Déistin ort faoin ‘gCosc ar Mhoslamaigh’? Seo seift phraiticiúil duit

Tá sé in am dóibh siúd a bhfuil déistin orthu faoi pholasaithe Donald Trump cogadh eacnamaíochta a fhearadh air, a scríobhann ár gcolúnaí

Déistin ort faoin ‘gCosc ar Mhoslamaigh’? Seo seift phraiticiúil duit

Ach an oiread le cuid mhór daoine ar fud an domhain, chuir an t-ordú forghníomhaithe a shínigh Donald Trump ag an deireadh seachtaine – an ‘Cosc ar Mhoslamaigh’, mar a thugtar coitianta air  – déistin as cuimse orm.

Theastaigh uaim mo chuid feirge a léiriú ar chaoi éigin, ach ní raibh léirsiú ar bith sa timpeall a bhféadfainn páirt a ghlacadh ann. Thabharfadh tvuít bhinbeach faoiseamh gearrthréimhseach dom, ach ní athródh a leithéid tada. Mo chuid leantóirí féin amháin a d’fheicfeadh í.

Ansin, chuimhnigh mé ar sheift phraiticiúil.

Shocraigh mé Trump a bhualadh san áit a ngoillfidh sé air: eacnamaíocht Mheiriceá.

Ní maith liom cúrsaí airgid a phlé go poiblí, ach níl aon éalú uaidh sa cholún seo. Ag deireadh an lae, taitníodh sé linn nó ná taitníodh, tá tionchar thar mar a rithfeadh linn de ghnáth ag pé suim airgid a chaithimid, agus táimid ar fad freagrach as an lorg coise eacnamaíoch sin.

Seo linn.

Níl gnáthscéim phinsin agam, ach le blianta fada anuas cuirim airgead i dtaisce do lá breá éigin amach anseo nuair nach mbeidh rud ar bith ar bun agam ach a bheith ag stánadh amach as an bhfuinneog. Mar a dhéanfadh Ollannach maith, déanaim an t-airgead sin a infheistiú, tríd an mbanc, i scaireanna agus i gcistí infheistíochta. Ach thug ordú Trump, an ‘Cosc ar Mhoslamaigh’, thug sé orm súil ghéar a chaitheamh ar mo chuid infheistíochtaí. 

Mar a tharla, ní raibh aon scaireanna Meiriceánacha agam féin. Ach fuair mé amach, tar éis dom uair an chloig nó dhó a chaitheamh ar an idirlíon, ag treabhadh trí eolairí na gcistí infheistíochta éagsúla a raibh airgead i dtaisce agam iontu, go raibh scaireanna Meiriceánacha ag cúig cinn acu sin: bhí scaireanna de chuid Starbucks, CVS Health, Microsoft, Alphabet Inc (sin iad Google) agus Nike ina measc.

Níos measa fós: bhí bannaí rialtais de chuid na Stát Aontaithe ina seilbh ag ceann amháin de na cistí infheistíochta a raibh airgead i dtaisce agam iontu.

Ar an bpointe boise, tharraing mé mo chuid airgid amach as an gcúig chiste infheistíochta sin. Ní raibh i gceist ó thaobh scaireanna Meiriceánacha de, sa deireadh, ach rud beag le cois míle dollar. Ach thug sé faoiseamh ollmhór dom an dochar beag bídeach sin a dhéanamh d’eacnamaíocht Mheiriceá Trump. 

Dá ndéanfadh míle duine an rud céanna, dhéanfaí dochar milliún dollar. Dá ndéanfadh milliún duine an rud céanna, dhéanfaí dochar míle milliún. Agus mar sin de.

Seans dá laghad go gcuirfidh rialtais na hEorpa, Cheanada agus thíortha eile san Iarthar smachtbhannaí i bhfeidhm ar Mheiriceá Trump. Ach ní chiallaíonn sé sin nach féidir le saoránaigh ar fud an domhain a mbeadh déistin orthu faoi pholasaithe Trump cogadh eacnamaíochta dá gcuid féin a fhearadh. Má tá scaireanna Meiriceánacha ina seilbh, mar a bhí agamsa go hindíreach, is féidir leo iad sin a dhíol. Má tá scéim phinsin acu, is féidir leo brú a chur ar lucht bainistíochta na scéime sin fáil réidh le haon scaireanna Meiriceánacha a bheadh ina seilbh, agus le bannaí rialtais de chuid na Stát Aontaithe go háirithe. Cuimhnigh: má tá bannaí rialtais de chuid na Stát Aontaithe i do sheilbh, go díreach nó go hindíreach, tá polasaithe Trump á n-airgeadú agat – agus beidh cuid den fhreagracht as a dtarlóidh dá bharr ar do ghuaillí féin.

Make America great again a deir an Trumpach. Scriosaimis eacnamaíocht Mheiriceá, a deirimse, fad is a chuirfidh uachtarán Mheiriceá polasaithe barbartha i bhfeidhm.

Céard faoi na Meiriceánaigh bhochta nár chaith vóta do Trump, a deir tú?

Nach ar mhaithe leo a bheadh baghcat eacnamaíoch?

Nach ar mhaithe leis an Afraic Theas a bhí na baghcait idirnáisiúnta a cuireadh i bhfeidhm nuair a bhí réimeas an apartheid i bhfeidhm sa tír sin?

Fág freagra ar 'Déistin ort faoin ‘gCosc ar Mhoslamaigh’? Seo seift phraiticiúil duit'

  • Fearn

    Spéisiúil, a Alaistir, ach ní shílim go dtagaim leat.
    “Shocraigh mé Trump a bhualadh san áit a ngoillfidh sé air: eacnamaíocht Mheiriceá.”
    Ní hionann Trump agus geilleagar Mheiriceá. is ionann geilleagar Mheiriceá agus gach Meiriceánach. Ach cá háit a ghoillfeadh bualadh Thrump air? Sa leithleathas s’aige. An féinspéis aige, dar ndóigh.
    Faigh amach cad iad na gnóthaí aige i do thírse, Ostáin, galfchúrsaí, 7rl, agus aibhsigh iad, cuir baghcat orthu. Déan ceangal idir iad agus saobhthuairimí Thrump. Ná cuir lena cheiliúránacht, ach bain de.

    Ach tagaim leat sa ghné seo, a Ailistir: Is dual gníomhú

  • Derry

    Maith thú, Alex. Chuir tú díospóireacht ar siúl sa mheán/timpeallacht ina bhfuil tú (rud nach raibh ann) – sin buille suntasach i gcoinne an T. Cé gur fadhb é an T féin, is comhartha de fadhb níos measa é, rud atá le nochtadh trí dhíospóireacht.

  • dónal

    tosaigh leis an beart seo agus beidh turas iontach agat ag troid le d’airgead. maith an smaoineamh! tosaigh á tochailt, tá an caca an-domhain ar fad ach tá ort a tosnú aít éígin……. ach, aire duit, mura dtabharfaidh tú an airgead don comhlachtaí meiriceánaigh, beidh ort é a cur in aít eile agus cá bhfuil?…….tá siad siúd ceangailte mar tá bancanna ceannais taobh thiar gach doras gnóthacht….. is uafásach an staid ach is é an fírinne……. ar aon nós – ding thú! tosaigh an baghcat agus neartaigh do bhuille mar tá cogadh ciúin glic ar siúl ar fud an domhain faoi láthair