Deontas €900,000 d’Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge

Cuireann an tAcadamh go mór leis na deiseanna oideachais atá ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, a deir Joe McHugh

acadu

Tá deontas de €900,000 d’Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge don bhliain acadúil 2014/2015 fógartha ag an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta.

I ráiteas a d’eisigh an Roinn, dúradh go raibh deontas ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh don Údarás um Ard-Oideachas le leithdháileadh ar an Acadamh.

Chuirfeadh an deontas le cumas an Acadaimh “leanúint ag soláthar raon cúrsaí trí mheán na Gaeilge sna trí ionad Gaeltachta atá acu, i nGaoth Dobhair, i gCarna agus ar an gCeathrú Rua, sa bhliain acadúil 2014/15”.

Dúirt an tAire Stáit McHugh go gcuireann an tAcadamh go mór leis na deiseanna oideachais atá ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta agus go mbíonn “tionchar dearfach aige ar shaol sóisialta, geilleagrach, cultúrtha agus teanga na bpobal sin.”

Thagair an tAire Stáit go sonrach do ról an Acadaimh sa phleanáil teanga sa Ghaeltacht.

“Tríd an Dioplóma sa Phleanáil agus Buanú Teanga atá á thairiscint acu i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta cuirtear oiliúint ar mhuintir na Gaeltachta ionas gur féidir leo ceannas a ghlacadh ar thodhchaí na pleanála teanga sa Ghaeltacht. Tá áthas orm a deontas seo a fhógairt,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Deontas €900,000 d’Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge'