Denis O’Brien, na meáin agus an phribhléid pharlaiminteach

Is tábhachtaí pribhléid parlaiminte ná gnó rachmasóra aonair. Cá seasfaidh príomhmheáin na tíre i ndiaidh na conspóide seo?

Denis O'Brien. Pictiúr: Laura Hutton/Photocall Ireland
Denis O’Brien. Pictiúr: Laura Hutton/Photocall Ireland

Bunreacht na hÉireann – Airteagal 15.12

“Gach tuarascáil agus  foilseachán oifigiúil ón Oireachtas agus ó gach Teach de, maille le caint ar bith dá ndéantar in aon Teach díobh, táid saor ar chúrsaí dlí cibé áit a bhfoilsítear.”

“…..saor ar chúrsaí dlí cibé áit a bhfoilsítear.” Tá sé sin soiléir, nach bhfuil?

Shílfeá nach bhféadfadh eagarthóir, iriseoir, polaiteoir nó rachmasóir a bheith éiginnte faoi agus ba dheacair a thuiscint cé mar a cothaíodh amhras faoi chun ráiteas an Teachta Dála Catherine Murphy sa Dáil a chur faoi shrian an ordaithe ghobánigh ó Denis O’Brien ar RTÉ maidir lena chaidreamh le banc IBRC. Bhí a ndúirt sí ar thuairisc na Dála, ar Broadsheet.ie agus ar an iliomad foinsí thar lear ach ní raibh sé le fáil ón gcraoltóir náisiúnta, ar na nuachtáin, ar an ‘paper of record’, an Irish Times, ná ar aon cheann de pháipéirí an Independent a bhfuil Denis O’Brien i measc a n-úineirí.

Tá a fhios againn anois ón gCúirt nach raibh bunús ar bith le faiteacht RTÉ agus na meáin eile agus d’fhéadfaí áiteamh gur ghéill siad d’fhéinchinsireacht sa chás seo. Beidh ciallachais sa bhfadtéarma ag a n-iompar faoin eachtra seo do na meáin atá go mór faoi bhrú cheana féin.

Dá ainneoin sin, is bua luachmhar é ‘pribhléid pharlaiminteach’ mar a thugtar air, nó saoirse ó chursaí dlí; bua ba cheart a chosaint go tréan.

D’eascair an barántas ar shaoirse cainte sa Pharlaimint as Bille Cearta Shasana sa 17ú aois. Seift ab ea é chun an Pharlaimint a chosaint ón Rí. Iarracht ar bheith neamhspleách ón té ba chumhachtaí sa tír. Cuid dhílis den daonlathas ar fud na cruinne is ea an phríbhléid inniu. Ach is dócha gurb iad is cumhachtaí in aon tír anois na daoine is saibhre, a bhfuil sé ar a gcumas a dhul chun cúirte beag beann ar chostas.

Níl an gnáthdhuine in acmhainn leas a bhaint as na cúirteanna chomh furasta sin. Ach tá cosaint eile ann seachas cosaint na gcúirteanna ag an saoránach – i bprionsabal ar aon chaoi. Tá ionadaithe tofa an tsaoránaigh in ann seasamh ar a shon sa pharlaimint, chun fírinne a éileamh ó lucht na cumhachta agus beart dá réir. Má tá an t-ádh ar an bpobal beidh roinnt ionadaithe tofa acu a ghabhfaidh sa tóir ar eolas ar leas an phobail. 

Liosta le háireamh iad na nithe go bhfuil a fhios againn gur fiú ceisteanna a chur fúthu. Níl anseo ach blaiseadh – líomhaintí faoi conas a chaitear airgead poiblí, faoi conas a dháiltear conarthaí, líomhaintí faoi rialtais a bheith ag déanamh fábhair do chairde, nó lucht tacaíochta le sparáin ramhra, faoi gan aire cheart á bheith á tabhairt do dhaoine  goilliúnacha in institiúidí cúraim nó d’othair in ospidéil.

Cé a shéanfadh nár cheart pribhléid pharlaiminte a bheith ag na hionadaithe a chuirfeadh eolas ar an taifead sa Pharlaimint go hionraic faoina leithéid?

Fiú nuair a mhaífeadh institiúidí, comhlachtaí  agus daoine aonair go rabhthas ag cur isteach ar a gcearta príobháideachais nó ag déanamh dochair dá ngnó? Cé acu is troime sa mheá, an leas poiblí nó príobháideachas duine nó a ghnólacht? Má tá botún san eolas a chuireann Teachta Dála ar an taifead sa Pharlaimint, is féidir é a cheartú ach cruthúnas a sholáthar.

Tuigim go mbaintear míúsaid as an bpribhléid corruair. Rinne Ian Paisley, nach maireann, amhlaidh i gcás cáiliúil nuair a chuir sé ballraíocht san IRA i leith íobartaigh cé go raibh a fhios ag na póilíní agus an pobal nach raibh sé fíor. Níor aistharraing sé ariamh a ráiteas agus ba mhór an náire é do Pharlaimint na Breataine nár ceartaíodh an taifead. Tríd is tríd, eisceacht is ea an mhíúsáid ach níor mhiste don Dáil agus Westminster na rialacha a neartú chun déileáil lena leithéid. Thairis sin, ba cheart a bhfuil againn a chosaint – go dána.

Fág freagra ar 'Denis O’Brien, na meáin agus an phribhléid pharlaiminteach'