Dhá lucht féachana’ le freastal orthu ag TG4 – cainteoirí Gaeilge agus an ‘mórphobal náisiúnta’ — Esslemont

Cuireadh Ardstiúrthóir nua TG4, Alan Esslemont, a faoi agallamh faoina a ról nua den chéad uair ar 7 Lá aréir

Dhá lucht féachana’ le freastal orthu ag TG4 – cainteoirí Gaeilge agus an ‘mórphobal náisiúnta’ — Esslemont

Tá “dhá lucht féachana” ag TG4 agus caithfear iarracht a dhéanamh freastal ar an dá phobal éagsúla sin, dar le hArd-Stiúrthóir nua-cheaptha an stáisiúin, Alan Esslemont.

Bhí Esslemont faoi agallamh ag Páidí Ó Lionáird ar eagrán speisialta den chlár 7 Lá a craoladh aréir mar chuid de chomóradh 20 bliain TG4.

Dúirt an tArd-Stiúrthóir go bhfuil “croílucht féachana” ann, is iad sin an pobal a bhfuil an Ghaeilge “mar ghnáth-theanga labhartha acu”, agus go bhfuil “mórphobal féachana na tíre” ann.

Dúirt sé go léiríonn torthaí Fios Físe, “painéal féachana” TG4, go dtaitníonn leithéidí Nuacht TG4, Seacht Lá, Ros na Rún agus An Klondike leis an “croílucht féachana sin” ach gur “le haghaidh mórphobal féachana na tíre freisin” an stáisiún.

“Tá 90% den chroílucht féachana ag breathnú ar TG4 go seachtainiúil. Go náisiúnta, agus caithfimid breathnú go náisiúnta freisin, in Albain tá 600,000 ag breathnú ar BBC Alba.

“In Éirinn tá thart ar 600,000 ag breathnú ar TG4. B’fhéidir, in Éirinn, gur cheart go mbeadh an doras i dtreo na Gaeilge oscailte níos mó ná mar atá an doras i dtreo na Gàidhlig in Albain,” a dúirt sé.

Dúirt sé go bhfuil sé soiléir go bhfuil cláracha cúrsaí reatha agus nuachta TG4 “an-tábhachtach do dhaoine a labhraíonn Gaeilge” ach nach cláracha tábhachtacha iad do dhaoine gan Ghaeilge. Tá “idirdhealú” le déanamh, a dúirt sé, idir an t-eolas faoi nósanna féachana a fhaigheann TG4 ó Fios Físe agus na rátaí lucht féachana náisiúnta.

“Tá lucht labhartha na Gaeilge ag cuardach rudaí difriúla ó TG4 seachas na daoine nach bhfuil Gaeilge chomh maith sin acu nó nach bhfuil Gaeilge acu ar chor ar bith. Caithfimid freastal air sin.

“Tá daoine le Gaeilge ag cuardach nuacht, drámaíocht agus siamsaíocht. Tá daoine gan Ghaeilge ag cuardach spórt, ceol agus faisnéis náisiúnta,” a dúirt sé.

Dúirt sé gur cheap sé go mbeadh cúrsaí airgid níos fearr i TG4 nuair a tháinig sé ó Albain ach go gcaithfí cúrsaí a eagrú “chomh maith agus is féidir”.

“Caithfimid díriú isteach ar an gcroílucht féachana agus caithfimid níos mó den phobal náisiúnta a mhealladh…caithfimid an dá rud a dhéanamh. D’éirigh linn, in Albain, freastal ar an gcroílucht féachana, agus d’éirigh linn 600,000 míle duine gan Gàidhlig a mhealladh agus tá sé sin an-tábhachtach d’fhorbairt na Gàidhlig in Albain,” a dúirt sé.

Tarraingíodh ceist na bhfotheideal Béarla anuas le linn an chláir freisin. Sular cuireadh an tArd-Stiúrthóir nua faoin agallamh, cheistigh iarUachtarán Chonradh na Gaeilge, Íte Ní Chionnaith, an polasaí atá ag an stáisiún i leith na bhfotheideal.

Dúirt Esslemont, go bhfuil “an teicneolaíocht ann” fotheidil roghnacha a chur ar fáil ar an stáisiún Gaeilge ach go gcaithfí féachaint ar an mbealach is fearr le freastal ar an “dá phobal”.

Nuair a d’fhiafraigh Páidí Ó Lionáird de arbh “cinneadh ardbhainistíochta é na fotheidil a fhágáil mar atá siad”, dúirt Esslemont go mb’fhéidir go mbeadh cás ann gan fotheidil a bheith ar chláir a bheadh dírithe ar “chroílucht féachana” an stáisiúin agus cás eile ann do chláracha le fotheidil a bheadh dírithe ar lucht féachana “náisiúnta”.

“Má tá muid ag déanamh cláracha nuachta, cuir i gcás, le haghaidh an chroílucht féachana, cén fáth a gcuirfeadh muid fotheidil orthu? Má tá muid ag déanamh drámaíochta, cur i gcás, le haghaidh an chroílucht féachana, cén fáth a mbeadh fotheidil ar an scáileán? D’fhéadfadh muid iad a chur i bhfolach.

“Ach má tá muid ag déanamh cláracha faisnéise le haghaidh lucht féachana náisiúnta ar bheagán Gaeilge, b’fhéidir gur ceart go mbeadh fotheidil ann,” a dúirt sé.

Dúirt sé go gcaithfí freastal ar an dá phobal – na cainteoirí líofa Gaeilge nach dteastaíonn fotheidil uathu agus na daoine nach mbeadh in ann teacht ar chláracha TG4 gan na fotheidil chéanna.