D’fhág Shimon Peres (1923-2016) rian buan ar stair chomhaimseartha an Mheán-Oirthir

Nuair a chuirtear é i gcré ar an Aoine, beidh buanstádas ag Shimon Peres i measc a mhuintire a bheidh níos airde, b'fhéidir, ná mar a bhí riamh lena bheo

D’fhág Shimon Peres (1923-2016) rian buan ar stair chomhaimseartha an Mheán-Oirthir

Sarar éirigh Shimon Peres as Uachtaránacht Iosrael dhá bhliain ó shin, bhí sé ar an státaire reatha ba shine ar domhan, agus é ag tarraingt ar 91 bliain d’aois.

Ní raibh ansin, áfach, ach an ról ba dhéanaí aige i gcaitheamh saol fada a bhí caite aige i seirbhís a thíre is a shinsearthachta.

Ainneoin a raibh de bhuairt is de chásamh aige i rith an tsaoil sin, saol a bhain caidreamh a mhná de as a dheireadh, bhí sé gealgháireach os comhair an phobail de ghnáth, agus b’annamh meangadh i bhfad óna bhéal – rud nach bhfuil róchoitianta, feictear dom, go háirithe ina meascsan a thugann tacaíocht d’fhealsúnacht na heite clé.

Tá an dá thuairim faoi i measc phobal an réigiúin: an treoraí láidir a thacaigh le cosaint shocair dá mhuintir, agus an fear síochána a bhí i dtólamh ar lorg an tsocraithe idir a mhuintir féin agus na Palaistínigh.  Ach ba é an dá mhar a chéile an dá sprioc sin aigesean, óir ní raibh, dar leis, rud ar bith is mó a thacódh le cosaint Iosrael ná síocháin bhuan a dhéanamh leis na daoine eile ar den dúthaigh chéanna iad.

Rugadh sa Pholainn é, i mbaile Wiszniewo atá anois sa Bhealarúis. Ba de chlann ghustalach nach raibh róshuim acu i gcreideamh na nGiúdach é. Bhí tionchar mór, áfach, ag a sheanathair air. Raibí aithnidiúil ar an mbaile ab ea an seanathair agus d’fhás an garsún ina cheartchreidmheach sách cráifeach.

Nuair a bhí naoi mbliana ag Szymon, thug a athair aghaidh ar Tel Aviv, baile nua a bhí ag fás, gar do Jaffa ar chósta na Meánmhara sa Phalaistín agus lean a chlann é dhá bhliain ina dhiaidh sin.

Dá bhrí sin, bhí stádas ag Peres a sheasfadh dó ina dhiaidh sin. Cé nach bhféadfadh sé a mhaíomh go mba ‘Sabra’ é – sin Iosraelach a saolaíodh sa Phalaistín roimh bhreith an náisiúin – bhí an scéal céanna aige is a bhí ag inimircigh eile Iosrael sa mhéid gur maraíodh a raibh fágtha dá chlann nuair a tháinig na Naitsigh chun na Polainne.

Le linn chogadh na saoirse in 1948, bhí sé ina bhall den Haganah, ach ról sa chúlra a bhí aige, é ag lorg agus ag soláthar airm, i measc rudaí eile. Bhí tacaíocht an cheannaire David Ben-Gurion aige sa chúram sin ach chuaigh a ról le linn na tréimhse seo ina choinne lá i bhfad níos faide anonn mar nach raibh an cúlra cogaíochta céanna aige is a bhí ag ceannairí eile ar nós Yitzhak Rabin.

Ainneoin sin, d’éirigh go maith leis sa pholaitíocht, agus bhí sé ina theachta sa Knesset ó 1959 ar feadh beagnach leathchéad bliain.  Ach faoin am sin bhí tamall maith caite aige sa Roinn Cosanta, agus taithí aige ar obair thaidhleoireachta agus é ina leasPhríomh-Stiúrthóir agus ina Phríomh-Stiúrthóir ann.

Bhí sé rannpháirteach i bpleanáil an ionsaí idirnáisiúnta ar Suez i 1956, leis an bhFrainc agus an Bhreatain, eachtra a raibh dearcadh i bhfad níos dearfa ag muintir Iosrael uirthi ná mar a bhí thar lear. Deirtear go raibh sé lárnach le linn na tréimhse céanna sa pholasaí agus sna gníomhartha a bhí ar bun ar mhaithe le hairm adamhacha a chur ar fáil don tír.

