Deis eile in ‘earrach 2018’ ag scoileanna nár léirigh spéis in aitheantas Gaeltachta

Níor léirigh 28 bunscoil Ghaeltachta agus iarbhunscoil Ghaeltachta amháin spéis i scéim aitheantais na Roinne Gaeltachta atá á reáchtáil mar an chéad chéim den ‘Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022’

Deis eile in ‘earrach 2018’ ag scoileanna nár léirigh spéis in aitheantas Gaeltachta

Tabharfar deis eile do scoileanna iarratas a dhéanamh ar stádas mar ‘scoil Ghaeltachta’ in ‘earrach na bliana’ seo chugainn.

Thug an tAire Oideachais Richard Bruton le fios sa Dáil an tseachtain seo go mbeidh deis ag scoileanna atá lonnaithe i gceantair oifigiúla Ghaeltachta a bheartaigh gan stádas mar scoil Ghaeltachta a lorg faoin bpolasaí oideachais Gaeltachta i mbliana an stádas sin a lorg arís in earrach 2018.

Níor léirigh 28 bunscoil Ghaeltachta agus iarbhunscoil Ghaeltachta amháin spéis i scéim aitheantais na Roinne Gaeltachta atá á reáchtáil mar an chéid chéim den Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022.

Léirigh 106 bunscoil Ghaeltachta agus 27 iarbhunscoil Ghaeltachta spéis i stádas mar scoil Ghaeltachta agus tá ar na scoileanna sin a bpleananna a chur faoi bhráid na Roinne Oideachais faoi dheireadh Eanáir 2018.

Cuirfear na pleananna faoi bhráid cigirí ina dhiaidh sin a déarfaidh an bhfuil nó nach bhfuil na pleananna inghlactha de réir treoracha an pholasaí.

Bhí go dtí deireadh mhí Mheán Fómhair na bliana seo ag scoileanna stádas mar scoil Ghaeltachta a lorg faoin bpolasaí oideachais Gaeltachta, ach is cosúil go mbeidh deiseanna eile ag scoileanna iarratas a dhéanamh ar a leithéid de stádas le linn saolré an pholasaí.

Tá na scoileanna sin a léirigh spéis aitheantas a bhaint amach ag obair faoi láthair chun an 13 “sainchritéar” atá leagtha amach sa pholasaí oideachais Gaeltachta a chomhlíonadh.

I measc na sainchritéar sin, tá clár tumoideachais dhá bhliain, “tráth nach múinfear Béarla ar bith”, agus a bheidh á chur i bhfeidhm i ranganna na naíonán.

I ndiaidh ranganna na naíonán, beidh ar na scoileanna “cur chuige lántumtha” a chur i bhfeidhm ina múinfear gach ábhar, ach amháin an Béarla, trí Ghaeilge.

Tá sé i gceist ag an Roinn Oideachais liosta iomlán na scoileanna atá tar éis spéis a léiriú sa Scéim Aitheantais a fhoilsiú “in am trátha”.

Fág freagra ar 'Deis eile in ‘earrach 2018’ ag scoileanna nár léirigh spéis in aitheantas Gaeltachta'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    …’múinfear gach ábhar, ach amháin an Béarla, trí Ghaeilge.’

    C’as a dtáinig a coincheap seo go múinfear Béarla trí Bhéarla? Seo an t-aon ábhar nach múintear trí Ghaeilg agus cad chuige sin???

    Beidh an caoineadh céanna ag na bunscoltacha siúd le níos mó ná dhá rang sa tseomra ranga amháin. Ní thuigim cad chuige nach gcuirtear foghlaim an Bhéarla siar go mbíonn na páistí níos sine – eagla ar dhaoine arís go mbeidh siad náirithe de thairbhe easpa Béarla bheith acu?…

    Cá huair a fheiceas muid níos mó Gaeilge sna scoltacha eile sa tír diomaite na scoltacha Gaeltachta agus Gaelscoileanna? Cá mhéad scoil a chuireann an leagan Gaeilge den ainm agus seoladh s’acu ar taispeántas m.sh. staiseanóireacht, fógraí, fógraíocht, éide scoile, srl?