Dhá chumann ag iomramh ó Chloich Chionnaola go Gaoth Dobhair ar mhaithe le ‘Bus na hAilse’

Tá an turas á dhéanamh ar bhonn bliantúil ag an cumann Ghaoth Dobhair ar mhaithe le heagrais charthanachta éagsúla sa cheantar ó bunaíodh é deich mbliana ó shin agus tá na mílte euro bailithe acu i gcaitheamh na mblianta sin

Dhá chumann ag iomramh ó Chloich Chionnaola go Gaoth Dobhair ar mhaithe le ‘Bus na hAilse’

Beidh Cumann na gCurach i nGaoth Dobhair ag déanamh turas iomartha 15km ó Mhachaire Rabhartaigh go Machaire Gathlán ar mhaithe le ‘bus na hailse’ a thugann othair ó Thír Chonaill go hospidéal na Gaillimhe le cóir leighis a fháil.

Fágfaidh na curacha an ché i gCloich Chionnaola ag 2 a chlog Dé Luain an 7 Lúnasa agus déanfaidh siad a mbealach ó dheas go Gaoth Dobhair.

Tá an turas á dhéanamh ar bhonn bliantúil ag an gcumann ar mhaithe le heagrais charthanachta éagsúla sa cheantar ó cuireadh an cumann ar bun deich mbliana ó shin agus tá na mílte euro bailithe acu i gcaitheamh na mblianta sin.

Beidh curacha ó Chumann Rámhaíochta Chloich Chionnaola ag glacadh páirt i dturas na bliana seo agus súil ag an dá chumann go leor airgid a chruinniú don Bhus.

Dúirt urlabhraí de chuid an chumainn gurbh é an clár faisnéise Turas na hAisle a craoladh ar TG4 níos luaithe i mbliana a spreag iad le tacaíocht a thabhairt don bhus a thugann othair, saor in aisce, ó áiteanna éagsúla i dTír Chonaill go Gaillimh mar a bhfuil seirbhísí ailse ar fáil nach bhfuil ar fáil in Otharlann Leitir Ceanainn.

“Beidh an turas idir Machaire Rabhartaigh go Machaire Gathlán deacair ar an 7 Lúnasa ach smaoinígí ar an turas deacair a bhíonn ar othair ailse Thír Chonaill agus tugaigí an oiread agus is féidir libh don tseirbhís iontach seo. Go raibh maith agaibh,” a dúirt duine den lucht eagraithe.

Tá cártaí urraíochta ar fáil i siopaí agus gnólachtaí eile na háite, is féidir airgead a thabhairt do bhaill an dá chumann, nó is féidir airgead a dheonú ar an leathanach Go Fund Me atá oscailte ag Cumann na gCurach, Gaoth Dobhair. Tá súil ag an gcumann ar a laghad €1,000 a bhailiú.