Dialann AE: Buaileann plátaí teicteonacha teanga in aghaidh a chéile sa Bheilg agus i Lucsamburg

I sacar na hEorpa sa lá atá inniu ann, ní gaisce é cumas a bheith ag duine i dteangacha. Is gnáthchuid den saol é, go háirithe i gcás duine a dteastaíonn uaidh nó ar gá dó a shlí bheatha a dhéanamh i dtír eile, áit a labhraítear teanga nó teangacha eile

DIALANN AE

Nach orm atá an ríméad go bhfuil Euro 2016 teannta linn. Beidh sásamh sa bhreis le baint agam féin agus ag mo chomhghleacaithe in Aonad na Gaeilge in Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin sa Choimisiún Eorpach as an bhféile shacair ó tharla go mbeimid i gcaidreamh laethúil le daoine ó na haonaid teanga eile agus ó tharla freisin go bhfuil dhá chapall ag Éirinn sa rás.

Cé gurb é an sacar féin agus na coimhlintí ar an bpáirc imeartha raison d’être an chomórtais, ní féidir neamhaird a dhéanamh de na scéalta eile a thagann chun solais ó thráth go chéile le linn an chomórtais féin nach scéalta sacair iad. Na deartháireacha Xhaka, Granit agus Taulant, cuir i gcás, a thug aghaidh ar a chéile sa chluiche idir an Albáin agus an Eilvéis a imríodh Dé Sathairn. Is de bhunadh Cosavach-Albánach na deartháireacha Xhaka; rugadh san Eilvéis iad nuair a bhí a dtuismitheoirí ar a dteitheadh ón gcogadh sna Balcáin sna nóchaidí. Scéalta mar sin is mó a fhanfaidh i mo chuimhne faoi Euro 2016 seachas na gaiscí spóirt.        

Is i dTír na mBascach a bhí mé nuair a imríodh Cluiche Ceannais Chorn an Domhain in Johannesburg sa bhliain 2010 idir an Spáinn agus an Ísiltír. Bhí an saol ar fad faoi dhraíocht ag stíl imeartha na Spáinneach an uair sin, an tiquitaca mar a thugtar air, agus an tuairim ag cuid mhaith daoine go raibh a mbua ar na hÍsiltírigh tuillte agus tuillte go maith acu, cé nár éirigh leo ach an t-aon chúl amháin a scóráil sa chluiche ceannais. Ach ba leor é!

Is maith is cuimhin liom an tráthnóna úd. Bhí mé féin agus roinnt cairde liom tar éis an bóthar idir Pamplona, nó Iruña sa Bhascais, agus Puente la Reina a shiúl agus gan d’údar imní againn agus muid ar an mbóthar ach cén áit a bhféadfaimis breathnú ar an gcluiche. Níor ghá an imní. Ar theacht go ceann scríbe dúinn, thugamar faoi deara go raibh scáileán mór curtha suas gar don séipéal ag údarás an bhaile agus cathaoireacha leagtha amach.

Bí ag caint ar atmaisféar, a mhac. B’fhearr i bhfad an áit a raibh muidne ná Joburg lá ar bith ó thaobh gleo agus dea-aoibh ar dhaoine. Ach de réir mar a bhí an cluiche ag dul ar aghaidh, ba ghlóraí cuid áirithe den slua gach uair a ndearna Van Persie agus Robben léigear ar chúl na Spáinne. “Daoine ón Ísiltír atá ar saoire, is dócha,” a dúirt mé le duine de mo chairde, Spáinneach, a bhí ina shuí taobh liom. “Ní hea ar chor ar bith,” arsa sé agus olc air, “ach Bascaigh!”

Murab ionann is foireann na Spáinne, baineann foireann sacair na Beilge le gach aon Bheilgeach is cuma cé acu i bhFlóndras nó sa Vallúin atá sé ina chónaí. Go deimhin, tá go leor den tuairim go bhféadfadh fir Marc Wilmots éacht a dhéanamh, den chéad uair riamh, agus Euro 2016 a bhreith thar teorainn leo abhaile. Má éiríonn leo sin a dhéanamh, déanfar dearmad go ceann scaithimhín ar na nithe a scarann na Pléimeannaiseoirí agus na Frainciseoirí ó chéile.

