Deireadh Scéala Éireann: bás mall a d’fhéadfaí a sheachaint

Dúnadh Scéala Éireann taca an ama seo 20 bliain ó shin. Bhí Seán Ó Mainnín ina leaseagarthóir air ag an am. Roinneann sé a chuid smaointe faoi chailliúint a d'fhéadfaí a sheachaint

Eagarthóir Scéala Éireann Tim Pat Coogan ag breathnú ar leagan amach nua an nuachtáin i 1985. PIC PHOTOCALL IRELAND
Tim Pat Coogan, Iar-Eagarthóir Scéala Éireann. Pic: Photocall Ireland

Agus iriseoirí, aisteoirí agus léiritheoirí raidió is teilifíse ag bailiú le chéile i seomra bál ‘Inis Mór’ in Óstán an Radisson Blu i nGaillimh Dé hAoine seo caite, bhí buíon eile iriseoirí ag cruinniú leo i gClub na Múinteoirí, Cearnóg Pharnell i mBaile Átha Cliath.

Ag ceiliúradh an aitheantais a thugtar d’fheabhas a gcuid oibre – Gradaim Chumarsáide an Oireachtais – a bhí lucht an Radisson. Bhí lucht Chearnóg Pharnell ag comóradh an méid céanna – tráth dá raibh; iad ag comóradh agus ag caoineadh teip agus deireadh ré. Múchadh soilsí seomra nuachta an ghrúpa nuachtán, Scéala Éireann, den uair dheiridh taca an ama seo 20 bliain ó shin. Ba é, ag an am, an comhlacht dúchasach ba mhó riamh a dhún, tráth ar tugadh an bóthar do 600 duine. Sna seachtóidí dhíol Scéala Éireann thart ar 120,000 cóip in aghaidh an lae, Scéala an Tráthnóna 150,000 agus Scéala an Domhnaigh os cionn 300,000. Sin thart ar 2 mhilliún cóip in aghaidh na seachtaine. Fiche bliain ina dhiaidh sin chuaigh sé go tóin poill, ceal díolacháin, ceal airgid, ceal cinnireachta.

Luadh an comhchomóradh ar stáitse an Radisson agus rinneadh bualadh bos dea-mhéine domsa – ambasadóir Scéala Éireann ar an oíche – agus do lucht an phreasa san oirthear, rud a bhí go deas agus a thaitnigh le hiaroibrithe Scéala Éireann nuair a chuala siad faoi.

Dá fheabhas saothar na mbuaiteoirí a fógraíodh sa Radisson, ba léir rud amháin: ní bheadh tuairim bheo ag cuid acu faoi Scéala Éireann. Ní mór duit a bheith go maith os cionn tríocha bliain d’aois dáiríre le cuimhniú ar lógó an Fhéinics ar bharr Scéala Éireann agus an mana cáiliúil sin ar bharr Scéala an Domhnaigh a luadh go minic le bród nó le searbhas, “Do chum Glóire Dé agus Onóir na hÉireann”.

Ach bíonn nasc le Scéala Éireann le fáil gach áit agus duine de na buaiteoirí sa Radisson, Rónán Mac Aodh Bhuí, d’oibrigh sé mar cholúnaí i Scéala Éireann in aimsir na “typewriters”. Mise a thug an post agus mo chlóscríobhán dó. Dúirt buaiteoir Buaicghradam Cumarsáide na bliana seo, Tomás Mac Con Iomaire, liom le déanaí gur chuir sé isteach ar phost i Scéala Éireann agus é ag tosú mar iriseoir. Ráinig, áfach, gur tháinig rud níos gaire don bhaile, Raidió na Gaeltachta, ar an bhfód agus seo le Tomás ag obair ansin gan mhoill.

Ba scrios ceart dúnadh Scéala Éireann don chéad chlódóir nó níos mó a bhí ag obair ann. Is ar éigean gur oibrigh 10% díobh sa cheird sin ina dhiaidh – bhí ré an chlódóra istigh. D’éirigh cuibheasach maith le hiriseoirí Scéala Éireann ina dhiaidh, áfach. Chuaigh go leor acu leis na príomhnuachtáin agus le RTÉ.

Sa lá inniu, ní féidir féachaint ar an teilifís ná éisteacht leis an raidió ná leathanach nuachtáin a iompú gan teacht ar dhuine acu; Ray Kennedy, Dave McCullagh, Donagh Diamond, Brian Dowling, David Davin-Power, Seán O’Rourke – is liosta le háireamh iad.

