‘Déjà vu’ i bPáirc an Chrócaigh agus an lá le Maigh Eo agus Tír Eoghain

Dhá chúl, ceann roimh leath ama agus ceann eile cúig nóiméad ina dhiaidh, a chinntigh an bua do Mhaigh Eo,agus i ndáiríre, níor chuir fír Thír Chonaill suas mórán de throid.

GAA Football All Ireland Senior Championship Quarter-Final, Croke Park, Dublin 8/8/2015 Mayo vs Donegal DonegalÕs Mark McHugh and Lee Keegan of MayoÕs Mandatory Credit ©INPHO/James Crombie
©INPHO/James Crombie

Bhí blaiseadh beag den ‘déjà vu’ againn sna cluichí ceathrú ceannais peile i bPáirc an Chrócaigh aréir. Mar a tharla i 2013, thug Maigh Eo greadadh do Dhún na nGall agus tháinig Tír Eoghan slán i gcluiche chrua i gcoinne Mhuineacháin.

Dhá chúl, ceann roimh leath ama agus ceann eile cúig nóiméad ina dhiaidh, a chinntigh an bua do Mhaigh Eo, agus i ndáiríre, níor chuir fír Thír Chonaill suas mórán de throid.

Tháinig an chéad chúl dhá nóiméad isteach in am cúitimh ag deireadh an chéad leath. Sheol Séamus O’Shea pas mór fada isteach i dtreo a dhearthár ar imeall na cearnóige agus, tar éis d’Aidan an ceann is fearr a fháil ar Neil McGee san aer, bhrúigh sé amach as an mbealach Mark McHugh agus bháigh an liathróid go híseal san eangach.

Cúl eile a bhí sa chéad scór den dara leath. Arís sheol Séamus O’Shea pas fada isteach i dtreo an líne lántosach, go dtí Cillian O’Connor an uair seo. Thug O’Connor pas láimhe do Lee Keegan agus d’ardaigh Keegan an liathróid os cionn Paul Durcan sa chúl. Ní fios an raibh cúl ar intinn ag cosantóir Mhaigh Eo, ach ba chuma le lucht leanta Mhaigh Eo.

Chuir an scór sin Maigh Eo seacht bpointe chun cinn agus bhí gach duine ag fanacht ar fhreagra Dhún na nGall. Tá siad fós ag fanacht air. Seachas liathróid ard a chur isteach i dtreo Mhichael Murphy, ní raibh mórán smaointe eile acu.

Ba é an choimhlint idir O’Shea agus McGee gar don chúl scéal mór an chluiche sa chéad leath. Bhí cosantóir Ghaoth Dobhair ag fáil an ceann is fearr ar O’Shea ar feadh i bhfad ach ach ba é O’Shea a fuair an scór cinniúnach sa deireadh.

Imreoir amháin atá, ar a laghad, ar comhchéim le O’Shea ná Michael Murphy. Seachtain ó shin, bhí ráflaí ann go raibh sé gortaithe ach d’imir sé i gcoinne na Gaillimhe agus cé gur thug sé taispeántas maith uaidh sa bhua sin, ní raibh an chuma air féin ná ar chúpla imreoir eile ó Dhún na nGall go rabhadar 100% aclaí. Ba chuma i gcoinne na nGaillimheach ach scéal eile ar fad is ea Maigh Eo.

Nuair a tháinig fir Thír Chonaill chun cinn i 2011 agus 2012, ba é an rud is mó a chuaigh i bhfeidhm ar dhaoine ná an fuinneamh a bhí iontu agus an leibhéal aclaíochta a bhí bainte amach acu. I mbliana, níl an fuinneamh céanna iontu agus tógann sé níos faide orthu filleadh ar an gcosaint i ndiaidh ionsaí. Anuas air sin, ní oibríonn siad le chéile an oiread céanna chun an liathróid a bhaint ó thosaithe.

Chuaigh Dún na nGall cúig nóiméad déag gan scór a aimsiú idir an 45ú agus 60ú nóiméad agus cé gur chuir Maigh Eo cúpla seans amú iad féin, ní raibh fir an iarthair raibh riamh i mbaol.

GAA Football All Ireland Senior Championship Quarter-Final, Croke Park, Dublin 8/8/2015 Monaghan vs Tyrone MonaghanÕs Ryan Wylie and Darren McCurry of Tyrone Mandatory Credit ©INPHO/James Crombie
©INPHO/James Crombie

Sa chluiche a imríodh níos luaithe sa tráthnóna, thug Tír Eoghain an lá leo i gcoinne Mhuineacháin i gcluiche nach raibh mórán splaince inti go dtí an cúpla nóiméad deireanach. Don tríú bliain as a chéile, chlis ar Mhuineachán sna babhtaí ceathrú ceannais agus arís, mar a tharla sa bhliain 2013, b’iad foireann Mickey Harte a dhíbir as an gcraobh iad.

Bhí an baol ann i gcónaí go mbeadh Muineachán ag brath an iomarca ar Conor McManus agus bhí a fhios acu go maith go mbeadh plean ag cosantóirí Thír Eoghain d’fhear Chluan Tiobraid.

B’shin a tharla agus choinnigh Ronan McNamee, Colm Cavanagh agus Justin McMahon (agus a dheartháir Joe roimhe) súil ghéar ar naoscaire Mhuineacháin, nach raibh dóthain cúnaimh aige ó na tosaithe eile.

Arís agus arís eile, thug Muineachán an liathróid suas chomh fada le líne 45m Thír Eoghain ach nuair nach raibh McManus saor, ní raibh aon phlean eile acu seachas an liathróid a phasáil anonn agus anall.

Bhí cur chuige Thír Eoghain i bhfad níos dírí agus seilbh na liathróide acu. Seachas iad a bheith ag iarraidh dul timpeall an slám mór imreoirí sa chosaint, bhí sé mar aidhm ag Tír Eoghain briseadh tríd. Ar an bhfrithionsaí, bhí imreoirí ar nós Darren McCurry agus Connor McAliskey lasrach agus rinne siad bearnaí i gcosaint Mhuineacháin.

Tar éis dó an chéad leath a chaitheamh amach ar an daichead slat, bhí Seán Cavanagh níos congaraí don chul i ndiaidh leath ama agus bhain Tír Eoghain leas as ann chomh maith.

D’éirigh le Muineachán an bhearna a laghdú go dtí ceithre phointe gan ach cúig nóiméad fágtha, ach nuair a d’oibrigh Justin McMahon agus Niall Morgan le chéile chun iarracht Conor McManus a choinneáil amach in am beise, ba léir go mbeadh an lá le buachaillí Mickey Harte.