Duine spéisiúil é Wilmots. Bhí sé ar dhuine de na himreoirí ba mhó a raibh tionchar aige ar na Diabhail Dhearga idir 1990 agus 2002 (70 caipín, 28 gcúl). Ceapadh é ina phríomhchóitseálaí ar an bhfoireann náisiúnta in 2012 agus tá scuad imreoirí curtha le chéile aige ó shin ar a bhfuil cuid de na himreoirí is fearr ar domhan agus is airde luach ar an margadh aistrithe. Ar na himreoirí sin, tá Eden Hazard, Kevin De Bruyne agus Romelu Lukaku.

Ní hábhar iontais é go bhfuil trí theanga oifigiúla na Beilge, an Fhraincis agus an Phléimeannais mar aon leis an nGearmáinis, ar a thoil ag Wilmots. D’fhéadfaí a rá gur ceann de bhunriachtanais an phoist atá ann má tá sé leis na himreoirí ar fad a thabhairt leis agus na bealaí cumarsáide a choimeád ar oscailt.

Ach is in áit na leathphingine ó thaobh teangacha de atá Wilmots le hais chóitseálaí fhoireann na hEilvéise, Vladimir Petković. Is as an gCróit do Petković agus bíonn cúig nó sé cinn de theangacha in úsáid aige agus é i mbun a chuid oibre. I sacar na hEorpa sa lá atá inniu ann, ní gaisce é cumas a bheith ag duine i dteangacha. Is gnáthchuid den saol é, go háirithe i gcás duine a dteastaíonn uaidh nó ar gá dó a shlí bheatha a dhéanamh i dtír eile, áit a labhraítear teanga nó teangacha eile.         

Luíonn sé le réasún dom gur sa Bheilg agus i Lucsamburg, áit a mbuaileann plátaí teicteonacha teanga in aghaidh a chéile, idir na teangacha Rómánsacha ó dheas agus na teangacha Gearmáinice ó thuaidh, atá seirbhísí aistriúcháin an Aontais suite. Díol spéise é gurb í an Ghaeilge an t-aon teanga Cheilteach a bhfuil an stádas céanna aici sna hinstitiúidí Eorpacha is atá ag na teangacha a dtugtar na teangacha móra orthu.   

Údar bróid domsa é, leis, go dtugtar stádas don Ghaeilge taobh amuigh d’Éirinn. Anseo sa Bhruiséil, glactar léi mar theanga ar nós teanga ar bith eile. Teanga í an Ghaeilge a bhfuil traidisiún saibhir aici ag dul siar na céadta bliain agus teanga atá in ann dul i ngleic le saol an lae inniu ó thaobh foclóra agus téarmaíochta. Tugann an suíomh comhthéacs dár gcuid oibre agus déarfainn gur fearr é ár dtuiscint ar an obair aistriúcháin dá bharr.       

______

Sa Bhruiséil atá cónaí ar an údar. Tá sé ina aistritheoir in Aonad na Gaeilge in Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin sa Choimisiún Eorpach.

______

Ag eascairt as rialachán a ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh i mí na Nollag seo a chuaigh thart (Rialachán ón gComhairle 2015/2264), tiocfaidh méadú ar líon na foirne Gaeilge sna hinstitiúidí Eorpacha as seo go dtí tús na bliana 2022, tráth a bheidh an fhoireann Ghaeilge ar aon mhéid le foirne na dteangacha oifigiúla eile. Sheol an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) comórtas oscailte d’aistritheoirí Gaeilge ar an 9 Meitheamh 2016. Tá tuilleadh eolais faoin gcomórtas sin le fáil ar shuíomh gréasáin EPSO. Is fiú freisin súil a choinneáil ar mheáin shóisialta na n-institiúidí Eorpacha: tá an Coimisiún Eorpach anseo, Parlaimint na hEorpa anseo agus an Chomhairle anseo.

Fág freagra ar 'Dialann AE: Buaileann plátaí teicteonacha teanga in aghaidh a chéile sa Bheilg agus i Lucsamburg'

  • Joe Ó Ceallaigh

    Maith thú PJ! An-shuimiúil ar fad.
    I gcás na Beilge, cén teanga a usaidtear ar an phairc peile agus sna óráidí roimh an chluiche?

  • Seosamh O Ciardha

    An spéisiuil-an thràthûil ar fad-maith thú a phj-ar scàth a chéile a mhaireann na teangacha an Gaeilge Leo ina measc