Deis é comóradh 1916 chun scrúdú coinsiasa a dhéanamh…

Ba mhór an difríocht idir an Rialtas Dúchais a gealladh i 1914 agus an Saorstát a baineadh amach. Ach theip ar na ceannaircigh Poblacht a bhreith leo…

1916 rising

‘A FHEARA AGUS A MHNÁ NA hÉIREANN: in ainm Dé agus in ainm na nglún a chuaigh romhainn agus óna bhfuair sé sean-oideas na náisiúntachta … Níl aon ghlúin dá dtáinig nár dhearbhaigh pobal na hÉireann a gceart chun saoirse agus ceannas a náisiúin; sé huaire le trí chéad bliain anuas dhearbhaíodar faoi airm é.’

Léiríonn Forógra na Poblachta an tábhacht a bhain le hinspioráid na staire agus an meas ar throdairí na saoirse, téamaí coitianta i bhfoilseacháin radacacha i dtús an 20ú haois. In ainneoin an easaontais i measc dreamanna a bhí ag druidim i dtreo na réabhlóide, bhí spriocanna áirithe soiléir: flaitheas na ndaoine, aontacht na tíre agus córas sóisialta cothrom. Tuigeadh gur bhunghné den fhéiniúlacht náisiúnta í an Ghaeilge.

Cor cinniúnach i stair na hÉireann ab ea an tÉirí Amach: ba mhór an difríocht idir an Rialtas Dúchais a gealladh i 1914 agus an Saorstát a baineadh amach. Ach theip ar na ceannaircigh Poblacht a bhreith leo.  Chreid cuid den ghlúin sin gur dúthracht agus íobairt a bhí ag teastáil chun mór-athruithe polaitiúla agus cultúrtha a bhaint amach;  níor thuig siad méid na gconstaicí a bhí rompu. Níor éirigh le héinne go dtí seo an teanga a athbheochan, ná an tír a aontú. Gheall sínitheoirí an Fhorógra comhchearta ‘gan beann ar na difríochtaí a chothaigh rialtas eachtrannach d’aon toisc a dheighil an mionlach ón móramh san am atá thart’ ach bhí ceist Uladh níos casta ná sin. Leis an gcruatan sa tír faoi láthair, níorbh aon ionadh é dá mbeadh cuid den phobal soiniciúil faoin gceiliúradh náisiúnta.  Ach is deis é seo chun scrúdú coinsiasa a dhéanamh agus aird a tharraingt ar na geallúintí nár comhlíonadh.

Comóradh 2016

Tá an comóradh seo tráthúil go leor. Ó aimsir Chomhaontú Aoine an Chéasta (1998) i leith tá maolú ar an leisce a bhíodh ar dhaoine plé leis an Éirí Amach ar eagla go mbainfeadh Poblachtánaithe tairbhe as. Mhúscail Bertie Ahern amhras agus imní nuair a d’fhógair sé paráid mhíleata i mBaile Átha Cliath in 2006, ach tá atmaisféar níos oscailte againn anois.

Tá léargas nua againn ar an tréimhse réabhlóideach ó fhoinsí stairiúla atá ar fáil anois ar an idirlíon, m.sh. suíomh Bhiúró na Staire Míleata, agus suíomh Bhailiúchán na bPinsean Seirbhíse Míleata. Tá réimse tionscnamh ar bun ag an Rialtas anois a chuirfidh le tuiscint an phobail ar an Éirí Amach agus cúinsí sóisialta na tréimhse.

Ceiliúradh an stáit atá i gclár comórtha an Rialtais, clár atá ag iarraidh saoránaigh ar fud na tíre a spreagadh chun páirt a ghlacadh sna himeachtaí comórtha. Mar sin féin, tugtar aitheantas sa chlár don ‘iomad féiniúlachtaí agus traidisiún atá ann mar chuid d’eispéireas staire na hÉireann’.  Tugann suíomh idirlín Roinn an Taoisigh eolas stairiúil sa tSínis agus sa Pholainnis chomh maith le Gaeilge agus Béarla, agus tá eolas ar shaighdiúirí Éireannacha a throid sa Chéad Chogadh Domhanda ann freisin.

