Diarmuid de Faoite ar an stáitse i ról ‘Pádraic Ó Conaire’ arís

Cuirfear tús anocht le camchuairt an aisteora Diarmuid de Faoite lena dhráma, ‘Pádraic Ó Conaire’, ag Féile Imbolc i nGaeltacht Chorcaí

Woodquay

Beidh seó aonair Dhiarmada de Faoite, ‘Pádraic Ó Conaire’, ar an stáiste den chéad uair le 13 bliain anuas i mBaile Bhúirne i nGaeltacht Chorcaí anocht, mar chuid d’Fhéile Imbolc.

Dráma dátheangach beathaisnéise faoin scríbhneoir Gaillimheach Pádraic Ó Conaire atá i saothar de Faoite a thuil ardmholadh ó léirmheastóirí Gaeilge agus Béarla nuair a cuireadh ar stáitse den chéad uair é sa bhliain 2001.

ScriobhWriting LS

Bheartaigh de Faoite a dhráma a thabhairt ar camchuairt timpeall na tíre le linn na bliana 2016 mar gurbh é an “ráiteas ealaíona polaitiúla is fearr” a d’fhéadfadh sé a dhéanamh “in ómós d’fhís na Cásca 1916”.

Baineann an dráma le saol agus saothar Uí Chonaire agus leis an tréimhse staire inar mhair an scríbhneoir freisin: bunú Chonradh na Gaeilge, an athbheochan Ceilteach, Éirí Amach na Cásca, Cogadh na Saoirse agus na gCarad agus bunú an tSaorstáit.

Bord 2

Glacfaidh de Faoite breis agus tríocha páirt sa seó aonair ina dhéantar scéal Uí Chonaire a mheas trí shúile a charad, ina measc sin Mícheál Mac Liammóir, Austin Clarke, Liam Ó Flaithbheartaigh agus Mícheál Ó Coileáin.

Beidh an dráma dátheangach oiriúnach do chainteoirí líofa agus daoine gan mórán Gaeilge acu araon.
Tabharfaidh de Faoite caint uaidh faoina gcuid oibre an lá dar gcionn ag comhdháil Imbolc san Ionad Cultúrtha i mBaile Bhúirne.

Beidh ‘Pádraic Ó Conaire’ á léiriú idir seo agus deireadh mhí Aibreáin ar fud na tíre:

5 Feabhra: Baile Bhúirne
29 Feabhra: Ollscoil Mhá Nuad
1 Márta: Amharclann na Cathrach, Gaillimh
2 Márta: Áras Inis Guaire, Béal an Mhuirthead
10 Márta: An tSeanBheairic, An Fál Carrach
11 Márta: An Chultúrlann, Doire
12 Márta: An Chultúrlann, Béal Feirste
28 Aibreán: Glór, Inis
29Aibreán: Féile na Bealtaine, An Daingean

Fág freagra ar 'Diarmuid de Faoite ar an stáitse i ról ‘Pádraic Ó Conaire’ arís'

  • Fionnbarra

    Trua nach bhfuil sé ag teacht go BÁC!

    • diarmuid de faoite

      Léireofar ‘Pádraic Ó Conaire ‘ i mBÁC le linn Féile Litríochta Idirnáisiúnta BhÁC, i dtreo deireadh Mí Bealtaine. Ionad agus dáta Le cinntiú, Oíche amháin a bheas ann, Smock Alley seans.

      • Aoife

        Go hiontach! Seol sonraí chugam agus scaipfidh mé scéal

  • Fionnbarra

    Ar fheabhas. Is brea liom an cnuasach gearrscéalta de POC a rinne tú eagarthóireacht air, tá an scríbhneoireacht chomh h-úr sin go gceapfadh tú gur scríobhadh na píosaí anuraidh!