Fuarthas tacaíocht ón bhFrainc le stáisiún cumhachta núicléach a thógáil gar do Dimona, baile nua ar imeall tuaisceartach fhásach Negev, sna 1950dí, agus deirtear gur thástáil fórsaí cosanta Iosrael, an IDF, diúracán adamhach sa bhfásach mí na Nollag 1966.

Faoin am sin, áfach, bhí Peres ina theachta sa Knesset (toghadh ar dtús é i 1959), stádas a bhí aige go leanúnach ar feadh nach mór leathchéad bliain.  Leis an Lucht Oibre a bhí sé ó thús, agus meastar go raibh a chroí ann, cé go bhfuiltear ann a deir gur ar mhaithe leis féin go príomha a bhí sé i gcaitheamh an ama.

Ceapadh ina leasAire Cosanta (aire sóisearach) ar dhul sa Knesset dó, agus bhí an post sin aige ar feadh nach mór sé bliana. In imeacht na mblianta, cé gur le cúrsaí cosanta nó le gnóthaí eachtracha is mó a luaitear é, bhí baint aige le nach mór gach gné den rialtas: cúrsaí talmhaíochta, airgeadais, iompair, cumarsáide, gnóthaí baile, inimirce, forbartha agus a thuilleadh.

Deir lucht a cháinte go raibh coir chogaidh i gceist leis an ionsaí a cheadaigh sé in 1996 ar Qana sa Liobáin, mar fhreagra ar fheachtas diúracán de chuid Hezbollah (maraíodh os cionn céad agus goineadh saighdiúirí de chuid UNIFIL as Fidsí).

Ba chomhghleacaithe buana é féin agus Yitzhak Rabin agus ba chéilithe comhraic chomh maith iad.  In 1977, agus feachtas toghcháin ar bun, b’éigean do Rabin éirí as ceannasaíocht an pháirtí de bharr scannal airgeadais, cé go raibh sé fós ina Phríomh-Aire a bhuíochas le ciúta áirithe sa Bhunreacht a d’fhág nach bhféadfadh sé éirí as! 

Ní bheadh sé cuí, áfach, go bhfeicfí  Rabin ag feidhmiú amhlaidh, agus nuair a tháinig Peres i gcomharbacht air mar cheannaire ar an bpáirtí, chuaigh sé i mbun oibre mar Phríomh-Aire neamhoifigiúil sealadach chomh maith.

Ach níor cheannaire a bhí go maith i mbun toghchánaíochta é.  Ar chuma éigin, níor thug sé leis gean an phobail, agus i ndiaidh thoghchán sin 1977, theip cúig huaire ar a iarrachtaí a bheith ina phríomh-aire. Nuair a d’éirigh leis den chéad uair post an Phríomh-Aire a fháil go hoifigiúil, ba de thoradh ar shocrú idir an Lucht Oibre agus Likud Yitzhak Shamir é. Rinne sé féin agus Shamir uainíocht dhá bhliana ar a chéile.

Tháinig sé ina chomharba arís ar a shean-chomhghleacaí Rabin nuair a feallmharaíodh eisean in Tel Aviv.  Agus ainneoin gur ceapadh coitianta go mba leor an rabharta comhbhróin i measc an phobail don Lucht Oibre chun an toghchán a lean a bhaint, theip ar Peres dóthain buntáiste a bhaint as agus ba é Binyamin Netanyahu as Likud a chuaigh i mbun rialtais.

Bhí dlúthbhaint i gcónaí idir scéal Peres agus Rabin sa pholaitíocht agus ba thráthúil, agus ba mhaith an mhaise orthu beirt é, nuair a cinneadh ar dhuais Nobel na Síochána a bhronnadh orthu, duais a roinn siad le Yasser Arafat. Bronnadh an duais orthu as a ról lárnach sa phróiseas síochána a lean socruithe Osló 1993 agus 1995 nuair a theip ar Chomhdháil Madrid i ndiaidh Chogadh na Murascaille i 1991.

Is dealraitheach gur mhéadaigh ar mheas an phobail ar Peres le blianta beaga anuas, agus é ina Uachtarán.  Níor bheag leo nár theagmhaigh smál ar bith d’aon scannal pearsanta leis (go háirithe b’fhéidir agus Ehud Olmert, iarPhríomh-Aire eile, sa nuacht arís agus fad curtha lena théarma príosúnachta de bharr camastaíola).

D’fhág Shimon Peres rian buan ar stair chomhaimseartha an Mheán-Oirthir, agus nuair a chuirtear é i gcré ar an Aoine, beidh buanstádas aige a bheidh níos airde i measc a mhuintire, b’fhéidir, ná a bhí riamh lena bheo.