DIALANN AE: Ceird an aistritheora – ceird nár chol le Clanna Gael

An deargdhul-amú a bheadh ar an té sin a déarfadh gur saothar gan sochar é an togra mór aistriúcháin atá ar bun sna hinstitiúidí Eorpacha…

Dialann

Ceird an aistritheora – ceird nár chol le Clanna Gael ó tugadh go hInis Ealga sa gcúigiú haois (tráth arbh éigean dul i ngleic leis an Laidin, lingua franca na Críostaíochta) an léann scríofa mar sméar mhullaigh ar oidhreacht ársa an bhéil bheo. Ó shin i leith, tá féachta againn le téacsanna coigríche a chur ar fáil ina dteanga féin do Ghaelaibh. Bíodh is gur aidhm agus ábhar eile is cás linne sa lá atá inniu ann, ní beag an chosúlacht idir a bhfuil ar bun sna hinstitiúidí Eorpacha agus a ndearna siad siúd a d’imigh romhainn mar gurb ionann cuspóir dúinn araon ar deireadh .i. an Ghaeilge a thabhairt chun oiriúna le haimsir a saothraithe.

An dearg-dhul-amú a bheadh ar an té sin a déarfadh gur saothar gan sochar é an togra mór aistriúcháin atá ar bun sna hinstitiúidí Eorpacha óir ní beatha is dán don Ghaeilge feasta mura ngnítear í a shearradh agus a shaothrú arís ar an réim is achrannaí dá bhfuil ann .i. réim na reachtaíochta, rud ba rí-léir do lucht dréachtaithe an Fhéineachais sa seachtú haois, cuirim i gcás. Cé dearóil le haithris strácaí móra de dhán na nGael uaidh sin anuas, tá dlisteanú idirnáisiúnta déanta anois ar shaíocht na Gaeilge ó rinneadh teanga oifigiúil oibre de chuid an Aontais Eorpaigh di sa mbliain 2007, agus a dhearbhú sin gur teanga feasta í atá ar aon dul le trí theanga fichead oifigiúla eile sin an Aontais Eorpaigh, an t-aontas sin arb í an éagsúlacht chultúrtha, a shnaidhmeann ina chéile an iolarthacht Eorpach faoina míle riocht, is cruinneshamhail choiteann dó.

Is cuí gur anseo sa mBruiséil, láimh le Lováin, a dhéanfaí, ar fhonn gan fasach, an Ghaeilge a shaothrú arís mar theanga ardréime arb acmhainn di gleic le dála na linne. Óir ba chúram den cháil chéanna ba chás le Flaithrí Ó Maoil Chonaire (*c. 1560 †1629) gona bhráithre mionúra agus iad ag soláthar do lucht léite Gaeilge na linne leaganacha dúchais dúchasacha de na téacsanna sin ba mhó tábhacht i mblianta corracha sin an tseachtú haois déag.

Tuigtear, dar ndóigh, gur chuir na Lovánaigh earraí aisteacha sna téacsanna a d’aistrigh siad, nithe b’aisteach aduain ag cuid mhór de lucht na linne – a chruthúnas sin an díonbhrollach diail úd in éadan aos oilbhéime ab éigean do Fhlaithrí bocht a chur le Sgáthán an Chrábhaidh, an leagan Gaeilge a rinne sé, i 1616, den téacs fáthchiallach Catalóinise Spill de la vida religiosa (Barcelona, 1515), ar cuireadh Spáinnis, Portaingéilis, Polainnis, Laidin, Iodáilis, Gearmáinis, Ollainnis, Danmhairgis, agus Béarla ina dhiaidh sin air (.i. trian, nach mór, de theangacha oifigiúla an Aontais sa lá atá inniu ann, dála an scéil).

Díol suntais iad téacsanna céanna sin na linne úd óir is ag Flaithrí nó ag lucht a chomhaimsire a chastar orainn den chéad uair foirisiún mór focal a raibh blas aduain aisteach orthu an tráth úd ach ar de dhlúth agus d’inneach na Gaeilge anois iad: abhcóide, abstanaid, amadánacht, aspalda, airteagal, barraíocht, bladar, blaisféim, bolls(c)aire, broghach, bronntanas, camra, cás, cuirim i gcás, cathraitheoir, cluanaire, comhaonda, comhluadar, comparáid, comhshubstainteach, contráir, corc, agus cúirialtacht, gan ach leor an eolaigh d’ailm, beith, agus coll a lua.

