Deis mhachnaimh tugtha d’Uisce Éireann maidir le cás uisce na Ceathrún Rua

I gCúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath tugadh tuilleadh ama d’Uisce Éireann chun dul i mbun machnaimh faoi cé acu an bhfuil sé i gceist aige pléadáil ciontach nó neamhchiontach as gan plean gnímh a chur i bhfeidhm don Cheathrú Rua

Carraroe

Ní fios go fóill an bpléadálfaidh Uisce Éireann ciontach nó neamhchiontach as gan plean a chur i gcrích chun feabhas a chur ar chaighdeán an uisce ar an gCeathrú Rua i gConamara.

Tá sé curtha i leith Uisce Éireann ag an EPA nár chuir sé plean gnímh i bhfeidhm chun feabhas a chur ar chóras uisce na Ceathrún Rua.

I gCúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath inniu cuireadh an cás ar atráth chun tuilleadh ama a thabhairt d’Uisce Éireann dul i mbun machnaimh faoi cé acu an bhfuil sé i gceist aige pléadáil ciontach nó neamhchiontach.

Níos túisce i mbliana tugadh fógra do dhaoine i gceantar na Ceathrún Rua i gConamara uisce a bheiriú nuair a aimsíodh cripteaspóiridiam sa chóras uisce poiblí.

Tá fadhbanna le blianta fada le caighdeán an uisce i gcóras poiblí na Ceathrún Rua.

Tá sé curtha i leith Uisce Éireann ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil nár chloígh an áisíneacht uisce, idir an 1 Nollaig 2015 agus an 8 Eanáir 2016, le treoir a tugadh di plean gnímh a thabhairt isteach chun feabhas a chur ar an uisce i gcóras poiblí na Ceathrún Rua.

Maítear gur aontaigh an EPA an plean gnímh don Cheathrú Rua le hUisce Éireann ar an 9 Deireadh Fómhair 2014.

Fág freagra ar 'Deis mhachnaimh tugtha d’Uisce Éireann maidir le cás uisce na Ceathrún Rua'