Deis díoltais ag Cúige Mumhan agus Cúige Uladh i gcathanna na gcúigí

Tá an t-am sin bliana linn arís agus na cluichí móra idirchúige á n-imirt sa PRO 12 an deireadh seachtaine seo

Deis díoltais ag Cúige Mumhan agus Cúige Uladh i gcathanna na gcúigí

Ach oiread leis an bhfoireann idirnáisiúnta, bhí cúpla seachtain iontach ag na cúigí agus iad ar fad ag imirt ina gcuid comórtas idirnáisiúnta féin. Ach anois tar éis cluichí crua i gCorn na gCuradh, níl scíth i ndán do na himreoirí, fiú agus an Nollaig ag drannadh linn.

Tá na foirne ar fad dírithe ar na cluichí móra lár séasúir sa bPro 12 agus ar na cluichí idirchúige a bheas á n-imirt an deireadh seachtaine seo. Ar an Aoine, tabharfaidh na Connachtaigh aghaidh ar na hUltaigh agus iad sin sa mbaile i mBéal Feirste. Is cinnte go mbeidh na hUltaigh ag iarraidh torthaí Bhabhta 4 de Chorn na gCuradh a d’imir siad seachtain ó shin a chur ó chuimhne agus filleadh ar bhóthar na mbuaiteoirí arís.

Ní dóigh go mbeidh sé ró-éasca ag na Connachtaigh, in ainneoin an bhua a bhí acu i gcoinne Wasps seachtain ó shin. Ní rómhaith atá ag éirí le fir an iarthair agus iad ar an mbóthar an séasúr seo. Fágann sin gur leis na hUltaigh atá chuile bhuntáiste an Aoine seo. Is cinnte freisin go mbeidh toradh Bhabhta 6 ar a n-intinn acu, ócáid ar éirigh leis na Connachtaigh an ceann is fearr a fháil orthu (30- 25) agus iad ag imirt ar an mBóthar Beag. Má chuirtear deacrachtaí na gConnachtach de bharr líon mór imreoirí a bheith gortaithe san áireamh, tá mise ag tuar go mbainfidh fir Bhéal Feirste díoltas amach sa gcluiche seo.

Ar Lá Fhéile Stiofáin a bheas cluiche mór rugbaí na Nollag á imirt ar Pháirc Thuamhan, nuair a thabharfas na Muimhnigh faoi na Laighnigh i gcluiche barr tábla. Is iad na Muimhnigh atá ar bharr an tábla faoi láthair agus na Laighnigh díreach taobh thiar díobh sa dara háit ach iad ar chomhscór leo. Tá ábhar sárchoimhlinte anseo idir fhoirne a bheas ar thóir bua i dtosach báire, ach bua a thabharfas cearta magaidh agus gleo don bhuaiteoir chomh maith. Ach an oiread leis na Connachtaigh tá a gcuid deacrachtaí féin ag na Laighnigh maidir le himreoirí gortaithe agus le leathchúlaithe amuigh go háirithe. Níl fáil acu ar Sexton ná ar Carbery, rud a fhágann go dtiteann an cúram ar fad ar an ógánach, Ross Bryne don tríú cluiche as a chéile. Mar sin féin, ní bheidh na Laighnigh ag taisteal gan dóchas, iad an-sásta leis an gcaoi ar imir siad sna cluichí Eorpacha a d’imir siad le coicís anuas, ainneoin go raibh siad gan a gcéad rogha imreora i gcúpla áit ar an bpáirc.

Beidh Páirc Thuamhan lán go béal an Luan seo chugainn agus beidh na céadta mílte eile ag breathnú ar TG4 agus Sky do cheann de na coimhlintí is géire in aon chomórtas rugbaí ar domhan. Is deacair toradh an chluiche seo a thuar, is cinnte nach scarfaidh ach scór nó dhó na foirne ag a dheireadh, ach is cinnte freisin go mbeidh toradh Bhabhta 6 den Pro 12 ar a n-intinn ag na Muimhnigh. Bhí an lá le Cúige Laighean (25 – 14) sa gcluiche sin san Aviva. Beidh deis díoltais acu Lá Fhéile Stiofáin, ach í a thapú.

Fág freagra ar 'Deis díoltais ag Cúige Mumhan agus Cúige Uladh i gcathanna na gcúigí'