Deireadh ré do mhainicíní fir – #DGMillennials ina n-áit

Réaltaí de chuid na meán sóisialta á n-úsáid in áit na mainicíní gairmiúla ag seónna faisin na bhfear

Deireadh ré do mhainicíní fir – #DGMillennials ina n-áit

Cameron Dallas

Is fir iad leath de dhaonra an domhain, ach is cinnte gur ar na mná a bhí tionscal an fhaisin dírithe den chuid is mó in imeacht na mblianta.

Is dócha gur ar an gcúis sin a shamhlaítear obair na mainicíneachta le mná seachas le fir. Is beag duine nár chuala caint ar Naomi Campbell, Kate Moss, Cindy Crawford nó Gisele Bündchen, ach tá réaltaí i measc na bhfear freisin a bhain cáil amach dóibh féin ar na hardáin faisin – David Gandy, Tyson Beckford agus Sean O’Pry, ina measc.

Nó, bhíodh go dtí seo.

Is cosúil anois go bhféadfadh deireadh ré a bheith i ndán do na mainicíní fir. Agus muid i gceartlár shéasúr seónna faisin na bhfear, tá sé suntasach gur ar réalta na meán sóisialta is mó atá na dearthóirí móra faisin ag tarraingt lena gcuid éadaigh a chur ar taispeáint seachas ar mhainicíní gairmiúla.

Bhí an treo nua seo le tabhairt faoi deara go háirithe i seó Dolce & Gabbana i Milan an deireadh seachtaine seo caite.

Tá ciall ag baint leis an gcur chuige nua seo. Má roghnaíonn tú daoine a bhfuil na milliún de lucht leanta acu cheana féin ar na meáin shóisialta le dul i mbun mainicíneachta, tá seans maith go meallfar sciar suntasach den lucht leanúna sin le súil a chaitheamh ar na seónna faisin.

Jim Chapman

Roghnaíodh Cameron Dallas, nach bhfuil ach 22 bliain d’aois agus nach raibh páirteach riamh i seó faisin, le tús a chur le taispeántas D&G. Tá a cháil bunaithe ar an íomhá atá forbartha aige ar na meáin shóisialta – tá 17.4 milliún de lucht leanta aige ar Instagram agus 9.74 milliún ar Twitter.

Tá lucht leanta láidir freisin ag cuid eile de na réaltaí eile a cuireadh ar an ardán céanna leis  – Jim Chapman (2.3 milliún ar Instagram), Marcus Butler (3.6 milliún ar Instagram) agus Juanpa Zurita (6.8 milliún ar Instagram).

D’úsáid D&G an chlib #DGMillennials le haird a tharraingt ar na daoine iomráiteacha a bhí curtha i mbun obair mhainicíneachta acu den chéad uair.

Baineadh úsáid as cleas eile leis an seó faisin a chuir i lár an aonaigh – ógánaigh a bhfuil tuismitheoirí cáiliúla acu a roghnú mar ‘mhainicíní’ – clann Sylvester Stallone, Lionel Richie agus Jude Law. Ar ndóigh, tá ardán láidir acu seo ar fad freisin ar na meáin shóisialta, agus sna meáin thraidisiúnta, agus is cinnte gur tharraing siad aird bhreise ar an seó.

Beidh sé suimiúil a fheiceáil an scaipfidh an nós nua seo, réaltaí de chuid na meán sóisialta a bheith á gcur chun cinn i saol an fhaisin ag na dearthóirí mór le rá. Tá seans láidir ann gur mar sin a tharlóidh má thugann siad leo a lucht leanúna le tacaíocht a thabhairt do na comhlachtaí deartha agus dá dtáirgí.

Agus más leis na fir a thosaigh sé, nach dócha go leanfaidh sé leis na mná? D’fhéadfadh deireadh ré a bheith i ndán freisin don ghlúin nua mainicíní gairmiúla a bhí ag teacht chun cinn – Taylor Hill, Cara Delevingne agus Bella Hadid, ina measc.

Fág freagra ar 'Deireadh ré do mhainicíní fir – #DGMillennials ina n-áit'