‘Deis eile’ chun cearta phobal na Gaeilge a chinntiú ‘ligthe le sruth’ i Stormont

‘Cailleadh deis eile cearta phobal na Gaeilge a chinntiú trí Acht bunaithe ar chearta a chur i bhfeidhm’ – Conradh na Gaeilge

Stormont. Pictiúr: Photocall
Stormont. Pictiúr: Photocall

Tá cáineadh géar déanta ag Conradh na Gaeilge agus ag Sinn Féin ar pháirtithe an Fheidhmeannais a thug droim láimhe inné le hAcht Gaeilge don Tuaisceart.

Vótáil na páirtithe aontachtaithe agus an Alliance i gcoinne Acht Teanga inné, rud a chuir “díomá an domhain” ar an Aire Cultúir Carál Ní Chuilín.

Dúirt Conradh na Gaeilge aréir gur “deis iontach” a bhí ann don fheidhmeannas “tacú le mianta an phobail trí ghlacadh le moltaí an Achta agus na Straitéise Gaeilge a cuireadh faoina bhráid inné.

“Ar an drochuair, cailleadh an deis seo agus cailleadh deis eile cearta phobal na Gaeilge a chinntiú trí Acht bunaithe ar chearta a chur i bhfeidhm.

“Léiríodh arís go bhfuil tacaíocht leathan ann do reachtaíocht chosanta don Ghaeilge anseo agus ghlac breis is 13,000 páirt sa phróiseas comhairliúchán ar Bhille na Gaeilge. Bhí beagnach 95% díobh siúd ar son an Achta,” a dúirt Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin.

Dúirt sé chomh maith go raibh an fhorbairt straitéise don Ghaeilge ina dlúthchuid de Chlár Rialtais 2011-2015 an Fheidhmeannais.

“Tá sé do-ghlactha nach féidir leis an fheidhmeannas a gclár rialtais féin a chur i gcrích,” a dúirt Mac Giolla Bhéin.

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Cóilín Ó Cearbhaill go léiríonn suirbhéanna agus pobalbhreitheanna éagsúla “go bhfuil tacaíocht leathan ann don Ghaeilge ó thuaidh”.

Dúirt Ó Cearbhaill “gur trua nach n-aithnítear an dea-thoil seo ag leibhéal an fheidhmeannais” agus gur údar “náire” é “gurb é pobal na Gaeilge ó thuaidh” an t-aon dream “sna h-oileáin seo nach bhfuil reachtaíocht chosanta acu don teanga”.

“Is ceist cearta í seo agus tá dualgas ar gach polaiteoir agus páirtí cearta lucht labhartha na Gaeilge a dhaingniú i reachtaíocht agus na huirlisí a thabhairt don phobal, a ghlac páirt i gcomhairliúcháin an rialtais go fonnmhar agus le díograis, forbairt na Gaeilge a thiomáint sna blianta amach romhainn. Is trí reachtaíocht ceartbhunaithe a dhéanfar seo,” a dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Cóilín Ó Cearbhaill.