DIALANN AE: Obair spreagúil agus 1400 cineál beorach ag fanacht ort sa Bheilg!

Más spéis leat páirt a ghlacadh i dtionscadal mór na hEorpa agus má fhiafraítear díot an rachfá go dtí an Bhruiséil, abair mar a déarfadh muintir na cathrach féin...

DIALANN AE

Mar is eol do chách ag an bpointe seo tá comórtas earcaíochta d’aistritheoirí Gaeilge ar oscailt ag na hinstitiúidí Eorpacha. Tá deis ann do dhaoine le Gaeilge tabhairt faoi ghairmré nua i dtír thar lear ach i dtír atá i ngiorracht uair an chloig go leith do Bhaile Átha Cliath. Don té a chuirfeadh spéis ina leithéid agus nach bhfuil cinnte an dtaitneodh an saol anseo leis, b’fhéidir go mbeadh an méid atá le rá agam faoin eispéireas a bhí agam féin sa Bheilg go dtí seo ina ábhar machnaimh.

Chaith mé beagnach dhá scór bliain ag obair mar mhúinteoir bunscoile i gCathair Luimnigh agus ní beag an méid sin, geallaimse duit. Ach ní gearánta dom. Bhí post dúshlánach agam agus tuarastal nár fhág ar an ngannchuid ar fad mé. Is i gCathair sin an Chonartha a chuireamar fúinn, mé féin agus Pat, agus is ann a thógamar an chlann. Agus an nead á tréigean ag an gclann agus beagáinín machnaimh á dhéanamh agam féin, tháinig smaoineamh chun cinn rud éigin difriúil a dhéanamh, cultúr eile a bhlaiseadh, ceird nua a fhoghlaim. Nuair a fuair mé an deis shocraigh mé gan failliú uirthi.

Ní hí an Bheilg is túisce a rithfeadh liom agus mé ag smaoineamh ar thír ar mhaith liom cónaí inti. Is iad feachtas buach an Éireannaigh cháiliúil sin Arthur Wellesley ag Cath Waterloo agus an slad a rinneadh in Ieper (nó Ypres mar is fearr aithne air in Éirinn) an dá íomhá is mó atá i mo cheann ó mo laethanta sa mheánscoil. Níos faide anall d’aontaigh Éire, an Ríocht Aontaithe agus an Danmhairg do Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa sa bhliain 1973. Thosaigh airgead ag teacht ón mBruiséil agus ba iad an punt glas agus na híocaíochtaí cinn an tábhar cainte is mó a bhí ag an mbord am dinnéir agus i dteach an óil. Foinse airgid a bhí sa Bhruiséil do lucht gnó na tíre agus d’oibrithe araon, pota óir, tobar nach rachadh i ndísc.

Ach cá raibh an Bhruiséil? Príomhchathair na Beilge a deir tú! Sin a raibh ar eolas againn in Iarthar Luimnigh. Sna seachtóidí bhí dhá cheann scríbe sa chatalóg saoire, Torremolinos le haghaidh na gréine agus Lourdes le haghaidh craic, ach chun an fhírinne a rá bhí cáil na paidreoireachta agus na míorúiltí ar Lourdes chomh maith.

halle 5
Údar an ailt seo, Éamon Ó hAogáin, agus a bhean, Pat.

Ag an am sin ní raibh a fhios againn cérbh é an Manneken Pis, íocón na Bruiséile.  Ní raibh a fhios againn go ndéantar suas le 1400 cineál beorach sa Bheilg. Samhlaigh sin! Dá mbainfeá triail as ceann amháin in aghaidh na hoíche bheifeá ag ól leat go ceann ceithre bliana nach mór. Agus cé acu beoir is fearr? Is iad na manaigh a dhéanann an Westmalle agus an Chimay ach deirtear go bhfuil an diabhal féin sa Duvel. Cá bhfios domsa? An cupa tae is fearr liom féin!

Más blas níos milse ná an bheoir atá uait níl sárú sheacláid na Beilge le fáil. Ón uair a rinne Jean Neuhaus an chéad phrailín sa bhliain 1912, tá clú agus cáil bainte amach ar fud an domhain ag leithéidí Leonidas, Wittamer agus Côte d’Or. An té a shocraíonn cuairt a thabhairt ar an mBeilg, gach seans go siúlfaidh sé tríd an siopa is mó díol seacláide ar domhan, aerfort na Bruiséile.

Bliain agus ráithe atá caite agam sa Bheilg anois agus braithim nach bhfuil mí na meala thart fós. Is daoine béasacha cairdiúla iad na Beilgigh agus cuireann siad fáilte roimh gach cuairteoir, is cuma cén cearn den domhan arb as é.

Agus céard faoin obair féin? Bíonn obair spreagúil dhúshlánach romham gach maidin nuair a shiúlaim isteach san oifig – píosa reachtaíochta, freagra ar cheist parlaiminte, mír do shuíomh gréasáin an Choimisiúin. Tá bogearraí aistriúcháin den scoth ar fáil agus is féidir linn na foinsí tagartha is tábhachtaí a cheadú gan stró. Cuidíonn an méid sin linn táirge d’ardchaighdeán a chur ar fáil. Rud eile a chuidíonn go mór liom féin an tatmaisféar cairdiúil comhoibritheach atá chun cinn san Aonad.

Tá mo dhóthain ráite agam anois ach cuirfidh mé an méid seo leis mar bhuille scoir. Más spéis leat páirt a ghlacadh i dtionscadal mór na hEorpa agus má fhiafraítear díot an rachfá go dtí an Bhruiséil, abair mar a déarfadh muintir na cathrach féin – ‘Ah non…peut-être!’ Is é sin le rá – ‘Ní rachainn…agus cad chuige nach rachainn!’

_______

– Sa Bhruiséil atá cónaí ar an údar. Tá sé ina aistritheoir in Aonad na Gaeilge in ArdStiúrthóireacht an Aistriúcháin sa Choimisiún Eorpach.

– Ag eascairt as rialachán a ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh i mí na Nollag seo a chuaigh thart (Rialachán ón gComhairle 2015/2264), tiocfaidh méadú ar líon na foirne Gaeilge sna hinstitiúidí Eorpacha as seo go dtí tús na bliana 2022, tráth a bheidh an fhoireann Ghaeilge ar aon mhéid le foirne na dteangacha oifigiúla eile. Sheol an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) comórtas oscailte d’aistritheoirí Gaeilge ar an 9 Meitheamh 2016. Glacfar le hiarratais go dtí meán lae (am na Bruiséile), an 12 Iúil 2016. Tá tuilleadh eolais faoin gcomórtas sin le fáil ar shuíomh gréasáin EPSO. Is fiú freisin súil a choinneáil ar mheáin shóisialta na n-institiúidí Eorpacha: tá an Coimisiún Eorpach anseo, Parlaimint na hEorpa anseo agus an Chomhairle anseo.

Fág freagra ar 'DIALANN AE: Obair spreagúil agus 1400 cineál beorach ag fanacht ort sa Bheilg!'

  • Antain Mac Lochlainn

    Seacláid agus breoir! Mh’anam nach é sin an t-alt is mealltaí a foilsíodh sa tsraith go dtí seo, a Éamoin. Meirg nár thaga ar ghob do phinn.