Deireadh ré i gCiarraí agus Marc Ó Sé éirithe as a bheith ag imirt dá chontae

Faoi mar a rinne a bheirt deartháireacha roimhe, ba in agallamh ar An Saol Ó Dheas a d’fhógair Marc Ó Sé go raibh deireadh a chur aige lena sheal glórmhar leis an Ríocht

Deireadh ré i gCiarraí agus Marc Ó Sé éirithe as a bheith ag imirt dá chontae

Tá sé fógartha ag Marc Ó Sé go bhfuil sé ag éirí as a bheith ag imirt do Chiarraí. INPHO/James Crombie

Tá sé fógartha inniu ag Marc Ó Sé, duine de mhórlaochra na peile i gCiarraí, go bhfuil sé ag éirí as a bheith ag imirt dá chontae.

Faoi mar a rinne a bheirt deartháireacha, Darragh agus Tomás, roimhe, ba in agallamh lena iarchomrádaí caide Dara Ó Cinnéide ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta a d’fhógair Ó Sé nach mbeadh sé ag imirt dá chontae feasta.

Deireadh ré atá ann i gcúrsaí peile i gCiarraí, agus fágann fógra an lae inniu go mbeidh Ciarraí ag dul chun catha in 2017 agus gan aon duine de mhuintir Shé Ard an Bhóthair acu den chéad uair ó 1993.

Ba i 1994 a thosaigh Darragh Ó Sé, a d’imir 81 cluiche craoibhe, ag imirt do Chiarraí. D’éirigh Darragh as i dtús na bliana 2010 agus rinne Tomás Ó Sé amhlaidh in 2013.

D’imir Marc agus Tomás 88 cluiche craoibhe, níos mó ná aon duine eile.

Ba in 2001, le linn dá uncail, Páidí, a bheith ina bhainisteoir ar Chiarraí a bhain Marc áit amach ar dtús ar phainéal Chiarraí. Bhuaigh sé cúig bhonn uile-Éireann agus trí ghradam All Star agus bronnadh gradam Peileadóir na Bliana air in 2007.

Bhain fear na Gaeltachta, atá 36 bliain d’aois, cáil amach le Ciarraí mar chosantóir ildánach a leagtaí mar chúram air i gcónaí an tosaí is fearr a bhí ag an bhfoireann eile a choinneáil faoi chois. Áirítear freisin é ar dhuine de na cosantóirí ba sciliúla riamh agus ba mhinic a facthas é ag tabhairt na gcosa leis le sleaischéim ealaíonta agus ag dul ar ruathar suas faoin bpáirc chun scór cinniúnach a aimsiú.

Ba bheag a chuimhnigh Marc nuair a thosaigh sé le Ciarraí in 2001 go n-imreodh sé níos mó cluichí eile ná aon duine eile seachas Tomás.

“Níor cheapas riamh go mbeadh 88 cluiche imeartha agam. Is cuimhin liom 2001, nuair a thosnaíos, bhíos thuas i nDurlas ag féachaint ar Chiarraí ag imirt. Cuireadh Tomás den ghort agus bhíos ag suí in aice le m’athair, beannacht Dé air, agus dúras leis, ‘B’fhéidir go ngeobhaidh mé mo sheans anois agus Tomás curtha den ghort!,’ agus sin é mar a thit amach.

“Bhí cluiche maith agam i gCraobh an Chontae in aghaidh Johnny Crowley agus tugadh isteach mé.  Ní raibh ach 24 ar an bpainéal ag an am agus bhíos ag dul isteach agus ag marcáil leithéidí Mike Frank [Russell], a bhí mar All-Star in 2000.”

Ní haon chúis imní dó nár éirigh leis an 89ú cluiche a imirt chun an ceann is fearr a fháil ar a dheartháir.

“Ní raibh sé sa cheann agam ach bheadh craic agat le Tomás alright. Nuair a bhíonn daoine ag caint air, is ansin a thugann tú faoi deara é agus bhíos ag féachaint ar sin alright agus bhí an-chraic ag an mbeirt againn le chéile.

“Is dóigh liom go ndúirt duine éigin le Tomás go raibh ‘Marc imithe chun cinn ort’ agus bhí sé tapaidh a dhóthain chun a rá, ‘Níl sé imithe chun cinn orm, tá sé ar comhleibhéal liom!” 

D’fhág a raibh bainte amach ag a mhuintir le Ciarraí go raibh brú ar Mharc gaisce a dhéanamh agus é óg.

“Gan dabht. Is cuimhin liom lá amháin, bhíos mar mhionúr agus ní raibh an fhoireann roghnaithe ag Charlie Nelligan fós agus tháinig Paidí isteach go dtí’n gcistin chugam agus dúirt sé, ‘Tá All-Ireland Minor medal ag d’uncail Tom, d’imríos trí bliana leis na Kerry Minors, bhí do dheartháir Fergal mar chaptaen ar na Minors, bhí Darragh mar Kerry Minor agus bhí Tomás mar Minor ar feadh dhá bhliain. ‘Níl aon bhrú ort anois!’ a dúirt sé.  So, bhí ualach brú orm!

“Ní dheineamar go maith faoi aois le Ciarraí ag an am ach, go pearsanta, ní rabhas chomh láidir agus a bhí b’fhéidir Tomás, Darragh agus Feargal. B’fhéidir go raibh corp m’athar agam. Deirtear go raibh Tomás agus Fergal cosúil le Páidí agus go rabhas féin cosúil le m’athair. Thóg sé cúpla bliain orm an obair sin dhéanamh ag dul isteach sa gym. Bhí John O’Keeffe liom, agus dúirt seisean go raibh obair le déanamh agam.”

Labhair Marc chomh maith faoi na hathruithe atá tagtha ar an gcluiche ó thosaigh sé amach le Ciarraí i dtús na mílaoise.

“Ba í an bhliain seo an chéad uair go raibh scuabadóir nó ‘sweeper’ againn. Gach aon bhliain, bhí mise ag féachaint ar leithéidí Dhún na nGall agus bhíodh trí All-Stars acu i measc na gcosantóirí. Bhíodh Tomás a rá, dá mbeadh ‘sweeper’ againne bheadh seacht nó hocht de All-Stars againn!”

Ghoill an cluiche ceannais a chaill Ciarraí i gcoinne Ard Mhaca in 2002 go mór ar Mharc, go háirithe agus Darragh ina chaptaen agus mar gur cailleadh a n-athair an bhliain chéanna.

“Bhí sé sin crua. Bhraitheas [trua] do Dharragh mar bhí sé mar chaptaen agus bhí sé ag imirt nótálta ar fad an bhliain sin agus nuair ná bhuamar, bhí sé an-dheacair ar fad. Na cinn a chailleann tú, is ar na cinn sin a chuimhníonn tú.

“Nuair a bhí muid ag imirt Ard Mhacha [cluiche ceathrú ceannais na hÉireann 2006], bhí seans againn díoltas a bhaint amach. Ní maith liom an focal sin agus níl sé úsáidte agam riamh, ach b’fhéidir an lá sin, bhí beagáinín díoltais ann!”

 

Fág freagra ar 'Deireadh ré i gCiarraí agus Marc Ó Sé éirithe as a bheith ag imirt dá chontae'