An Ghaeilge

Ábhar buartha do Ghaeilgeoirí is ea staid na Gaeilge faoi láthair, go háirithe an titim ar líon na gcainteoirí dúchais. Ach bhí cruacheisteanna á gcur faoi athbheochan na teanga sna 1960í (Seán Ó Tuama (eag.) The Gaelic League Idea – léachtaí a craoladh 1968-69). Tá dul chun cinn déanta i réimsí áirithe.  Ó tháinig TG4 ar an bhfód tá fóram nua ag Gaeilgeoirí agus tuiscint níos fearr acu ar chanúintí a chéile.  Tugann TG4 deis do Bhéarlóirí saol na Gaeilge a bhlaiseadh gan mórán stró.  Pobal scaipthe is ea pobal na Gaeilge le fada, ach tugann na meáin nua deis do Ghaeilgeoirí ar fud an domhain teagmháil a dhéanamh agus teacht ar ábhar i nGaeilge.

Tá athrú mór tagtha ar cheist na teanga;  díghalldú a bhí i gceist tráth ach anois teanga idirnáisiúnta is ea an Béarla agus baineann buntáistí móra leis. Dúshlán is ea é seo do mhionteangacha trí chéile.

Tá sé i gceist ag clár comórtha Ollscoil na hÉireann Gaillimh, Éire á Múscailt castachtaí agus impleachtaí an Éirí Amach a scagadh go mion. Teastaíonn uainn léargas a thabhairt ar an tréimhse sin i gcomhthéacsanna éagsúla: áitiúil, réigiúnda, náisiúnta agus idirnáisiúnta. Tá rannpháirtíocht leis an bpobal i gceist: tá fáilte roimh chách ag na himeachtaí seo. Cheap an Ollscoil an Dr Conor McNamara mar staraí cónaitheach chun teacht ar fhoinsí agus acmhainní le haghaidh taighde ar Iarthar na hÉireann i dtréimhse na réabhlóide agus chun plé le pobal na háite.

Tá áit faoi leith ag an nGaeilge sa chomóradh. Thosaigh an clár le seimineár ar Chiarán Bairéad, bailitheoir béaloidis agus fear taifeadta canúna. I mí Dheireadh Fómhair scrúdaigh comhdháil an idirghníomhaíocht idir traidisiúin liteartha na hÉireann agus na hEorpa ó aimsir na hAthbheochana i leith. Beidh díospóireacht ar an éagsúlacht teangacha in Éirinn ag comhdháil an mhí seo, an 22-23 Aibreán.  Ar an 8-9 Deireadh Fómhair, beidh comhdháil ag díriú ar 1916 agus an fhéiniúlacht náisiúnta, roimh 1916 agus ina dhiaidh.   

Maidir leis an gcineál machnaimh a bhain leis an Éirí Amach, beidh comhdhálacha ag trácht ar an idé-eolaíocht ba bhonn le Forógra na Poblachta, an comhthéacs domhanda agus oidhreacht 1916 ó thaobh dlí de. Tabharfaidh taispeántas ar an ollscoil agus baile na Gaillimhe sa tréimhse 1913-19 léargas ar an teannas idir daoine a thaobhaigh leis an mBreatain sa Chogadh Mór agus iadsan a chuir suim sa choimhlint ar son na saoirse.

Déanfar trácht ar chúinsí sóisialta: beidh imeachtaí éagsúla ag féachaint ar ról na mban ag an am, pléifear ceist an lucht oibre i seimineáir éagsúla agus beidh comhdháil ag díriú ar shaol na leanaí i 1916.  Beidh aird á díriú leis ar an litríocht, an drámaíocht, agus imeachtaí cultúrtha. Ag féile scannán i gConamara beidh trácht ar scannáin a bhain le tréimhse na réabhlóide in Éirinn, chomh maith le scannáin faoi réabhlóidí eile.

Tiocfaidh deireadh leis an gclár i mí na Samhna le mórchomhdháil acadúil náisiúnta san ollscoil ar an téama, ‘Éire 1916-2016: Gealladh na Ceannasachta Náisiúnta agus na Dúshláin a bhaineann léi’ . Pléifear fís ghlúin na réabhlóide agus na dúshláin atá le sárú anois agus amach anseo i gcomhthéacs an domhandaithe.

– Is Léachtóir Sinsearach le Stair í an Dr Mary N. Harris, is í Comhordaitheoir chlár comórtha Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus is ball í de Shainghrúpa Comhairleach an Rialtais

logo-1916-wide