Ar an gcuma chéanna, sna téacsanna sin a bhíonn á n-aistriú againn féin ar na saolta siosmaideacha seo, bíonn focail aisteacha aduaine á dtabhairt isteach sa nGaeilge againn ar “coimhthíoch neamhghaelach” iad acu siúd nach bhfuil “acmhainneach” (mar a dúirt Flaithrí) ar an mbeithíoch aisteach úd arb í parole an mhaorlathais Eorpaigh í. Dia linn, ach ní beite dóibh a mhalairt a cheapadh óir fearacht ár sinsear, nuair a chum siad na focail úd a luaigh mé thuas (nó nuair a chinn siad an athchiall a thabhairt do chuid acu d’fhonn freastal ar riachtanais na linne), bíonn nua-fhocail bhreátha á gceapadh nó á n-athchiallú againn féin chomh maith céanna.

Obair fhóinteach fhiúntach í obair an aistritheora, más trom-dhuamhar féin ar uairibh, a thugann sásamh do lucht a déanta ó tharla lámh acu sa searradh mór atá le baint arís as an nGaeilge, searradh nár baineadh aisti le fada fiannach an lá.

Ní saothar gan seasamh an obair úd: ach a mbeidh corpas iomlán dlí an Aontais Eorpaigh ar fáil i nGaeilge, beidh againn an corpas is mó dár cruthaíodh sa teanga ó aimsir Fhlaithrí i leith: ní beag sin de choiscéim chinniúnach don Ghaeilge ar a haistear go dtí an Nua-Aois ná de theist ar an ród seo romhainn. Ní ina hearr ach ina hadhaint atá an obair seo, agus ós ea, ní miste comhthéacs a thabhairt. Tá: in ainneoin aos éagairdis na Gaeilge, tiocfaidh an lá a mbeifear ag breathnú siar ar an saothrú a rinneadh ar an teanga scríofa trí chéad bliain roimhe sin (.i. san aonú haois fichead). Cé is moite den Athbheochan féin, beidh an togra seo na n-institiúidí Eorpacha ar an teist is uaillmhianaí dár tugadh ón seachtú haois déag i leith ar thiomantas na nGael dá dteanga féin. Tá deis anois ann don té ar mian leis lámh a bheith aige san obair seo na seolta a chrochadh, mar a rinne ár muintir romhainn, agus triall ar an gcoigríoch.

In ainneoin ar chreid Séathrún Céitinn nuair a d’úsáid sé an leagan cabhair choigríche, ba dhlúthchuid de chinniúint na teanga agus a muintire ón gcianaimsir i leith an chabhair choigríche chéanna .i. an treoir agus an tacaíocht a fuair sí uathu siúd a chuaigh uaithi i gcéin ach nach ndearna í a thréigean riamh. Cá bhfios nach iad lucht labhartha labhra na loingseach a d’fhóirfeadh feasta uirthi? Fágaimis inár ndiaidh, más ea, an cumha i ndiaidh sheansaol an oileáin agus baintear sú feasta as an mealladh atá i mil na mór-roinne (mar a deir an file Diarmuid Johnson). Lón marana dúinn an toise stairiúil: ní taise dúinn, más ea, filleadh ar an tseancheird, ar an dúchas, agus ar an dóchas.

Fionntar as an Sean an Nua.

Aistritheoir in Ard-Stiúrthóireacht Aistriúcháin an Choimisiúin Eorpaigh sa Bhruiséil é Feargal Ó Béarra.

– Ag eascairt as rialachán a ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh i mí na Nollag seo a chuaigh thart (Rialachán ón gComhairle 2015/2264), tiocfaidh méadú ar líon na foirne Gaeilge sna hinstitiúidí Eorpacha as seo go dtí tús na bliana 2022, tráth a bheidh an fhoireann Ghaeilge ar aon mhéid le foirne na dteangacha oifigiúla eile. Sheol an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) comórtas oscailte d’aistritheoirí Gaeilge ar an 9 Meitheamh 2016. Glacfar le hiarratais go dtí meán lae (am na Bruiséile), an 12 Iúil 2016. Tá tuilleadh eolais faoin gcomórtas sin le fáil ar shuíomh gréasáin EPSO. Is fiú freisin súil a choinneáil ar mheáin shóisialta na n-institiúidí Eorpacha: tá an Coimisiún Eorpach anseo, Parlaimint na hEorpa anseo agus an Chomhairle anseo.