Dhá bhliain is an lá inniu a ghlac Marty Walsh an mhóid mar mhéara ar Bhoston…Conas atá ag éirí leis?

Tá leath dá chéad téarma caite ag Méara Bhoston Marty Walsh, arb as Gaeltacht Chonamara a mhuintir, agus is trom an sparán atá aige don chéad thoghchán eile

Marty_Walsh

Dhá bhliain is an lá inniu a ghlac Marty Walsh, arb as Gaeltacht Chonamara a mhuintir, an mhóid mar mhéara ar chathair Bhostúin sna Stáit Aontaithe; tá leath dá chéad téarma curtha isteach aige anois. Beidh muintir Chonamara agus lucht tacaíochta an mhéara ag súil go mbeidh lá mór eile aige dhá bhliain ón lá inniu agus go mbeidh téarma eile aige mar mhéara ar cheann de chathracha móra Mheiriceá. 

Níl an méara ag luí ar na maidí: go deimhin chuirfeadh an lear airgid atá ag dul isteach i gciste toghchánaíochta Marty Walsh scéin i nduine ar bith a bheadh ag cuimhneamh ar a dhúshlán a thabhairt i dtoghchán mhí na Samhna, 2017.   

Anuraidh, d’éirigh leis an Méara Walsh níos mó airgid a thiomsú in imeacht aon bhliain amháin ná méara ar bith a chuaigh roimhe i mBostún.   Cuireadh beagnach $1.8 milliún isteach i gciste toghcháin Walsh i 2015 agus b’shin beagnach $200,000 níos mó ná an méid a tiomsaíodh an bhliain roimhe sin.  Beagnach $2.2 milliún san iomlán  a bhí i gciste toghcháin Marty Walsh in 2015.  Creideann dream an eolais i mBostún go mbeadh sé fíor-dheacair ag duine ar bith dul in éadan Walsh má éiríonn leis idir €4 mhilliún agus €5 mhilliún a bhailiú faoi 2017.

Ach cé go bhfuil ciste láidir airgid riachtanach le dul i bhfeidhm ag leibhéal chomh hard seo i gcúrsaí polaitíochta Mheiriceá, ní bheidh Marty Walsh ag brath go hiomlán air sin.  Glactar leis go forleathan go bhfuil ag éirí go maith leis agus tá ráta tacaíochta thart ar 70% aige de réir pobalbhreitheanna.  Ba dhóigh leat go bhfuil fear Chonamara ina eiseamláir más fíor don chur síos a rinne an tUachtarán Obama ar phost an mhéara nuair a chas sé leis na méaraí nua-thofa i 2014. Bhí Marty Walsh ina measc siúd a bhí i gcomhluadar Obama sa Teach Bán an lá sin. Dúirt an tUachtarán go mbíonn dualgais fíor-phraiticiúla ar mhéara; go deimhin, a dúirt Obama, is minic nach mbíonn sé de thriail ag méara a bheith ag bacadh le fealsúnachtaí éagsúla polaitiúla mar go mbíonn cruóg i ndiaidh cruóige air chuile lá den tseachtain.  Mar shampla, thit an lear sneachta ba mhó dá bhfacthas le cuimhne na ndaoine i mBostún an chéad bhliain a raibh Marty Walsh i bhfeighil na cathrach.

Tháinig naoi dtroithe sneachta anuas ar chathair Bhostúin in imeacht cúpla seachtain i ndeireadh 2014 agus i dtús 2015. Ba í an titim sneachta ba mheasa ó tosaíodh ar chuntas a choinneáil ar a leithéid i mBostún in 1890.  B’éigean do shiopaí, scoileanna agus láithreacha oibre a dhúnadh ar feadh roinnt laethanta agus b’éigean don mhéara cabhair a lorg ó lucht innealra i bhfad agus i ngearr.  Thairg cuid mhaith de lucht tógála cabhair ar an bpointe, rud a thugann léargas ar an gceangal a bhí ag an méara leis an gcineál sin oibre agus leis na ceardchumainn. 

Ní fhéadfaí a theacht as an gcineál sin cruacháis  gan gearán a chloisteáil anonn agus anall, ach, den chuid is mó, glacadh leis go ndearna an méara a ghnó go maith.  Ar ndóigh, bhí costas le láimhsiú – agus tá cuid den chostas sin le láimhsiú fós. Bhí $18.5 milliún curtha i dtaisce le haghaidh obair ghlantacháin sneachta i gcathair Bhostúin an geimhreadh seo caite, ach tá an bille iomlán níos gaire do $40 milliún. Caithfear an t-airgead sin a fháil ar ais ar chaoi éigean, ceann eile den mhíle dualgas ar Mhéara Bhostúin.

Bhí conspóid na gCluichí Oilimpeacha ar cheann de na himeachtaí ba dheacra a bhí le láimhsiú ag an Méara Walsh sa gcéad leath dá théarma. 

Chuaigh an méara go California chun tacú le hiarracht choiste Bhostúin agus d’éirigh leo an bua a fháil nuair a ainmníodh Bostún mar rogha Mheiriceá do Chluichí Oilimpeacha na bliana 2024. Ach, ní raibh an fháilte chomh mór is a cheapfá i mBostún agus tháinig coiste eile ar an bhfód a bhí glan i gcoinne na gCluichí. Bhain an méara sclamh astu áfach: ‘Ten people on Twitter,’ a thug sé orthu.

Ach d’éirigh an cás ní ba chonspóidí. Sa deireadh, d’fhógair an méara nach gcuirfeadh coiste Bhostúin an t-iarratas ar aghaidh. Meastar gur rogha stuama a bhí ann an t-iarratas a tharraingt siar agus nach ndearna an t-achrann aon dochar dó.

Go deimhin, tá na nuachtáin agus na meáin i mBostún ceanúil ar an méara den chuid is mó. “Bíonn caint ar mhí na meala don mhéara nuair a thosaíonn sé amach,” a deir Seosamh Ó Maolchiaráin ar leis Teach Ósta an Goalpost in Quincy ar imeall Bhostúin, “ach tá an mhí seo ag maireachtáil tamall an-fhada. Chaithfeadh sé go bhfuil an-ómós don mhéara ar fud na háite.”

Ar ndóigh, bíonn caint ann anois agus arís faoina bhfuil i ndán do Mharty Walsh sa bpolaitíocht amach anseo. Neartaigh an chaint seo ó rinne Hillary Clinton go leor teanntáis air le scaitheamh agus tá an méara ag tacú léi go láidir anois. An mbeadh post do Mharty Walsh faoi réimeas uachtaránachta Hillary Clinton?

Fear praiticiúil é Marty Walsh. Is féidir a bheith cinnte go gciúnódh sé i mbeagán focal caint ar bith faoi phost in Washington. Tá a chompás dírithe ar dhá rud anois agus é leath bealaigh trína théarma mar mhéara ar Bhostún – jab maith a dhéanamh agus an jab sin a fháil ar ais dhá bhliain ón lá inniu. Tá an ciste toghcháin aige freisin agus, mar a tharlaíonn sé, tá Bostún féin dúisithe ón mbuille a fuair geilleagar Mheiriceá roinnt blianta ó shin.

Fág freagra ar 'Dhá bhliain is an lá inniu a ghlac Marty Walsh an mhóid mar mhéara ar Bhoston…Conas atá ag éirí leis?'