Is i gcéarta Scéala Éireann a d’fhoghlaim Eagarthóir Nuachta RTÉ, Ray Burke, a cheird. Scríobh sé leabhar faoin nuachtán dar teideal Press Delete, ina bhfuil dianainilís déanta aige ar a chuid suáilcí, duáilcí, láidreachtaí agus laigí. Fuair go leor eile postanna san Irish Independent agus san Irish Times; John Downing, colúnaí; Charlie Weston, Eagarthóir Airgead Pearsanta leis an Independent. Tugann Stephen Collins agus Harry Magee luach a saothair do léitheoirí an Irish Times na laethanta seo.

Cé gur threabh Liam Mackey (Irish Examiner) agus Declan Lynch (Sunday Independent) gort Hotpress ar feadh tamall maith, is tábhachtach leo beirt na tréimhsí a thug siad mar iriseoirí le Scéala Éireann. Chuaigh mé féin ag obair don nuachtán Foinse, foilseachán breá eile nach maireann, agus táim i gConamara ó shin.

Ach is cuma an bhfuil tú níos fearr nó níos measa as fiche bliain i ndiaidh dhúnadh na ndoirsí i mí Bealtaine 1995, fanann cuid den olc faoin méid a tharla ionat i gcónaí. Ní hamháin faoin teip ach faoi na blianta fada a cuireadh amú nuair ba léir go raibh teip i ndán dúinn mura n-athródh cúrsaí.

Má bhí cuma níos measa ar aon ghrúpa nuachtán eile tráth, ba é an Irish Independent é. Ach tharla cor i gcinniúint Scéala Éireann agus an Independent sna seachtoidí nuair a cheannaigh Tony O’Reilly an Independent. Fuair sé réidh leis an dearcadh coimeádach, an meon ‘déanfaidh-sé-cúis’ a bhí ann, spreag sé iomaíocht agus leag sé struchtúr gnó a bhfuil a rian fós le feiceáil go dtí an lá inniu ann. Ba é an Independent an custaiméir ba mhó fógraíocht ag RTÉ  ar feadh na mblianta agus nach sinne, iriseoirí an Press, a bhí bréan de bheith ag éisteacht lena bhfógraí raidió. Is léir go ndeachaigh siad i bhfeidhm ar an margadh mar sin féin.

Ní fhéadfadh feidhmeannaigh Scéala Éireann ach seasamh siar agus lán a súl a bhaint as míorúilt mhargaíochta an Indo. Uair amháin sna hochtóidí sheol an Independent comórtas “Lotto” (roimh theacht an Chrannchuir Náisiúnta féin). Thug Scéala Éireann chun na cúirte iad chun é a stopadh. Chaill siad. Thosaigh siad a ‘Lotto’ féin. B’shin an cineál “plean gnó” a chonacthas in imeacht na mblianta.

Rinneadh margadh le gnó nuachtán i Meiriceá, Ingersoll, sna nóchaidí chun seirbhísí bainistíochta a chur ar fáil don ghrúpa, admháil thruamhéalach dáiríre nach raibh siad féin in ann an jab a dhéanamh. Thit siad amach lena chéile agus bhuaigh Scéala Éireann cás dlí. Bhuaigh siad trí mhilliún punt chomh maith, ach an lá ar éirigh le hathchomharc Ingersoll, b’shin deireadh le Scéala Éireann.

Creidim gurbh fhéidir an méid seo a sheachaint. Bhí go leor airgead infheistíochta ag teastáil le crut éifeachtach a chur ar na nuachtáin. Bhí go leor ‘Tony O’Reillys’ eile amuigh ansin a bhí meáite ar sheilbh a fháil ar nuachtáin fhadbhunaithe ar nós Scéala Éireann. Thriail Tony O’Reilly é féin é a cheannach, ach cuireadh srian air de bharr rialacha iomaíochta.

An fhadhb is mó a bhí ann ná nach raibh na scairshealbhóirí sásta é a dhíol agus bailiú leo. Bhí fonn orthu é a dhíol agus fanacht – iad ag súil le ról lárnach tábhachtach a bheith acu sna blianta ina dhiaidh.

D’fhéach na ceannaitheoirí ar a ndindiúirí agus shocraigh siad imeacht áit éigin eile.

B’shin deireadh Scéala Éireann.

Fág freagra ar 'Deireadh Scéala Éireann: bás mall a d’fhéadfaí a sheachaint'