DIALANN AE: ‘Is féidir do shaol a chaitheamh trí Ghaeilge i ‘nGaeltacht na Bruiséile…’

Agus méadú mór le teacht ar ‘fhoireann na Gaeilge’ in institiúidí an Aontais Eorpaigh, caitear súil sa tsraith nua seo ar shaol na nGael atá ag obair sna hinstitiúidí sin

DIALANN AE

Tá sé rídheacair an cinneadh a dhéanamh do thír dhúchais a thréigean. Ach sin cinneadh a rinne mise in 2009, chun aghaidh a thabhairt ar an mBruiséil mar aistritheoir. Cé go n-airím uaim cúrsaí ag an mbaile caithfidh mé a admháil nach bhfuil aon áiféala orm fén gcinneadh céanna. Mar a rinne na proinsiasaigh a d’fhág aimsir na ngéanna fiáine agus a chuir fúthu i Leuven, d’fhágas an seanfhód im’ dhiadh, Ó Dónaill, De Bhaldraithe agus Dinneen i mo ghlac agam chun an teanga a chaomhnú thar lear. Cé go bhfuil an tírghrá go smior ionam, tá mé sásta fanacht ar deoraíocht ón áit is cóngaraí dom’ chroí. Cén fáth sin?

Bhuel, tá pobal mór Éireannach anseo sa mBruiséil. Deirtear go bhfuil tuairim is 10,000 Gael lonnaithe anseo. Ní beag an líon ina measc a bhfuil Gaeilge acu ach an oiread. Nuair a thagann an cumha ag cnagadh ar an doras, tagann an pobal seo i gcabhair ort. D’fhéadfaí feidhmiú go hiomlán trí Ghaeilge anseo. ‘Sí an Ghaeilge teanga an aonaid. Sa chlub CLG, ‘An Chraobh Rua’ cloistear Gaeilge. Bíonn an teanga le clos ag na seisiúin cheoil a eagraítear go mion minic. Má tá ceapaire agus comhrá uait agus tú i lár an bhaile is féidir bualadh isteach chuig ‘Delish’. I Séipéal Naomh Antaine tá Gaeilge ag na sagairt. Géanna fiáine agus proinsiasaigh iad beirt, mar a tháinig rompu.

Dea-scéal amach is amach don teanga go mbeidh deireadh leis an maolú ar an nGaeilge sna hinstitiúidí Eorpacha agus go n-osclófar na geataí chun cúpla céad duine breise a earcú idir é seo agus 2022. Beidh impleachtaí móra aige sin ar fhorbairt ‘Ghaeltacht na Bruiséile’. Beidh níos mó daoine ag freastal ar na himeachtaí a eagraíonn grúpaí diongbháilte amhail Coiste Sheachtain na Gaeilge agus Na Gaeil i gcéin. Iad siúd a thagann agus a bhfuil páistí acu, cuirfidh siad go mór le líon na daltaí sna ranganna Gaeilge sna scoileanna Eorpacha agus deimhneofar leis sin áit níos lárnaí ar an gclár ama don teanga. Beidh páistí á dtógáil le Gaeilge i bpáirceanna glasa na Bruiséile.

Tá uaillmhian agus dúshlán ag baint le líonadh an méid postanna atá fógartha ach tá sé indéanta. Tá a lán cúrsaí ar an bhfód anois idir nua agus seanbhunaithe agus beidh sé fíorspéisiúil breathnú ar na hollscoileanna/coláistí agus iad ag iarraidh an móréileamh seo a shásamh. Beidh sé ina ghéarchoimhlint eatarthu agus beidh orthu nithe éagsúla a shníomh isteach sa mhullach ar an méid a bhíonn ar na gnáthchúrsaí, amhail Trados, EPSO, teangacha, cuairteanna ar na hinstitiúidí srl.

Caithfidh an rialtas níos mó tacaíochta a chur ar fáil do na cúrsaí seo mar cuireann sé borradh faoin teanga sa bhaile agus thar lear.

Is cúis mhór bróid é bheith lonnaithe anseo sa mBruiséil agus lorg laochra áirithe a leanúint. Daoine ar nós Maolmhaodhóg Ó Ruairc ó Co. Fhear Manach, a chuir an-chuid lón léitheoireachta ar fáil d’ábhair aistritheoirí. Nó Seán Ó Luing ó Bhaile an Fheirtéaraigh a tháinig ar iasacht ó Rannóg an Aistriúcháin luath sna seachtóidí chun na chéad chonarthaí aontachais a aistriú. Tá léargas maith ar a thréimhse anseo sa leabhar ‘In Ardchathair na hEorpa’. Tá an lóchrann a d’adhain siad fós ar lasadh.

San obair fhéin, tá an-éagsúlacht i gceist. In aon lá amháin d’fhéadfaí tosnú amach le píosa Fraincise go Gaeilge ar maidin. Ansin roimh an lón, b’fhéidir píosa reachtaíochta. Teanga dhocht a bhíonn sna Rialacháin ina gcloítear leis na fasaigh. Théis an lóin d’fhéadfaí píosa a aistriú don suíomh idirlín, réim níos scaoilte ná an reachtaíocht agus roimh imeacht b’fhéidir go mbeadh scil eile le cleachtadh má thagann óráid isteach. Is minic a bhíonn siad foclach, meafarach agus bheadh imeartas focal ag teastáil nó caint fhileata. Taobh amuigh den aistriúcháin tá neart deiseanna chun cur le do cv trí theangacha nua a fhoghlaim nó freastal ar sheimineáir éagsúla.

Tríd is tríd, tá an-saol anseo sa mBruiséil. Post maith agus comhluadar maith. I gcaoch na súl, is féidir bheith i bPáras nó Amstardam, sa Ghearmáin nó aon áit san Eoraip. Áit éagsúil gach deireadh seachtaine má tá fonn bóthair ort. Éinne a bhfuil leathshúil acu ar an mBruiséil agus iad idir eatarthu fé theacht, mholfainn go mór é.

– Is Aistritheoir i gComhairle an Aontais Eorpaigh é Ciarán Ó Ceallaigh

– Ag eascairt as rialachán a ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh i mí na Nollag seo a chuaigh thart (Rialachán ón gComhairle 2015/2264), tiocfaidh méadú ar líon na foirne Gaeilge sna hinstitiúidí Eorpacha as seo go dtí tús na bliana 2022, tráth a bheidh an fhoireann Ghaeilge ar aon mhéid le foirne na dteangacha oifigiúla eile. Seolfaidh an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) comórtas oscailte d’aistritheoirí Gaeilge ar an 9 Meitheamh 2016. Tá tuilleadh eolais faoin gcomórtas oscailte d’aistritheoirí ar fáil ar shuíomh gréasáin EPSO. Is fiú freisin súil a choinneáil ar mheáin shóisialta na n-insititiúidí Eorpacha: tá An Coimisiún Eorpach anseo, Parlaimint na hEorpa anseo agus An Chomhairle anseo