Deora draíochta do smideadh álainn

Tá an-mhuinín ag ár gcomhfhreagraí as táirge smideadh nua atá ar fáil anois i siopaí na tíre

Makeup_

Is deacair teacht ar fhigiúirí cruinne faoin méid airgid a chaitear ar fud an domhain gach bliain ar an tionscal ollmhór a bhaineann le cúrsaí cúram cnis agus smididh, ach is léir gur billiúin seachas milliúin a bhíonn i gceist. Dúradh i dtuairisc amháin le gairid gur thart ar €235 billiúin a chaitear sa mbliain ar tháirgí den chineál seo do mhná agus d’fhir.

Déanann na comhlachtaí móra infheistíocht shuntasach i dtaighde agus i bhforbairt táirgí nua – os cionn €15 billiún sa mbliain – agus iad ar fad ar thóir earraí nua a chuirfidh lena gcáil agus lena mbrabach.

Bíonn feachtais mhargaíochta cliste ar siúl acu chun an táirge nua ‘draíochta’ a dhíol agus an pobal a mhealladh ina dtreo. Is minic gur beag bunús a bhíonn leis na gealltanais a thugtar sa margadh seo ach ó am go chéile, tagann táirge chun cinn gur féidir leat a rá go bhfuil rud éigin ‘speisialta’ ag baint leis.

Sin mar a bhraithim faoi Custom Cover Drops, atá forbartha ag Cover FX agus a bhfuil fáil air sa tír seo anois.

Deora de leacht silicone atá sa mbuidéal beag seo ach ní as féin a bhaintear úsáid as. Caithfear deoir nó dhó a mheascadh leis na gnáth-tháirgí smididh nó cúraim cnis a bheadh in úsáid agat – maothóir, prímeálach, bonnsmideadh, folaitheoir, srl agus cruthaíonn sé táirge nua astu trí dhath a chur iontu.

Meascann an táirge draíochta seo go héasca leo ar fad agus de thoradh ar an meascadh sin, bíonn an smideadh níos éifeachtaí. Ach is buntáiste breise é gur féidir leis an dath atá i do rogha táirge smididh féin a laghdú nó a threisiú; bíonn sin thar a bheith úsáideach más mian leat go mbeadh do chuid smididh ar aon dath le do chuid donnú bréige.

Deoir amháin de Custom Cover Drops a úsáidtear mas clúdach éadrom atá uait, dhá dheoir do mheánchlúdach agus trí cinn de dheora mas clúdach iomlán atá uait. Tá ábhar sa táirge nua seo ar a dtugtar ‘Lecithin’ a ndeirtear faoi go bhfuil an struchtúr bíthcheimiceach céanna aige le craiceann an duine. Más fíor sin, sin an áit a bhfuil an draíocht sa táirge nua seo.

Tá rogha de 24 dath difriúil á thairiscint ag Custom Cover Drops agus níl sé deacair ag duine aon dath ar leith a oireann dóibh féin a aimsiú.

Tá fáil in Éirinn air anois i siopaí Space NK i mBaile Átha Cliatha agus Beal Feirste nó ó shuímh ghréasáin éagsúla ar chostas faoi bhun €50.

Fág freagra ar 'Deora draíochta do smideadh álainn'