D’fhéadfaí slad a dhéanamh ar Chorcaigh anocht…

Cén fáth go bhfuil Corcaigh chomh mór sin in isle brí, agus cé a bhuafaidh ar Lá Fhéile Pádraig?

Mark Ellis in ísle brí i ndiaidh an chluiche in aghaidh Bhaile Átha Cliath. INPHO/Ryan Byrne
Mark Ellis in ísle brí i ndiaidh an chluiche in aghaidh Bhaile Átha Cliath. INPHO/Ryan Byrne

Leanfaidh an tSraith iomána ar aghaidh an deireadh seachtaine seo le babhta tábhachtach eile cluichí. 

D’fhéadfaí slad a dhéanamh ar Chorcaigh anocht i bPáirc Uí Rinn nuair a thiocfaidh Cill Chainnigh ar cuairt.

Ní raibh plean, spiorad ná fuinneamh ag Corcaigh sa cheanncheathrú an Satharn seo caite agus ba bheag fonn oibre a bhí orthu. Níl aon leithscéal ann do thaispeántas dá leithéid. Ní fhaca mé a leithéid de dhrochthaispeántas uathu le fada agus tá cuid mhaith drochthaispeántais tugtha uathu acu le cúpla bliain anuas.

Ach ar an Satharn bhí sé deacair aon rud dearfach a rá faoin taispeántas a thug siad seachas moladh a thabhairt don ionadaí óg Steven Murphy a bhí an-fheiceálach nuair a tháinig sé isteach ag tosach an dara leath.

Bhíos i bPáirc an Chrócaigh ar an Satharn agus bhí daoine um cheistiú faoi chúrsaí iomána i gCorcaigh agus na fáthanna go bhfuilimid in ísle brí i láthair na huaire .

An fáth is mó i mo thuairimse ná nach bhfuil aon rud buaite faoi aois le tamall fada anois againn.

Níl aon duine ar an bpainéal sinsear anois go bhfuil bonn náisiúnta  mionúir nó faoi fiche a haon buaite acu. Níl taithí acu ar bheith ag buachtaint.

Tá meas agam ar an mbainisteoir Kieran Kingston agus a chuid roghnóirí agus cloisim go bhfuil siad ag feidhmiú go proifisiúnta agus go bhfuil meas ag na himreoirí ar an méid atá á dhéanamh acu. Ach níl a chruthánas sin le feiceáil sna cluichí féin agus níl toradh sásúil ar a saothar. An é nach bhfuil caighdeán na n-imreoirí ard go leor? Nó an é nach bhfuil na roghnóirí ag piocadh na n-imreoirí is fearr sa chontae?

Ní dóigh liom go bhfuil mórán imreoirí eile fágtha sa chontae nach bhfuil deis faighte acu le cúpla bliain anuas. 

Ar shlí amháin nó ar shlí eile, lig bord an chontae cúrsaí iomána faoi aois le sruth le tamall de bhlianta. Tá a thoradh sin le feiceáil go soiléir faoi láthair.

Ag druidim le deireadh na seachtaine seo chugainn  beidh cluiche thar a bheith tábhachtach ar siúl i bPáirc an Chrócaigh. Tá craobhacha sinsear na gclub á n-imirt le tamall anois ar Lá Fhéile Pádraig ach dar ndóigh ní mar sin a bhíodh sé i gcónaí. Ar feadh tamall fada ba é  Corn an Bhóthair Iarainn a mheall na sluaite chuig ár gcluichí náisiúnta ar an lá Gaelach seo . Ach tá an ré sin thart agus tá an carn bonn (18 ar fad) atá Christy Ring ina churiarracht dhochreidte.

I mbliana bronnfar corn na gclubanna ar sheaimpíní nua. Ó bhuaigh Na Piarsaigh craobh Luimnigh tá siad ar an ngearrliosta againn. Anois tá siad ar bharr an liosta sin. Tá sé deacair a chreidiúint nár bhuaigh aon club as Luimneach an chraobh seo cheana.

Tháinig an fhoireann a bheidh rompu Lá Fhéile Pádraig, Ruairí Óg, Bun Abhann Dalla, aniar aduaidh orainn go léir sa chluiche leath cheannais nuair a chuireadar buaiteoirí na Gaillimhe Na Sáirséalaigh go tóin poill le taispeántas tomhaiste, muiníneach, mórálach. Bhíodar thar barr an lá sin. Faraor ní thugann na geallghlacadóirí mórán seans d’fhoireann an tuaiscirt. Ag féachaint air go fuarchúiseach bheinn ag aontú leo.

Tá iománaithe ildánacha, tréitheacha ar fud na páirce ag foireann Luimnigh.Tá dornán tosaithe cruinn ábalta acu. Má éiríonn le tosaithe amhail Shane Dowling, Kevin Downes, David Breen, Peter Casey agus Alan Dempsey a bheith i lár an aonaigh go luath sa chluiche seo d’fhéadfaidís slad a dhéanamh.  Ní léir dom go mbeidh aon toradh eile ar an gcluiche seo.

Fág freagra ar 'D’fhéadfaí slad a dhéanamh ar Chorcaigh anocht…'