Dialann AE: Beidh ainnir álainn na Gaeilge ag fáil aer an bhaile mhóir!

Beidh an Ghaeilge á labhairt go poiblí anseo mar a bhí an tráth a mhair na ceannairí Gaelacha Eoghan Rua Ó Néill agus Aodh Dubh Ó Néill

Caisleán Bouchout, Páirc Phlandaí Meise, Meise, an Bheilg. (Grianghraf: Donar Reiskoffer)
Caisleán Bouchout, Páirc Phlandaí Meise, Meise, an Bheilg. (Grianghraf: Donar Reiskoffer)

Tráthnóna Domhnaigh, nuair a bhíonn an aimsir maith, is minic linn a ghabháil amach go Páirc Phlandaí Meise, áit atá cúig mhíle taobh thuaidh den Bhruiséil agus i ndúiche Bhrabant Fhlóndras. Ceathrar againn a bhíonn ann de ghnáth – mé féin agus mo bhean, Francine, agus ár mbeirt chlainne, Luisne (7) agus Cathal (5). Ag siúl a bhíonn muid ar ndóigh, ach minic go leor bím féin is í féin inár ‘gclibistíní’ ag tarraingt trucail bheag ina mbíonn Luisne agus Cathal ina suí agus iad go haerach ag breathnú na tíre mar bheadh banfhlaith agus flaith de chuid na seanaimsire ann.

Castar a lán daoine orainn ar na cosáin agus muid ag siúl na Páirce. Agus cuireann cuid mhór acu suim sa teanga a bhíonn muid a labhairt – dream iad na Pléimeannaigh a bhfuil aird acu ar theangacha agus cluas acu dóibh.

Cuireann cuid acu ceist glan amach cén teanga atá muid a labhairt, agus tugann cuid eile acu iarraidh a thomhas cén teanga í. Ar ndóigh ní díol suime ann féin an fhiosracht seo, ach is díol suime an t-iontas a bhíonn orthu nuair a insíonn muid dóibh gurb í an Ghaeilge atá muid a labhairt.

Corrdhuine acu a thuigeann láithreach gur teanga ar leith an Ghaeilge, agus fiú iad siúd a thuigeann sin, is é a deir siad gur chreid siad go raibh an Ghaeilge imithe den tsaol le fada roimhe seo – ‘Nach é an Béarla teanga na hÉireann?’, a fhiafraíonn siad. A mbunús mór, nochtann siad amhras faoin teanga Ghaeilge – ‘Nach canúint den Bhéarla í, dáiríre?’ an cheist a bhíonn acu. Nuair a thuigeann siad, faoi dheoidh, go bhfuil an teanga Ghaeilge á labhairt i dtólamh – teanga cheart dhílis na hÉireann – bíonn iontas orthu, agus lúcháir. Is é an dála céanna é agus muid sna clóis súgartha sa cheantar ina bhfuil muid inár gcónaí, in Schaarbeek; cuireann tuismitheoirí na bpáistí eile suim mhór ann.

Nach aisteach an rud é, i ndiaidh beagnach céad bliain den stát Éireannach, nach eol don tsaol mhór go bhfuil a teanga náisiúnta féin ag Éirinn, agus go bhfuil sí á labhairt? Go bhfuil daoine ann a labhraíonn í agus dúichí ina labhraítear í mar theanga phobail? Go bhfuil litríocht á scríobh inti?

Cúis suime an dóigh a gcuireann na hÉireannaigh a dtír agus a náisiúntacht in aithne don phobal idirnáisiúnta? An bhfuil ár n-aithne cheart ceilte ar an domhan?

Athróidh sin anois, go cinnte, a bhuí le stádas oifigiúil oibre na Gaeilge san Aontas Eorpach. Tá gníomh fónta déanta ag rialtais le blianta beaga anuas. In 2005, d’iarr Rialtas na hÉireann stádas oifigiúil oibre don Ghaeilge san Aontas Eorpach, agus fuair sí sin in 2007. Sna chéad bhlianta, bhí maolú nó cúngú ar réim phraiticiúil an stádais sin; agus beidh go ceann tamall eile. Anuraidh, d’iarr agus fuair Rialtas na hÉireann deireadh a chur leis an mhaolú sin, rud a chiallaíonn go dtiocfaidh leathnú ar réim na Gaeilge uaidh seo go 2021 agus go mbeidh réim iomlán aici san Aontas Eorpach ó thús na bliana 2022 amach.

Dea-scéala é seo d’Éirinn, do mhuintir na Gaeilge, agus buntáiste atá ann don Ghaeltacht – bhí riamh fiúntas oidhreachta agus cultúir sa Ghaeilge, agus uaidh seo amach beidh ag méadú ar a luach eacnamaíoch.

Is iomaí dúshlán atá ag gabháil leis an obair mhór atá romhainn uaidh seo go ceann cúig bliana. Ar na dúshláin sin tá forbairt na nacmhainní teanga; an téarmaíocht (maille le sainmhínithe Gaeilge), saothrú na sainábhar léinn, agus an fhoclóireacht (aonteangach, go háirithe); forbairt na ngairmeacha teanga agus dlí; agus forbairt na hearnála saoraistriúcháin. Thar rud ar bith eile, ámh, teastaíonn dream mór de Ghaeilgeoirí oilte inniúla leis an obair a dhéanamh.

Is mór an dúshlán é, cinnte, ach tá duais mhór le fáil ag a dheireadh uilig.

Beidh dream mór bríomhar de Ghaeilgeoirí sa Bhruiséil agus i Lucsamburg, na cathracha ina bhfuil a gcuid seirbhísí teanga ag na hinstitiúidí Eorpacha. Beidh an Ghaeilge á labhairt go poiblí anseo mar a bhí an tráth a mhair na ceannairí Gaelacha Eoghan Rua Ó Néill agus Aodh Dubh Ó Néill (fear a rugadh sa Bhruiséil), agus an dream dílis a bhunaigh an choláiste Éireannach i Lováin (in Ísiltír na Spáinne) in 1607.

Creidim go bhfuil an Ghaeilge féin, mar theanga, chomh beo ábalta le teanga ar bith eile. Is é rud atá ag coinneáil cúl ar mhuintir na Gaeilge go bhfuil ár dteanga sáinnithe sa chlúdaigh sa bhaile. Ní raibh roimpi sna poirt oireachais ach an doicheall. Agus dá réir sin, tá sí gaibhte le rófhada sna tithe agus sna bailte fearainn.

Is cosúil í an Ghaeilge le hainnir álainn nach bhfuil áit ar bith ann a dtig léi éirí amach fá choinne tamall spóirt agus cuideachta. Ach féach an t-athrú atá ag teacht. Beidh teanga shaibhir bhinn na nGael le cluinstin i spéirthithe geala agus i gcaiféanna beaga cluthara na Bruiséile agus Lucsamburg.

“Bhéarfainn aer an bhaile mhóir duit a thógfadh do chroí,

A’s cead a ghabháil i gcóistí ar bhóithre Bhaile Buí.”

Beidh ainnir álainn na Gaeilge anseo ina culaith úr mhaiseach, agus í ag fáil aer an bhaile mhóir! Má fhaigheann sí tuilleadh agus go leor de sin, agus tuilleadh de sa bhaile in Éirinn, tiocfaidh lúth ina coiscéim agus luisne na sláinte ina grua!

____

Tá an t-údar ina chónaí sa Bhruiséil le cúig bliana go leith. Tá sé ina Cheann Aonaid ar Aonad na Gaeilge in Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin sa Choimisiún Eorpach.

– Ag eascairt as rialachán a ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh i mí na Nollag seo a chuaigh thart (Rialachán ón gComhairle 2015/2264), tiocfaidh méadú ar líon na foirne Gaeilge sna hinstitiúidí Eorpacha as seo go dtí tús na bliana 2022, tráth a bheidh an fhoireann Ghaeilge ar aon mhéid le foirne na dteangacha oifigiúla eile. Seolfaidh an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) comórtas oscailte d’aistritheoirí Gaeilge, inniu, an 9 Meitheamh 2016. Tá tuilleadh eolais faoin gcomórtas sin le fáil ar shuíomh gréasáin EPSO. Is fiú freisin súil a choinneáil ar mheáin shóisialta na n-institiúidí Eorpacha: tá an Coimisiún Eorpach anseo, Parlaimint na hEorpa anseo agus an Chomhairle anseo.