Deiseanna an Ghaeilge a úsáid á gceilt ar 1,835 duine óg – Conradh

Ceadaíodh 74 tionscadal anuraidh, faoi Scéal na nImeachtaí Óige 2015 - 2016, ach níor ceadaíodh i mbliana ach 41 tionscadal

La-Gaeilge-Dearg

díomá léirithe ag Conradh na Gaeilge faoin ‘laghdú suntasach’ a rinneadh ar Scéim na nImeachtaí Óige i mbliana. Dúirt an Conradh go bhfuil sé ‘náireach’ nach bhfuil sé d’acmhainn ag Foras na Gaeilge an scéim a mhaoiniú agus go bhfuil ‘géarghá le plean infheistíochta Gaeilge agus Gaeltachta’.

Mhaígh Ard-Rúnaí an Chonartha, Julian de Spáinn go “gcaillfeadh níos mó 1,835 duine óg” an deis freastal ar imeachtaí óige Gaeilge taobh amuigh de chóras na scoile i mbliana mar gheall ar an laghdú atá tagtha ar líon na scéimeanna óige a ceadaíodh i mbliana.

“Tá réiteach ar an éagóir seo, áfach, agus plean infheistíochta aontaithe ag breis agus 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta chun úsáid na teanga a spreagadh i measc an phobail, ach an tacaíocht chuí a fháil ón stát.

“Ní hamháin go gcuirfeadh infheistíocht i bplean phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta borradh dochreidte faoi úsáid na Gaeilge, ach chruthófaí níos mó 1,175 post nua mar thoradh ar an infheistíocht chéanna,” a dúirt sé.

Ceadaíodh 74 tionscadal anuraidh, faoi Scéim na nImeachtaí Óige 2015 – 2016, ach níor ceadaíodh i mbliana ach 41 tionscadal. Caithfear €182,880 ar scéim 2016-2017 in áit an €322,360 a caitheadh ar scéim na bliana seo caite, mar gheall ar chiorruithe ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge.

Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge gur “ábhar samhnais an dochar leanúnach atá á dhéanamh ar phobal na Gaeilge” de bharr na gciorruithe agus nár mhór anois do rialtais Theach Laighean agus Stormont “an leithcheal i gcoinne earnáil na teanga a chur ina cheart”.

“Tá buiséad Sheachtain na Gaeilge laghdaithe 40%, tá líon na gcampaí samhraidh atá maoinithe ag an bhForas laghdaithe, agus anois is ar éigean go bhfuil sé d’acmhainn ag Foras na Gaeilge mórán níos mó leath na scéimeanna óige a ceadaíodh anuraidh a mhaoiniú i mbliana.

“Ní mór don dá Rialtas an leithcheal i gcoinne earnáil na teanga a chur ina cheart, agus éilíonn Conradh na Gaeilge ar an dá Roinn Airgeadais an plean infheistíochta arna aontú ag breis agus 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta a mhaoiniú láithreach,” a dúirt sé.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge Ferdie Mac an Fhailigh le Tuairisc.ie gur údar díomá dó gur fhág na ciorruithe atá déanta ar bhuiséad an Fhorais le tamall de bhlianta anuas nach raibh ar chumas na heagraíochta freastal ar an éileamh i measc an phobail ar dheiseanna chun an Ghaeilge a labhairt agus a chur chun cinn.

“Is údar díomá dom go háirithe go bhfuil daoine óga ag cailleadh amach ar dheiseanna an teanga a úsáid mar nach bhfuil na hacmhainní againn na deiseanna sin a chur ar fáil dóibh faoi láthair. Creidim go láidir nach bhfuil aon duine chun an teanga a fhoghlaim idir a naoi a chlog ar maidin agus a cúig a chlog tráthnóna. Caithfear deiseanna eile a chur ar fáil dóibh,” a dúirt Mac an Fhailigh.

Fág freagra ar 'Deiseanna an Ghaeilge a úsáid á gceilt ar 1,835 duine óg – Conradh'