D’fhéadfadh comhlacht Gaeltachta a bheith thíos le haighneas Bombardier i mBéal Feirste

Bhuaigh EireComposites, atá lonnaithe sa Choill Rua in Indreabhán i gCois Fharraige, conradh €2 milliún beagnach deich mbliana ó shin chun páirteanna eitleáin a sholáthar do Bombardier i mBéal Feirste

D’fhéadfadh comhlacht Gaeltachta a bheith thíos le haighneas Bombardier i mBéal Feirste

D’fhéadfadh go mbeadh comhlacht atá lonnaithe i nGaeltacht na Gaillimhe thíos leis an aighneas trádála atá ann idir an Bhreatain agus Stáit Aontaithe Mheiriceá faoin gcomhlacht Bombardier, atá lonnaithe i mBéal Feirste.

Bhuaigh EireComposites, atá lonnaithe sa Choill Rua in Indreabhán i gCois Fharraige, conradh €2 milliún beagnach deich mbliana ó shin chun páirteanna eitleáin a sholáthar do mhonarcha Bombardier i mBéal Feirste.

Tuairiscítear ar The Irish Independent inniu go bhfuil Bombardier ag brath go mór ar chomhlachtaí ó dheas, EireComposites ina measc, agus go bhféadfadh na comhlachtaí sin a bheith thíos leis an aighneas trádála.

Tá cúig mhonarcha ag Bombardier i mBéal Feirste agus os cionn 4,000 duine fostaithe iontu. Tá aighneas ann faoi cháin nua atá Stáit Aontaithe Mheiriceá a ghearradh ar an gcomhlacht i ndiaidh don chomhlacht Boeing gearán a dhéanamh le rialtas Mheiriceá.

In ainneoin na tuairimíochta go bhféadfadh impleachtaí a bheith ann do chlianchomhlachtaí Bombardier, tuigtear do Tuairisc.ie nach bhfuil bainistíocht EireComposiste róbhuartha faoi, cé go mbeidh siad ag coinneáil súil ghéar ar an scéal.

Dúirt duine amháin sa chomhlacht le Tuairisc.ie go bhfeictear dó nach bhfuil  sa scéal ach “mórán cainte ar bheagán cúise”.

Fág freagra ar 'D’fhéadfadh comhlacht Gaeltachta a bheith thíos le haighneas Bombardier i mBéal Feirste'