Deontais dar luach os cionn €4 mhilliún ceadaithe ag Foras na Gaeilge do 22 grúpa teanga

An maoiniú á chur ar fáil do 22 grúpa ar fud na tíre chun oifigigh forbartha Gaeilge a fhostú ar feadh tréimhse ceithre bliana

Foras-Doc

Cheadaigh Bord Fhoras na Gaeilge deontais dar luach €4,264,359 ag cruinniú a bhí inniu acu.

Dáilfear na deontais faoi scéimeanna pobail agus óige an Fhorais.

Baineann formhór an airgid mhaoinithe – €4,081,483 – a fógraíodh inniu leis an Scéim Pobal Gaeilge 2016-2020. Tá an maoiniú faoin scéim sin á chur ar fáil do 22 grúpa ar fud na tíre chun oifigigh forbartha Gaeilge a fhostú go dtí mí an Mheithimh 2020.

Ag saothrú ar son na teanga sa Tuaisceart atá 14 den 22 grúpa ar ceadaíodh deontas inniu dóibh faoin Scéim Pobal Gaeilge.

Ceadaíodh chomh maith deontais €182,876 faoi Scéim na nImeachtaí Óige a bhfuil sé mar aidhm aici spreagadh a thabhairt do dhaoine óga an Ghaeilge a labhairt.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Ferdie Mac an Fhailigh go ndéanfadh ceadú na ndeontas “leas na Gaeilge” ar fud na tíre.

“Táimid thar a bheith sásta an tsuim mhór airgid a ceadaíodh inniu a fhógairt agus go bhfuil ar ár gcumas cur le líon na ndeonaithe do Scéim Pobal Gaeilge 2016-2020, ach go háirithe, in ainneoin brú leanúnach a bhíonn ar chistí ár scéimeanna maoinithe.

“Aithníonn Foras na Gaeilge tábhacht infheistíocht bhunaidh den chineál seo atá de dhíth ag leibhéal an phobail agus beidh muid ag súil go mór le leas na Gaeilge fud fad na tíre dá thairbhe. Bíonn ró-éileamh i gcónaí ar chistí teoranta ár scéimeanna maoinithe áfach, agus ní bhíonn ar ár gcumas gach iarratas incháilithe dár scéimeanna a cheadú,” a dúirt Mac an Fhailigh.

Na hiarratasóirí a fuair maoiniú faoin Scéim Pobal Gaeilge 2016-2020

An Cumann Gaelach Muineachán, Co. Mhuineacháin

Conradh na Gaeilge, Boirche Íochtair, Co. an Dúin

Ionadh Uíbh Eachach, Co. Aontroma

Gael-Fhorbairt na Gaillimhe, Co. na Gaillimhe

Pobal ar A’n Iúl, Co. Thír Eoghain

Coiste Forbartha Charn Tóchair, Co. Dhoire

Cairde Uí Néill, Co. Dhoire

Glór na Spéiríní, Co. Dhoire

An Clár as Gaeilge, Co. an Chláir

Cairde Teo, Co. Ard Mhacha

Conradh na Gaeilge, Craobh an Aonaigh, Co. Thiobraid Árann

Muintir Chrónáin Teo., Co. Bhaile Átha Cliath

Glór na Móna, Co. Aontroma

Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain, Co. Aontroma

An Droichead, Co. Aontroma

Glór Cheatharlach, Co. Cheatharlach

Glór Dhún Geimhin, Co. Dhoire

Cumann Gaelach na hEaglaise, Co. Bhaile Átha Cliath

Ionad na Fuinseoige, Co. Aontroma

Glór Uachtar Tíre, Co. an Dúin

Cumann Gaelach Leath Chathail, Co. an Dúin

Togra Mhaigh Eo, Co. Mhaigh Eo

 

Fág freagra ar 'Deontais dar luach os cionn €4 mhilliún ceadaithe ag Foras na Gaeilge do 22 grúpa teanga'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Níl a fhios agam an mbeidh treoir ag na hiarratasóirí seo le comhlíonadh agus spriocanna ar leith le baint amach acu?

    Agus an bhfuil sé beartaithe líonra na n-iarratasóirí a bhunú sa dóigh is go dtig leo teagmháil a dhéanamh lena chéile, an teangaidh a láidriú ar fud na tíre, tacaíocht a thabhairt dá chéile agus an Ghaeilg a leathnú amach go dtí pobail eile agus go háirithe earnáil an ghnó – dream nach dtabharann aird ar bith ar an Ghaeilg, is cuma más sa Ghaeltacht atá siad nó nach b’é.

  • Feardorcha

    14 as 22 sna Sé chontae.
    Bail ó Dhia orthu, caithfidh go bhfuil na clocha féin curtha ag caint acu fén dtráth seo.

  • AnRógaire

    Dá mbeadh éileamh ar sheirbhísí ón earnáil phríobháideach as gaeilge nach gcuirfí ar fáil iad? Tá pobal na gaeilge mór a dhóthain chun seirbhísí a bhaint amach ach is léir go nglacann an chuid is mó againn leis an teanga mar theanga sóisalta amháin (seachas teanga le húsáid le lucht gnó).