Deis ag Joe Schmidt súil a chaitheamh ar na cúigí roimh chluiche na All Blacks

Deis iontach atá sa dá chluiche idirchúige an deireadh seachtaine seo do Joe Schmidt imreoir nó beirt atá fós ina chloigeann aige a fheiceáil arís

Deis ag Joe Schmidt súil a chaitheamh ar na cúigí roimh chluiche na All Blacks

Pictiúr: INPHO/James Crombie

Tar éis coicís de Chorn na gCuradh agus na cúigí réasúnta sásta lena gcuid iarrachtaí, tá comórtas an Pro 12 ar ais arís an deireadh seachtaine seo. Beidh foirne na gcúigí ag tabhairt faoina chéile freisin sa gcluiche deiridh roimh thús Chluichí Idirnáisiúnta an fhómhair a bheas ar bun faoi cheann seachtaine.

Deis iontach atá sa dá chluiche idirchúige seo don bhainisteoir Joe Schmidt imreoir nó beirt atá fós ina chloigeann aige a fheiceáil arís dó féin roimh an gcéad chluiche idirnáisiúnta i gcoinne churaidh rugbaí an domhain, na All Blacks, sa Soldier Field i Chicago faoi cheann seachtaine.

Is ar imreoirí na Mumhan agus Uladh, foirne a bheas ag tabhairt faoina chéile i mBéal Feirste an Aoine seo, a bheas Joe agus lucht leanta na gCúigí ag breathnú i dtosach. Is iad na hUltaigh atá ar bharr an Pro 12 faoi láthair agus gan ach cluiche amháin as sé cinn caillte acu go dtí seo. Sa gcúigiú háit ar an tábla atá na Muimhnigh agus dhá chluiche caillte acusan.

Bhí bua ag an dá fhoireann seo agus iad ag imirt i gCorn na gCuradh an deireadh seachtaine seo caite, cé go raibh ar na hUltaigh brath ar phreabchic ó Phaddy Jackson agus an t-am beagnach caite. Ní raibh Cúige Mumhan i mbaol ag tráth ar bith ina gcluiche féin. Ach an mbeidh na Muimhnigh in ann an imirt iontach a chonaic muid uathu agus iad ag imirt ar ócáid an-speisialta ar fhód Thuamhan a aistriú go Béal Feirste?

Sin í an cheist atá ar ghob chuile dhuine. Má éiríonn leo, is cinnte go mbeidh na hUltaigh i dtrioblóid, bheadh foireann ar bith go deimhin leis an gceart a dhéanamh. Feicfidh muid linn.

Ar fhianaise a bhfaca muid ón dá fhoireann seo an deireadh seachtaine seo caite, is léir go bhfuil paca níos láidre ag na Muimhnigh agus gur ag na hUltaigh atá na cúlaithe is fearr. Fágann sin go mbeidh na Muimhnigh ag iarraidh an cluiche a imirt i measc na dtosaithe.  Ní dóigh go mbeidh fir Bhéal Feirste sásta leis an bplean sin. Is cinnte go mbeidh sárchoimhlint againn sa gcluiche seo.  

Ar an Satharn san RDS a bheas na Laighnigh agus na Connachtaigh ag tabhairt faoina chéile den chéad uair ó bhí an lámh in uachtar ag fir an Iarthair i gcraobh an Pro 12 ag deireadh an tséasúir seo caite. Bhí ar na Laighnigh cluiche an-chrua a imirt i ndeisceart na Fraince an Domhnach seo caite agus fuair siad greadadh ceart ó Montpellier.

Ní raibh na deacrachtaí céanna ag fir an Iarthair agus iadsan san Iodáil. Fuair siad an ceann is fearr go héasca ar Zebre le 52 in aghaidh 7.

Sa dara háit ar an tábla atá na Laighnigh, iad ar chomhscór leis na hUltaigh. Tá siad sé áit chun cinn ar na Connachtaigh, foireann atá san ochtú háit agus iad faoi bhrú de bharr an líon dá gcuid imreoirí atá gortaithe. Is léir, dá bhrí sin, gur le fir Laighean atá aon bhuntáiste atá ar fáil roimh thús an chluiche seo, ach cé a chuirfeadh Pat Lam agus a bhuíon as an áireamh?  Caithfidh Leo Cullen agus a fhoireann a bheith an-chúramach.

Fág freagra ar 'Deis ag Joe Schmidt súil a chaitheamh ar na cúigí roimh chluiche na All Blacks'