Deireadh seachtaine mór cuimhneachán ar thubaiste ‘An Mine’ in Indreabhán faoi lánseol

Léireoidh an comhlacht drámaíochta Fíbín PLÉASC ar an Trá Láir ar an gCoill Rua ag a 8 a chlog tráthnóna

Deireadh seachtaine mór cuimhneachán ar thubaiste ‘An Mine’ in Indreabhán faoi lánseol

Leanfar anocht le ‘Cuimhneachán an ‘Mine’ in Indreabhán i gCois Fharraige. Léireoidh an comhlacht drámaíochta Fíbín PLÉASC ar an Trá Láir ar an gCoill Rua ag a 8 a chlog tráthnóna.

Tá an dráma bunaithe ar an tragóid, atá á comóradh an deireadh seachtaine seo ar fad, a tharla 100 bliain ó shin nuair a phléasc mianach mara ar thrá ar an Lochán Beag sa bhaile Gaeltachta. Maraíodh naonúr fear as an áit sa phléasc.

Léiriú amuigh faoin aer ar an an Trá Mhóir, gar go maith don áit ar tharla an tubaiste féin, a bheidh i léiriú na hoíche anocht. Is é Eoin Mac Diarmada, as an Lochán Beag féin, a scríobh an script agus is é Brendan Murray stiúrthóir an dráma. Bhásaigh sin-seanathair Mhic Dhiarmada, Éamonn Mac Diarmada, sa phléasc in 1917.

Amárach, seolfar an leabhar ‘An Mine’: Sléacht agus Ár i gCois Fharraige sa Phoitín Stil ar an Lochán Beag ag 2.30. Lochlainn Ó Tuairisg a chuir eagar ar an leabhar ar bailiúchán é de scéalta áitiúla agus de thaifead a rinneadh ag an am atá ann. Tá an leabhar lán grianghrafanna agus scéalta ó phobal Indreabhán agus an aidhm atá leis ná léargas a thabhairt ar an scéal daonna atá ag croílár scéil ‘An Mhine’.

Is é Seán  Ó Tuairisg, a rinne cláracha faisnéise faoin scéal do RTÉ Raidió na Gaeltachta san am a chuaigh thart, a sheolfaidh an leabhar.

Beidh coirm cheoil mhór ar siúl i Seanscoil Sailearna san oíche amárach, ag 8.30pm. I measc na ngrúpaí a bheidh ar an stáitse beidh Club Óige Lurgan a léireoidh dráma gearr faoin eachtra. Beidh na ceoltóirí Johnny Óg Connolly, Toner Quinn, Mattie Joe Shéamuis, Johnyny Phádraig Pheter, Glór na dTonn agus Ceoltóirí Óga Chois Fharraige ann freisin chomh maith leis na hamhránaithe clúiteacha Máire Pheter agus Caitlín Ní Chualáin.

Cuirfear deireadh leis an deireadh seachtaine cuimhneacháin tráthnóna Dé Domhnaigh nuair a nochtfar leacht chuimhneacháin i Reilig an Bhóthair Mhóir i gcathair na Gaillimhe, áit ar cuireadh na fir a maraíodh sa phléasc 100 bliain ó shin. Cuireadh ball na gcorp a bailíodh i ndiaidh na tubaiste in aon chónra amháin sa reilig chathrach. Is ag geata na reilige a nochtfar an leacht chuimhneacháin.

Fág freagra ar 'Deireadh seachtaine mór cuimhneachán ar thubaiste ‘An Mine’ in Indreabhán faoi lánseol'