Derry nó Londonderry? Iarracht dhaonlathach nó spochadh as aontachtaithe?

Más fíor do Shinn Féin gur pobal éirithe iad poblachtánaithe, nárbh fhearr dóibh a bheith móraigeanta agus féachaint le comhghéilleadh a dhéanamh seachas ‘Londonderry’ a chealú?

Derry2

Spochadh as aontachtaithe, cleas chun aird a lucht leanúna féin a chasadh ón drochbhail eacnamaíochta nó iarracht dhaonlathach chun ainm oifigiúil na cathrach a athrú ó Londonderry go Derry? Sin iad na príomhchúiseanna atá á lua le feachtas reatha Shinn Féin.

Tá an chonspóid seo sean agus nua. Doire a thug náisiúnaithe ar an gcathair cois Feabhail ariamh agus ba chéim mhór chun tosaigh é sna hochtóidí nuair a d’éirigh leo an ‘Londain’ a ghlanadh ón rialtas áitiúil agus Comhairle Chathair Dhoire a ghlacadh mar ainm oifigiúil. Faoin riail dhíreach ó Westminster a tharla an t-athrú.

Ba é Chris Patten, an tAire Caomhach, a rinne rud ar an SDLP ag an am. Ar éigean is gá a rá go raibh Aontachtaithe ar buile agus nár mhaitheadar do Patten ariamh é, rud a bhí soiléir nuair a thainig sé ar ais blianta ina dhiaidh mar cheannasaí ar an gCoimisiún Póilíneachta a chuir an PSNI in áit an RUC.

Tá deireadh per se anois le Comhairle Chathair Dhoire, agus foras nua bunaithe, Comhairle Chathair Dhoire agus an tSratha Báin. Theip ar iarracht a rinneadh cupla bliain ó shin chun ainm oifigiúil na cathrach a athrú: rialaigh an Ard-Chúirt gur gha athrú reachtaíochta nó cead ón Ríchomhairle i Londain.

Chuir Sinn Féin ar an gComhairle nua dlús le feachtas eile chun an t-ainm a athrú. D’eagraigh siad éileamh leasaithe ar líne ar change.org agus fuaireadar tacaíocht ó 3,000. Ritheadh rún sa chomhairle le tacaíocht na naisiúnaithe ar fad go n-iarrfaí ar an Aire Comhshaoil i Stormont déileáil leis an iarratas. Caolsheans go mbrisfí croí ar bith i Sinn Féin dá mbeadh ar an Aire, Mark Durkan an SDLP, céile comhraic as Doire, a theacht ar ais acu ag rá nach raibh sé in ann an gnó a chomhlíonadh! Nár mhór an spórt dóibh é má bhíonn toghchán ann sa Bhealtaine seo chugainn.

Derry

Níl seans dá laghad go ligfeadh na páirtithe Aontachtacha do Durkan reachtaíocht a rith i Stormont chun Londain a dhealú as ainm na cathrach. Dá n-éireodh leis a dhul níos faide ná bord an Fheidhmeannais, bhainfí leas as an veto, an achainí chásmhaireachta sa Tionól. Drochsheans go ndéanfadh an Ríchomhairle an beart ach an oiread i bhfianaise fhreasúra na n-aontachtach.

Chuir na hAontachtaithe i nDoire feachtas da gcuid fein ar siúl ar líne, ar change.org, agus fuair siadsan tacaíocht ó na milte freisin. Cá bhfios cén líon a bheas ag seasamh le chaon dream sula mbeidh deireadh leis, mar níl na héilimh teoranta do dhaoine sa chathair féin.

Ar láimh amháin, d’fhéadfaí a rá nach bhfuil ann ach píosa spraoi i séasúr na hamaidí. Ghríosaigh sé leithéidí Gregory Campbell chun mire – cor a mbaineann a lán pléisiur as. Idir sin agus an frithfheachtas ar líne, d’éirigh leis mar spochadh.

Mar sheift nó ‘stróc’ polaitiúil a léiríodh é i gcartún breá de chuid Ian Knox san Irish News. Ina chartún, taispeánadh na Críostaithe á gcaitheamh chuig na leoin chun an pobal a chiúnú agus an gadhar ciúin (an cheist faoi ainm na cathrach) á shaighdeadh chun béim a iompú ó chruachás agus imní faoi airgead.

Ta cás bailí ag náisiúnaithe nuair a deir siad gur cathair náisiúnach í Doire agus, go deimhin, gur Doire a thugann bunáite na n-aontachtach uirthi sa  ghnáthchaint. Ach is cuid de stair na cathrach é Londain a bheith san ainm oifigiúil agus céard is fiú é a chaitheamh i dtraipisí ná a cheilt? Nuair a cuireadh isteach ar an gcomórtas mar chathair chultúir na Ríochta Aontaithe, tugadh Derry/Londonderry ar an gcathair. Tá sé amscaí mar ainm ach rinne sé an gnó.

Seans nach fiú an tairbhe an trioblóid an tóir ar athrú teidil. Más fíor do Shinn Féin gur pobal éirithe iad poblachtánaithe agus náisiúnaithe, nár bhreá an mhaise dóibh a bheith móraigeanta agus féachaint le comhghéilleadh a dhéanamh seachas Londonderry a chealú?

Fág freagra ar 'Derry nó Londonderry? Iarracht dhaonlathach nó spochadh as aontachtaithe?'

