhór idirnáisiúnta spóirt ag a raibh plúr lúthchleasaithe an domhain san iomaíocht – ceiliúradh Iubhaile an Phápa Pius X a reáchtáladh sa Róimh i bhfómhar na bliana 1908.

Bhí Cluichí Oilimpeacha Londain ar siúl an bhliain chéanna sin agus bhain conspóid nach beag leis an ócáid ó thaobh na hÉireann de, seans gurbh í an chonspóid chéanna faoi ndeara ceangal Cheannt le hócáid na Róimhe, agus tugann sé cruthúnas eile ar an meoin a bhí sa tír gur cheart neamhspleáchas a bhaint amach.

Ba faoi ainm na Breataine a rinne Éireannaigh iomaíocht ag Cluichí Oilimpeacha na hAithne i 1896, i bPáras i 1900 agus in St. Louis i 1904. Faoin am a dtáinig 1908 bhí roinnt de lúthchleasaithe na hÉireann ag éileamh go bhfaigheadh siad cead iomaíochta ar son a dtíre féin. Diúltaíodh dóibh, ach nuair a bhuail faitíos an lucht eagair go ndéanfadh na hÉireannaigh baghcat ar an ócáid, thoiligh siad ‘Great Britain and Ireland’ a thabhairt ar an bhfoireann. Ceadaíodh foireann haca agus foireann póló de chuid na tíre seo sa gcomórtas freisin mar chuid den réiteach.

Cé nár shásaigh sin chuile dhuine bhí roinnt áithrid Éireannach a bhí sásta dul san iomaíocht agus faoin am a raibh na Cluichí thart bhí 23 bonn Oilimpeach buaite ag lúthchleasaithe a saolaíodh sa tír seo. Ba ar fhoireann na Stáit Aontaithe a bhí a mbunáite. Bhí John Flanagan as Cill Bhríde i Luimneach agus Martin Sheridan as Both Chomhla i Maigh Eo ar bheirt acu, ach bhuaigh Tim Ahearne as Áth an tSléibhe i Luimneach bonn óir é féin ar fhoireann na Breataine agus Con Leahy bonn airgid.

Níos deireanaí sa mbliain 1908 reáchtáladh ollchomórtas lúthchleasaíochta sa Róimh mar cheiliúradh ar Iubhaile Órga an Phápa Pius X , ar tugadh cuireadh do fhoirne lúthchleasaíochta as tíortha go leor ar fud an domhain a bheith san iomaíocht annÉire ina measc.

Glacadh go fonnmhar leis an gcuireadh seo a d’fhág iomaitheoirí na hÉireann astu féin sa mórshiúl tosaigh agus an píobaire Éamonn Ceannt, feistithe i bhfilleadh beag, ina cheann feadhna ag seinm na bpíb.

Tuairiscítear go raibh an Pápa chomh tógtha sin leis an ócáid agus gur iarr sé deis labhartha leis an gceoltóir go mbronnfadh sé a bheannacht air.

Logo 1916 wide

Fág freagra ar 'Díobh siúd a shínigh an Forógra, is ainm an Phiarsaigh is mó atá luaite le foirne spóirt, ach ba ar Éamonn Ceannt a chuir an Pápa fios'