‘D’fhéadfadh roinnt scoileanna a d’imeodh ón Eaglais iompú ar an nGaeilge freisin’ – Bruton

Feictear don Aire Oideachais Richard Bruton go mbeidh roinnt scoileanna sainchreidmheacha a roghnóidh imeacht ón múnla sin ag iarraidh iompú ina scoileanna Gaeilge chomh maith

‘D’fhéadfadh roinnt scoileanna a d’imeodh ón Eaglais iompú ar an nGaeilge freisin’ – Bruton

Richard Bruton. Pictiúr: :Leah Farrell/RollingNews.ie

Tá ráite ag an Aire Oideachais Richard Bruton go bhfeictear dó go mbeidh roinnt scoileanna a bheidh ag iarraidh a gceangal leis an Eaglais Chaitliceach a bhriseadh, ag iarraidh imeacht freisin ón teagasc trí Bhéarla go dtí an teagasc trí Ghaeilge.

Thug an tAire Bruton le fios nach bhfuil aon tacaíocht ná treoirlínte ar leith ar fáil faoi láthair do scoileanna a bheadh ag iarraidh iompú ina scoileanna lán-Ghaeilge, ach go samhlaítear dó go mbeidh scoileanna áirithe ag iarraidh déanamh amhlaidh.

Bhí an tAire ag tagairt do na scoileanna a ghlacfaidh páirt sa phróiseas a bhunaigh sé i mbliana chun cur le líon na scoileanna ilchreidmheacha agus neamh-shainchreidmheacha sa stát.

“The new plans are designed to provide additional multidenominational schools in either of the nation’s languages, Irish or English and I envisage that the possibility of some English medium schools seeking to make a transition to Irish medium may occur in that context,” a dúirt an tAire Bruton agus freagra á thabhairt aige ar cheist Dála ó Pheadar Tóibín, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin.

D’fhiafraigh Tóibín den Aire an raibh aon staidéar déanta ag a Roinn faoi aonad tacaíochta a bhunú do scoileanna a bheadh ag iarraidh iompú ina scoileanna lán-Ghaeilge.

Thug an tAire le fios nach raibh aon phrótacal ná treoirlínte leagtha síos ag an Roinn do scoileanna a bheadh ag iarraidh a leithéid d’athrú a dhéanamh. Dúirt an tAire go bhféachfaí ar cheist na scoileanna Béarla a bheadh ag iarraidh iompú ar an teagasc trí Ghaeilge i gcomhthéacs an phróisis atá ar bun maidir le cur le líon na scoileanna ilchreidmheacha. Is nuair a bheadh an cur chuige agus na socruithe maidir leis an bpróiseas sin curtha in áit a d’fhéachfaí ar cheist na scoileanna a bheadh ag iarraidh iompú ina scoileanna lán-Ghaeilge, a dúirt an tAire Oideachais.

Fág freagra ar '‘D’fhéadfadh roinnt scoileanna a d’imeodh ón Eaglais iompú ar an nGaeilge freisin’ – Bruton'