Dianchoimhlint i gCluain Eois agus dúil sa díoltas ag Dún na nGall

Cé go bhfuair Dún na nGall an ceann is fearr ar Thír Eoghain le roinnt blianta anuas, sciob foireann Mickey Harte Craobh Uladh ó na Conallaigh anuraidh. Pictiúr: INPHO/Lorraine O'Sullivan

Dianchoimhlint i gCluain Eois agus dúil sa díoltas ag Dún na nGall

Michael Murphy agus Cathal McCarron.

Dún na nGall v Tír Eoghain, Cluain Eois, 2.00i.n.

Ó tháinig Mickey Harte isteach mar bhainisteoir ar Thír Eoghain do shéasúr 2003, tá Craobh Uladh buaite níos minice acu ná aon fhoireann eile – cúig chraobh atá buaite ag foirne Harte – agus tá meas orthu i gcónaí mar cheann de na foirne is láidre sa chúige.

Ina ainneoin sin, agus iad faoi cheannas Harte bíonn deacrachtaí ar leith ag Tír Eoghain nuair a thugann siad aghaidh ar Dhún na nGall. Is é cluiche an lae inniu an t-ochtú huair a imreoidh Tír Eoghain i gcoinne Dhún na nGall sa chraobh agus Harte ina bhainisteoir. Níl ach péire acu sin buaite ag Tír Eoghain, cluiche ceannais an chúige anuraidh agus cluiche leathcheannais Uladh in 2007.

Is í an chúis is mó leis sin ná gur imríodh tromlach na gcluichí idir na foirne agus na Conallaigh i mbarr a réime agus iad faoi cheannas Jim McGuinness agus anois, Rory Gallagher. Is é cluiche an lae inniu an séú huair ag na foirne aghaidh a thabhairt ar a chéile i gCraobh Uladh le sé bliana anuas.

Bhí buanna móra ag an dá fhoireann go dtí seo sa chraobh: fuair Dún na nGall an ceann is fearr ar Aontroim, 3-19 in aghaidh 1-9, agus Tír Eoghain ag sárú Dhoire, 0-22 i gcoinne 0-11.

Tá cuma na hóige ar fhoireann Dhún na nGall agus ag imirt sa chraobh den chéad uair a bhí seisear acu in aghaidh Aontroma. Beidh an bainisteoir sásta go maith le taispeántais na bhfear óg ach is scéal eile é aghaidh a thabhairt ar Thír Eoghain. Bhí duine de na himreoirí nua, Ciarán Thompson, ar fheabhas nuair a chas na foirne seo ar a chéile sa tsraith agus  d’aimsigh an fear lár páirce trí phointe i mbua na gConallach. Beidh imirt den chaighdeán céanna ag teastáil tráthnóna.

Beidh Thompson i mbun coimhlinte i lár na páirce le Conall McCann, imreoir óg eile a bhí ar fheabhas nuair a thosaigh sé cluiche craoibhe do Thír Eoghain den chéad uair sa chluiche in aghaidh Dhoire.

Cé go gcoinneofar súil ghéar ar na himreoirí óga ar an dá fhoireann, beidh na seanfhondúirí chomh tábhachtach céanna. Ba iad cúilíní Sheáin Cavanagh agus Peter Harte in am breise a chinntigh an bua do Thír Eoghain i gcluiche ceannais Uladh anuraidh. Níor aimsigh Michael Murphy ach dhá phointe sa chluiche sin agus ní ón imirt a tháinig ceachtar acu, ach má éiríonn leis tionchar níos mó a bheith aige tráthnóna, d’fhéadfadh ról cinniúnach a bheith aige, go háirithe agus Justin McMahon ar an mbinse do Thír Eoghain.

Rogha Tuairisc.ie: Dún na nGall.

Ros Comáin v Liatroim, Páirc de hÍde, 3.30i.n.

Agus deireadh mhí an Mheithimh againn beagnach, rachaidh Ros Comáin chun páirce i gcraobh 2017 den chéad uair. Bhí foireann Kevin McStay tamall ag fanacht leis an gcluiche seo in aghaidh Liatroma ach gach seans go mbeidh fanacht eile orthu sula ndéanfar tástáil orthu i gcluiche crua.

Sna sé chluiche is deireanaí atá imeartha idir na foirne i gCraobh Chonnacht, bhí farasbarr ocht bpointe ar an meán ag Ros Comáin. Nuair a chas siad ar a chéile anuraidh, bua 13 pointe a bhí ag Ros Comáin, 1-21 in aghaidh 0-11.

Ní fhéadfá rá go bhfuil mórán feabhais tagtha ar Liatroim ó shin ach an oiread. Chríochnaigh siad sa chúigiú háit i Roinn 4 den tsraith agus bhí mí-ádh ceart orthu nuair a bhain drochghortú d’Emlyn Mulligan roimh thús na craoibhe.

Is ar éigean a sháraigh siad Londain thall i Ruislip agus cúil an ionadaí Ronan Kennedy sa dara leath a shábháil iad.

Ní hé go ndearna Ros Comáin aon ghaisce i rith an earraigh, ná baol air. Níor bhuaigh siad ach cluiche amháin i Roinn 1 den tsraith, ach mar sin féin, tá leithéidí na Murtaghs, Diarmuid agus Ciarán, acu i measc na dtosaithe, agus ba cheart go mbeadh siad róláidir don fhreasúra tráthnóna.

Rogha Tuairisc.ie: Ros Comáin

Fág freagra ar 'Dianchoimhlint i gCluain Eois agus dúil sa díoltas ag Dún na nGall'