Deis ag Éirinn an cluiche a bhuachan ach is scéal eile í an tsraith

Caithfidh foireann na hÉireann bearna deich bpointe a thabhairt isteach ina gcluiche in aghaidh na hAstráile, gaisce nach bhfuil déanta i stair na Sraithe Idirnáisiúnta

Deis ag Éirinn an cluiche a bhuachan ach is scéal eile í an tsraith

Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Dé Sathairn, 18 Samhain
An Astráil v Éire, Adelaide, 8.45r.n. (Beo ar RTÉ 2)

I dtreo dheireadh an chluiche in Adelaide an tseachtain seo caite, bhí deis iontach ar chúl ag Shane Walsh na Gaillimhe a cuireadh amú. Dá n-éiríodh leis í sin a bhá san eangach, ní bheadh idir na foirne roimh an dara cluiche maidin amárach ach cúig phointe ach, faraor, chuaigh an liathróid an taobh mícheart den phosta agus caithfidh Éire teacht ar ais agus iad deich bpointe chun deiridh.

Is mór an méid é sin in aghaidh fhoireann seo na hAstráile. Nuair a chuireann siad scoth na n-imreoirí AFL chun cinn don tSraith Idirnáisiúnta, mar atá déanta i mbliana, is deacair iad a shárú.

Ina dhiaidh sin féin, beidh bainisteoir na hÉireann, Joe Kernan, ag súil go bhfuil neart foghlamtha ag a chuid imreoirí roimh an dara cluiche.

An deireadh seachtaine seo caite, ba léir gur tháinig córas cosanta na foirne baile aniar aduaidh ar na hÉireannaigh. Sa chluiche seo, tá cead greamú a dhéanamh ar imreoir seachas iarracht a dhéanamh greim a fháil ar an liathróid féin agus luaigh Conor McManus agus Killian Clarke i rith na seachtaine go raibh na hAstrálaigh an-éifeachtacht ag iarraidh an liathróid a bhaint d’imreoirí na hÉireann.

Chomh maith leis sin, bhí cosantóirí na nAstrálach ag brú suas na páirce agus nuair a rinne na hÉireannaigh iarracht an liathróid a sheoladh sa spás taobh thiar díobh, bhí Brendon Goddard ar a chompord ag teacht amach ón gcúl chun rudaí a ghearradh amach.

Beidh sé sin uile feicthe ag foireann bainistíochta na hÉireann agus é anois mar dhúshlán acu bealach a fháil thart air. Caithfidh siad a bheith níos glice agus an liathróid ina seilbh acu agus gan a bheith ag brath chomh mór céanna ar McManus agus Michael Murphy, a d’aimsigh 44 den 53 phointe a d’aimsigh an fhoireann in Adelaide.

Rud amháin a chabhróidh leo ná go raibh seachtain bhreise ag imreoirí le teacht chucu féin tar éis do thinneas an scuad a bhualadh sna laethanta roimh an gcéad chluiche. Ba léir nach raibh cuid de na himreoirí i mbarr a maitheasa agus ní raibh Enda Smith ná Niall Murphy in ann páirt a ghlacadh sa chluiche fiú.

Tá an bheirt sin ar ais ag traenáil áfach agus, seachas Pearse Hanley a bhris a lámh sa chéad chluiche, beidh gach duine ar fáil, Darren Hughes agus Ciarán Sheehan san áireamh, beirt a tugadh isteach an tseachtain seo.

Beidh sé fós iontach deacair ar Éirinn Corn Cormac McAnallen a thabhairt leo áfach. Níor éirigh le haon fhoireann, Éireannach nó Astrálach, bearna deich bpointe a thabhairt isteach sa dara cluiche i stair na sraithe agus fiú má bhíonn botúin an chéad chluiche curtha ina cheart ag na hÉireannaigh, bhí seachtain bhreise ag a gcéilí comhraic chun feabhas a chur ar chúrsaí chomh maith.

Fág freagra ar 'Deis ag Éirinn an cluiche a bhuachan ach is scéal eile í an tsraith'