  • Breathnóir

    Tá sé molta ag roinnt daoine go n-athrófaí an t-ainm oifigiúil go Derry ach go gcoinneofaí Londonderry mar ainm oifigiúil an limistéir taobh istigh de bhallaí na cathrach. Sílim go bhfuil sin cothrom go leor mar chomhréiteach.

  • sean

    Stroke City, shásódh sé sin sibh/siad/sinn?

  • Colmán

    An spochadh as aontachtaithe a bhí siad ó dheas nuair a d’athraigh siad ainm Shráid Sackville go Sráid Uí Chonaill nó nuair a d’athraigh siad ainm Kingstown go Dún Laoghaire nó ainm Queenstown go Cobh nó Queen’s County go Contae Laois agus King’s County go Uíbh Fhailí. An ag spochadh as aontachtaithe a bhí siad nó ag cur poblachta ar bun agus ag díchóilíniú na tíre?

    Dar liom go bhfuil ré na cóilíneachta ag teacht chun deiridh ó thuaidh agus ó dheas beidh Londonderry caomhnaithe i stair an bhaile ach dáiríre is tréimhse dorcha a bhí sa 400 bliain a raibh an t-ainm sin uirthi. Léagair, gorta, marú, imirce, brón, sléacht, cos ar bolg, gerrymandering sin a chuireann an t-ainm sin i gcuimhne domh.

  • Iasan Ó Riabhaigh

    Ba chóir an t-ainm Doire(Derry) a choinneáil díreach mar atá.
    Sin é an t-ainm ceart don chathair agus don chontae mar abhí sé ó thús agus sular tháinig na plandáilaithe-agus tá na hAontachtaí sa Tuaisceart ag iarraidh an t-ainm uafásach “Londonderry” a éigniú fós,chomh maith le gach rud frith-Ghaelach eile.Agus tá an t-ainm “Derry/Londonderry” i bhfad níos seafóidí,dar liomsa.

    Dá rachaimís go léir go Londain na Sasana,agus dá dtabhairfaimís an t-ainm “Derrylondon” nó “Doire-Londain” in áit “London”,ní bheadh na hAontachtaí agus muintir na mBreataine róshásta leis,nach mbeadh?

  • seán

    ‘Doire Cholmcille’ a theastaíonn uaimse. Tá brí agus bunús agus stair leis an ainm sin. Tá ár ndóthain logainmneacha brilléiseacha maslacha ar fud na tíre againn, thuaidh agus theas. Táimíd níos cloíte cóilínithe anois ná riamh, conas in ainm Dé a d’fhéadfaí seasamh leis an bhfógra ‘Welcome to Kill’ i gCo Chill Dara? An maródh sé iad ‘Fáilte go Cill’ a chur in airde go dána deiliúsach neamh-leithscéalach as GAEILGE amháin?? Nó ar gníomh ró-réabhlóideach a bheadh ann? Bheadh sé ina chúis le timpistí bóthair nó daoine a bhású b’fhéidir (welcome to kill?). Agus ba cheart GAEILGE amháin a bheith go neamhbhalbh ar chomharthaí poiblí ar fud na hÉireann faoi mar atá san Euróip trí chéile ag gach tír ina teanga náisiúnta féin.Is stampa dochloíte den gcóilíneachas iad na comharthaí sin agus cuid mhaith de na sráidainmneacha ar nós Wellington Road, Victoria Cross etc. Táimid inár staicíní áiféise ar fud an domhain ag na logainmneacha céanna. Bhíos ag éisteacht le gasra ón bhFrainc ag gáirí is ag sceatraíl faoi ‘bouchons’ na hÉireann ar an eitilt ó Pháras go……………… sea, Corcaigh!! Iad á rá nár baol do na ‘bouchons’ dá dtitfidís isteach san abhainn etc. Cad é gáirí a bhí acu. Is dóigh liom go bhféadfaí an campa Gaelach agus an campa frithGhaelach a thabhairt ar aon aigne maidir leis an gcéim seo amháin ach fág acu .i. na hAontachtóirí, na Wellingtons etc. B’fhé gur ciméar atá orm.

  • Colmán

    Cé go sáraíonn sé an méid atá ráite agam féin sílim go bhfuil pointe agat maidir le logainmneacha ar nós Kill agus Muff (haha iontach greannmhar) i gcontae Dhún na nGall – níl Cill agus An Mhaigh greannmhar ar chóir ar bith ach nach greannmhaire i bhfad na logainmneacha dúchasacha mar shampla ‘Seanduine ar a Chac’ atá tugtha ar staicín carraige i ndeisceart Thír Chonaill nó Tóin le Gaoth in Ard Mhacha. I Sasana tá bunchiall na logainmneacha ceilte ar na daoine toisc nach labhraíonn siad an teanga Cheilteach nó fiú an cineál Béarla a bhí ann nuair a cumadh iad – cuirim i gcás Manchester a bhfuil gaol ag an Man- istigh le Mám na Gaeilge nó Dover arb ionann é agus an Dobhar i nGaoth Dobhair. Is dócha gurb fhusa na ciallacha ar logainmneacha na hÉireann a cheilt ar na daoine trí Bhéarla a bhrú orthu go háirithe nuair a thug brí na logainmneacha céanna le fios gurb gur leo an talamh céanna a bhí siad anois ag treabhadh don tiarna talún. Tragóideach mar atá sé caithfidh muid bheith foighdeach le lucht an Bhéarla.