Deontas €223,000 tugtha d’Oidhreacht Chorca Dhuibhne

Agus an deontas á fhógairt aige, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne go raibh ‘obair fhiúntach’ ar bun ag an eagraíocht le ‘tamall fada de bhlianta’

Deontas €223,000 tugtha d’Oidhreacht Chorca Dhuibhne

Tá deontas beagnach €223,000 ceadaithe ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta Seán Kyne don eagraíocht Oidhreacht Chorca Dhuibhne.

Cé gur laghdú beagnach 10% é seo ar an deontas reáchtála a fuair Oidhreacht Chorca Dhuibhne anuraidh, dúirt Mícheál Ó Cinnéide, cathaoirleach Bhord Chomharchumann Chorca Dhuibhne go bhfáiltíonn an eagraíocht roimh an maoiniú a chabhróidh leis “an iliomad scéimeanna atá ar bun ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne ar mhaithe le cur chun cinn na Gaoluinne agus cultúr na Gaoluinne”.

Deontas reáchtála atá i gceist don tréimhse idir Meitheamh 2016 agus Bealtaine 2017.

Dúirt an tAire Seán Kyne go bhfuil “obair fhiúntach” ar bun ag an eagraíocht.

“Tá obair fhiúntach ar bun ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne le tamall fada de bhlianta, obair a bhfuil sé mar chuspóir aici tacú go praiticiúil le cothú agus le neartú na Gaeilge mar theanga phobail agus theaghlaigh i nGaeltacht Chorca Dhuibhne. Tagann an obair seo ar fad le croí-chuspóir na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge,” a dúirt an tAire Stáit.

Is eagraíocht cultúir é Oidhreacht Chorca Dhuibhne atá lonnaithe i mBaile an Fheirtéaraigh agus tagann sí faoi scáth Chomharchumann Chorca Dhuibhne.  Bunaíodh an eagraíocht i 1980.

Bíonn an eagraíocht ag plé le cúrsaí teanga, ealaíon, staire, ceoil agus béaloidis i gCorca Dhuibhne. Is é Oidhreacht Chorca Dhuibhne atá i bhfeighil ar Mhúsaem Chorca Dhuibhne agus i measc na dtograí eile atá acu, tá an scéim teanga Tús Maith.

Fág freagra ar 'Deontas €223,000 tugtha d’Oidhreacht Chorca Dhuibhne'

  • x

    gura fada buan i mar oidhreacht!

  • Cormac

    Cad as don ngriangraf taidhbhsiúil ag a bharr seo?