Dhéanfadh Brexit dochar mór do mhionteangacha, a deir scátheagras teanga

Tá An tAontas Eorpach ‘ina sciath chosanta agus lóchrann dóchais ag teangacha mionlaithe’ - achainí ELEN ar mhuintir na Ríochta Aontaithe roimh reifreann

brexitBhí an tAontas Eorpach i gcónaí ina “sciath chosanta agus ina lóchrann dóchais ag teangacha mionlaithe” an Aontais. Sin cuid dá bhfuil ráite ag an scáthghrúpa teanga ELEN i litir atá curtha amach acu ar maidin ina n-impítear ar mhuintir an Ríochta Aontaithe vótáil ar son fanachta san Aontas Eorpach an tseachtain seo.

Maítear sa litir as na “mórbhuntáistí cultúir agus eacnamaíochta” a bhaineann leis an Aontas Eorpach agus an dochar a dhéanfaí do mhionteangacha na Ríochta Aontaithe dá bhfágfaí an tAontas.

Tá an litir sínithe ag Davyth Hicks, Ard-Rúnaí ELEN (Líonra Eorpach um Chothromas Teangacha) agus a n-ainm curtha léi chomh maith ag eagraíochtaí teanga sa Bhreatain agus in Éirinn. Eagraíocht is ea ELEN a chuireann cearta teanga chun cinn san AE agus a bhfuil Conradh na Gaeilge ina bhall di.

Maítear sa litir go mbaineann tábhacht faoi leith le fanacht san Aontas Eorpach le “teangacha neamhfhorleathana a chosaint agus a chur chun cinn” sa Ríocht Aontaithe.

“Dá dtréigfeadh ár dtíortha an t-AE, scoithfí sinn ó na cearta a tá á roinnt ag saoránaigh na hEorpa. Ina theannta sin, bheimis fágtha faoi smacht na rialtas nár thaispeáin an tsuim ná an dea-thoil chun cearta chainteoirí theangacha ár bpobal is ár ndúichí a chosaint is a chur chun cinn agus iad ag cleachtadh polasaithe foghacha le rún a ndíothaithe i gcaitheamh ár staire comhroinnte go léir nach mór,” a scríobhadh sa litir.

Tugtar rabhadh freisin inti faoin maoiniú Eorpach le haghaidh tionscadal teanga a chaillfí dá bhfágfaí an tAontas Eorpach agus faoin maoiniú atá caillte taobh istigh den Ríocht Aontaithe cheana féin.

“Ní bheadh teacht againn ach an oiread ar an maoiniú Eorpach le haghaidh tionscadal teanga, rud a dhéanfadh dochar d’eagraíochtaí neamhrialtasacha agus d’eagraíochtaí oideachais. Chuirfeadh Brexit bac ar dheiseanna ár n-aosa óig agus a n-infhostaitheacht; chuir maoiniú Eorpach infheistíocht ríthábhachtach ar fáil dá lán de gheilleagair ár bpobal.

“Tá faitíos orainn go gcuirfeadh Brexit ár bpobail i gcontúirt mar a léiríodh go paiteanta le déanaí nuair a chuir Rialtas na Ríochta Aontaithe an maoiniú don Choirnis ar ceal,” a scríobhadh.

Maítear go gcuireann rannpháirtíocht san Aontas Eorpach “feabhas ar an tuiscint agus ar an gcosaint” atá ann do theangacha dúchais na dtíortha agus go ndéanfaí dochar as cuimse do na teangacha sin dá dtiocfadh meath ar “shláinte eacnamaíoch” na bpobal a labhraíonn iad.

“Caithfimid fanacht taobh istigh den AE chun sábháilteacht agus rath ár dteangacha agus a bpobal a chinntiú agus cur le forbairt an AE amach anseo i meon an AE mar thionscadal chearta an duine agus an t-AE ina choimirce, síocháin, comhair agus comhdheiseanna do phobail na hEorpa atá aontaithe ina héagsúlacht,” a deirtear ag deireadh na litreach.

Ar dhuine de shínitheoirí na litreach tá Liam Ó Flannagáin, Príomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta, an t-aon ghrúpa Éireannach atá luaite go sonrach leis an litir.

Tá cúig eagraíocht Breatnaise, eagraíocht amháin Gáidhlig, dhá eagraíocht Coirnise, agus eagraíocht amháin Albainise luaite leis an achainí freisin.

Fág freagra ar 'Dhéanfadh Brexit dochar mór do mhionteangacha, a deir scátheagras teanga'