Deis díoltais ag Muineachán agus McGeeney ag iarraidh stop a chur le Cill Dara

Imreofar na babhtaí deireanacha de na cluichí cáilithe tráthnóna agus Muineachán, An Dún, Cill Dara agus Ard Mhacha uile ag filleadh ar Pháirc an Chrócaigh

Deis díoltais ag Muineachán agus McGeeney ag iarraidh stop a chur le Cill Dara

Conor Maginn (an Dún) agus Kieran Hughes (Muineachán). INPHO/Presseye/Philip Magowan

An Dún v Muineachán, Páirc an Chrócaigh, 5.00i.n.

Níl ann ach sé seachtaine ó chas na foirne seo ar a chéile i gCraobh Uladh agus tabharfaidh cluiche an tráthnóna i mBabhta 4B deis do Mhuineachán díoltas a bhaint amach. Bua gan choinne le dhá phointe a bhí ag fir an Dúin i gcluiche leathcheannais an chúige an mhí seo caite ach beidh orthu an beart a dhéanamh arís eile tar éis do Thír Eoghain an ghaoth a bhaint dá seolta sa chluiche ceannais.

Níor imir Muineachán go maith sa chluiche sin sé seachtaine ó shin agus cé go ndearna siad iarracht teacht aniar a dhéanamh i dtreo dheireadh na himeartha, bhí an iomarca le déanamh acu agus iad seacht bpointe chun deiridh ag staid amháin sa dara leath.

Cé go ndearna Jack McCarron agus Conor McManus scrios do Mhuineachán i rith na sraithe, níor aimsigh an bheirt ach ceithre phointe ón imirt in aghaidh an Dúin agus beidh gá le feabhas uathu beirt más fúthu áit a bhaint amach i gcluiche ceathrú ceannais na hÉireann den cheathrú huair le cúig bliana anuas.

Beidh ar líne lánchúil Mhuineacháin tionchar Connaire Harrison a mhaolú chomh maith. Bhí an lántosach mór lárnach i gcuid mhaith d’ionsaithe an Dúin agus bhraith siad uathu go mór é nuair a bhí ar Harrison an pháirc a fhágáil agus 20 nóiméad fágtha.

Ar a n-aistear tríd an gcúldoras, rinne Muineachán slad ar Loch Garman agus cé go raibh siad ag streachailt ar feadh píosa in aghaidh Cheatharlach, rinne siad an beart ar deireadh. Ba cheart go seasfadh an taithí sin dóibh agus iad ag dul chun páirce i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna.

Rogha Tuairisc.ie: Muineachán

Bainisteoir Ard Mhacha, Kieran McGeeney. INPHO/Donall Farmer

Cill Dara v Ard Mhacha, Páirc an Chrócaigh, 7.00i.n.

Cath Kieran McGeeney. D’éirigh le Cill Dara cluiche ceathrú ceannais na hÉireann a bhaint amach cúig uaire agus McGeeney ina bhainisteoir ar an gcontae sin ach is ina n-aghaidh a bheidh sé tráthnóna agus é ag iarraidh Ard Mhacha a threorú i dtreo an chéad bhabhta eile.

Tá rudaí ag dul go maith do McGeeney anois ina chontae dúchais, cé nach bhfuil mórán airde a tharraingt acu orthu féin. Níor aimsigh aon chontae níos mó scóranna sa tsraith ná  Ard Mhacha – 15-103 i seacht gcluiche. Níl an scrios céanna déanta acu sa chraobh, áfach.

Bhí bua cuimsitheach go maith acu in aghaidh Fhear Manach ach bhí a gcluichí in aghaidh na hIarmhí agus Thiobraid Árann idir dhá cheann na meá go dtí gur aimsigh siad cúil dhéanacha.

Bhí cuma na maitheasa ar Chill Dara i gcraobh an chúige agus cé go raibh naoi bpointe le spáráil ag Baile Átha Cliath orthu sa chluiche ceannais, d’aimsigh foireann Cian O’Neill 1-17 sa chluiche sin, an méid is mó atá géillte ag Baile Átha Cliath i Laighin agus Jim Gavin ina gceann.

Is beag duine a fuair an ceann is fearr ar Brian Fenton i lár na páirce ó tháinig sé isteach ar fhoireann Bhaile Átha Cliath ach bhí Kevin Feely ar fheabhas ansin coicís ó shin agus idir Feely agus na fir mhóra eile atá ag Cill Dara, leithéidí Tommy Moolick, Daniel Flynn agus Paddy Brophy, d’fhéadfadh siad dul chun cinn a dhéanamh san aer in aghaidh Ard Mhacha. Bhain Cill Dara tairbhe as ruathair David Slattery ar an gcliathán an lá eile chomh maith agus má bhíonn siad in ann níos mó deiseanna a chruthú do Niall Kelly, beidh an-seans acu.

Rogha Tuairisc.ie: Cill Dara

Fág freagra ar 'Deis díoltais ag Muineachán agus McGeeney ag iarraidh stop a chur le Cill Dara'