D’fhéadfadh go raibh Gardaí ag déanamh áibhéile d’aon ghnó i dtaobh tástálacha anála – Coimisinéir na nGardaí

Thug an Coimisinéir le fios gur baolach go bhfuil níos mó ná cúrsaí tráchta i gceist leis an scannal is déanaí san fhórsa, ach dúirt sí nach raibh a fhios aici cén mí-iompar eile a d’fhéadfadh a bheith i gceist

D’fhéadfadh go raibh Gardaí ag déanamh áibhéile d’aon ghnó i dtaobh tástálacha anála – Coimisinéir na nGardaí

D’fhéadfadh gur thuairiscigh Gardaí figiúirí míchruinne d’aon ghnó maidir le tástálacha anála nár deineadh in aon chor, a dúirt Coimisinéir an Gharda Síochána, Nóirín O’Sullivan, ar maidin.

Dúirt an Coimisinéir le Coiste Dlí agus Cirt an Oireachtais go bhféadfadh go bhfaigheadh an Coimisinéir Cúnta Michael O’Sullivan amach go raibh Gardaí ag déanamh áibhéile d’aon ghnó trí fhigiúirí a chur sa chóras nach raibh cruinn. Tá an Coimisinéir Cúnta O’Sullivan i mbun fiosrúcháin faoin gconspóid is déanaí san fhórsa.

Tháinig sé chun solais an tseachtain seo caite gur dhein an Garda Síochána nach mór milliún tástáil anála níos lú ná mar a mhaígh siad idir 2012-2016 agus gur ciontaíodh nach mór 15,000 duine san éagóir faoin gcóras pointí pionóis.

Thug an Coimisinéir le fios gur baolach go bhfuil an fhadhb maidir le brionnú tuairiscí sa Gharda Síochána níos forleithne ná mar a shíltear agus go bhfuil níos mó ná cúrsaí tráchta i gceist leis an scannal is déanaí san fhórsa.

Dúirt sí, áfach, nach raibh a fhios aici cén mí-iompar eile a d’fhéadfadh a bheith i gceist.

Dúirt O’Sullivan gur “dearmad mór” a bhí ann gan Údarás na bPóilíní a chur ar an eolas faoi na tuairiscí falsaithe.

Ghabh an Coimisinéir leithscéal thar ceann an fhórsa as na “botúin thromchúiseacha agus an mí-iompar” i dtaobh na dtuairiscí falsaithe agus dúirt sí gur “teip” eagraíochta a bhí i gceist.

Thug an Coimisinéir Cúnta John Twomey le fios gur tháinig ceist na faisnéise míchruinne chun cinn i mí na Samhna 2015.

Fág freagra ar 'D’fhéadfadh go raibh Gardaí ag déanamh áibhéile d’aon ghnó i dtaobh tástálacha anála – Coimisinéir na nGardaí'