D’fhéadfadh go dtabharfaí comhlachtaí príobháideacha faoi scáth reachtaíocht teanga na Breataine Bige

Ní thagann comhlachtaí san earnáil phríobháideach faoi scáth na reachtaíochta teanga sa Bhreatain Bheag faoi láthair ach tá tacaíocht léirithe ag Aire na Breatnaise dá leithéid

D’fhéadfadh go dtabharfaí comhlachtaí príobháideacha faoi scáth reachtaíocht teanga na Breataine Bige

Alun Davies, Aire na Breatnaise

D’fhéadfadh go dtiocfadh comhlachtaí príobháideacha sa Bhreatain Bheag faoi scáth na reachtaíochta teanga sa tír sin, rud a d’fhágfadh go mbeadh orthu seirbhísí áirithe a chur ar fáil i mBreatnais.

Pléifear sa Senedd inniu sprioc Rialtas na Breataine Bige go mbeidh milliún cainteoirí Breatnaise sa Bhreatain Bheag faoin mbliain 2050. Tuairiscítear go bhfuil an tAire Breatnaise Alun Davies den tuairim gur cheart go mbainfeadh an reachtaíocht teanga le comhlachtaí príobháideacha chomh maith le comhlachtaí poiblí.

Tugadh caighdeáin nua isteach le deireanas a leagann amach riachtanais teanga do chomhlachtaí bus, traenach, fuinnimh agus uisce, agus tá comhairlí contae agus eagraíochtaí eile stáit faoi scáth na reachtaíochta cheana féin.

Tá conspóid ann maidir le comhlachtaí príobháideacha a chur faoin reachtaíocht, áfach, mar gheall ar an gcostas agus an chastacht a bhainfeadh lena leithéid de bheart.

Tá an eagraíocht teanga Cymdeithas yr Iaith Gymraeg ag moladh go mbeadh dualgais teanga ar ollmhargaí, bhancanna agus chomhlachtaí eile, faoi mar atá ar na comhlachtaí poiblí.

Dúirt urlabhraí ó Cymdeithas yr Iaith Gymraeg leis an BBC gur léirigh an tAire Davies tacaíocht dá leithéid ag cruinniú a bhí ag an eagraíocht leis níos túisce i mbliana.

Tá an reachtaíocht teanga le leasú go luath agus tá sé i gceist ag Rialtas na Breataine Bige an reachtaíocht leasaithe a fhoilsiú faoi dheireadh na míosa seo.

Tagann comhlachtaí príobháideacha faoi scáth na reachtaíochta teanga i ndlínsí eile sa domhan a bhfuil níos mó ná teanga oifigiúil amháin iontu, i gCeanada mar shampla. Bíonn ar lucht déanta táirgí bia agus earraí eile eolas faoin táirge a chur ar lipéid i mBéarla agus i bhFraincis.

Tá Plaid Cymru ag iarraidh go gcuirfí leis na dualgais atá ann faoin reachtaíocht teanga sa Bhreatain Bheag chomh maith le breis cumhachtaí a thabhairt do Choimisinéir Teanga na Breataine Bige.

Ní thagann comhlachtaí príobháideacha faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla in Éirinn agus tá roinnt mhaith comhlachtaí poiblí nach bhfuil ar sceideal an Achta toisc nach ndearnadh uasdátú ar an sceideal sin ó bhí 2006 ann.

Dúirt an Coimisinéir Teanga ina thuarascáil bhliantúil i mbliana go ndéanann sé teagmháil corruair le comhlachtaí nach dtagann faoi scáth an Achta agus gur minic a léiríonn na comhlachtaí sin dea-thoil i leith na teanga. 

Fág freagra ar 'D’fhéadfadh go dtabharfaí comhlachtaí príobháideacha faoi scáth reachtaíocht teanga na Breataine Bige'