Deiseanna ar fáil do dhlíodóirí le Gaeilge san Aontas Eorpach

Beidh Thierry Lefèvre, Ard-Stiúrthóir an Aistriúcháin i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i mBaile Átha Cliath go luath le seisiún eolais a thabhairt maidir le hearcú dlítheangeolaithe san AE

Deiseanna ar fáil do dhlíodóirí le Gaeilge san Aontas Eorpach

Beidh Ard-Stiúrthóir an Aistriúcháin i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in Éirinn an mhí seo chugainn le dlíodóirí le Gaeilge agus céimithe le dlí a bhfuil an teanga acu a mhealladh chun na hEorpa.

Beidh Thierry Lefèvre i mBaile Átha Cliath ag deireadh mhí Mheán Fómhair le seisiún eolais a thabhairt maidir le hearcú dlítheangeolaithe san Aontas Eorpach.

Dúirt Lefèfre go bhfuil “tábhacht faoi leith” ag baint leis an turas go hÉirinn.

“Cuirfear cásdlí na Cúirte Breithiúnais ar fáil i nGaeilge ón 1 Eanáir 2022. Fágann sé sin go mbeidh an Chúirt ag brath ar dhlíodóirí Éireannacha a thiocfaidh anseo agus a bheidh ag obair, ní hamháin i mBéarla mar a d’oibrídís go dtí seo, ach i rannóg nua Ghaeilge a chuirfear ar bun de réir a chéile.

“Is í sprioc mo chuairte go hÓstaí an Rí eolas agus feasacht a thabhairt do dhlíodóirí Éireannacha agus ábhar dlíodóirí faoi dheiseanna mar dhlítheangeolaithe in Ard-Stiúrthóireacht Aistriúcháin na Cúirte,” a dúirt sé.

Is institiúid ilteangach í an Chúirt Bhreithúnais atá lonnaithe i Lucsamburg. De bhrí go bhfuil a theanga nó a theangacha féin agus a chóras dlí féin ag gach ballstát den Aontas Eorpach, déantar gach pléadáil i scríbhinn a aistriú, nuair is gá, go teanga an cháis agus i gcónaí go teanga oibre na Cúirte, an Fhraincis.  Déantar cinntí a dhréachtú sa teanga sin agus a aistriú ansin go teanga an cháis agus gach teanga oifigiúil eile do lá a seachadta. Beidh an comórtas do dhlítheangeolaithe oscailte do mhic léinn dlí agus céimithe le dlí a bhfuil cumas sármhaith acu sa Ghaeilge agus eolas maith ar dhá theanga oifigiúla eile de chuid an Aontais Eorpaigh, ceann amháin díobh as na teangacha is minice a úsáidtear os comhair na Cúirte.

Fág freagra ar 'Deiseanna ar fáil do dhlíodóirí le Gaeilge san Aontas Eorpach'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Déardaoin 5 Deireadh Fómhair 2017 ag 6pm in Óstaí an Rí

  • Fearn

    An mó post buan agus/nó sealadach a bhéas ann?