Deireadh ré d’Enda Kenny mar Thaoiseach agus é molta mar ‘tírghráthóir’ ag ceannaire FF

D’fhógair an Taoiseach sa Dáil tráthnóna go raibh faoi dul chun Áras an Uachtaráin chun a chur in iúl d’Uachtarán na hÉireann go bhfuil sé ag éirí as oifig

Deireadh ré d’Enda Kenny mar Thaoiseach agus é molta mar ‘tírghráthóir’ ag ceannaire FF

Tá Enda Kenny ag éirí as mar Thaoiseach i ndiaidh dó sé bliana a thabhairt i bhfeighil an Stáit.

Ag labhairt dó i nGaeilge sa Dáil tráthnóna, d’fhógair an Taoiseach go raibh faoi dul chun Áras an Uachtaráin chun a chur in iúl d’Uachtarán na hÉireann go bhfuil sé ag éirí as oifig.

Agus é ag tagairt do ráiteas faoi ghairm na polaitíochta a rinne iaruachtarán de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá Teddy Roosevelt, dúirt Enda Kenny “politics is work worth doing”.

Thagair sé chomh maith do ráiteas a rinne Michael Davitt: “To all my friends I leave kind thoughts. To others I express my fullest forgiveness, and to Ireland, my prayer for undying peace and independence”.

Lean sé air i mBéarla agus dúirt sé gur aithin sé nach raibh gach rud a rinne sé ‘ceart’ ach gur leisce í an tsoiniciúlacht agus gurb í an t-aon slat tomhais ar an bhfiúntas agus an misneach ná ‘coinneáil ort arís agus arís eile’.

Ag labhairt dó i nGaeilge ag tús a óráide, dúirt Micheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil, gur “tírghráthóir” é Kenny a chuir “an daonlathas” chun cinn ina chuid oibre.

Dúirt ceannaire Shinn Féin, Gerry Adams gur duine “an-chairdiúil” Enda Kenny a rinne “a dhícheall” agus gurbh é an ceannaire is fearr a bhí ag Fine Gael riamh.

Dúirt sé áfach gur locht mór ar Kenny nár thug sé ar dhaoine freagracht a ghlacadh as an méid a rinne siad.

Tá Kenny ina Thaoiseach ón 9 Márta 2011 agus ar an 6 Bealtaine 2016 toghadh ina Thaoiseach athuair é  — rud a d’fhág gurbh é an chéad Taoiseach de chuid Fhine Gael ar éirigh leis dhá théarma i ndiaidh a chéile a bhaint amach.

Toghadh ina Theachta Dála den chéad uair é sa bhliain 1975 i bhfothoghchán a reáchtáladh nuair a bhásaigh a athair, Anraoi Ó Cionnaith, a bhí ina Theachta Dála ó 1954.

Ba é Enda Kenny an Teachta Dála ab óige sa 20ú Dáil agus gan é ach 24 bliain d’aois.

Tá sé anois ar an Teachta Dála is faide sa Dáil agus i measc na dTeachtaí Dála is sine.

Ar an 20 Aibreán, bhí tréimhse níos faide caite aige in oifig an Taoisigh ná mar a chaith John A Costello, an Taoiseach is faide de chuid Fhine Gael a bhí ag an tír roimhe sin.

Toghadh Enda Kenny ina Thaoiseach ar dtús i dtréimhse chorraitheach i stair an Stáit agus an Rialtas ag iarraidh dul i ngleic leis an ngéarchéim eacnamaíochta. Cuireadh go leor ciorruithe i bhfeidhm le linn a chéad thréimhse mar Thaoiseach agus rinneadh cáineadh géar ar pholasaí déine a rialtais, agus theip ar Fhine Gael cuid mhaith de na gealltanais toghchánaíochta a rinne siad a chomhlíonadh.

Ar an taobh eile den scéal, tugtar creidiúint do Kenny as an bhfeabhas atá tagtha ar chúrsaí eacnamaíochta le tamall de bhlianta anuas agus as a chur chuige fuinniúil in Oifig an Taoisigh. Íorónta go maith, tá moladh faighte aige chomh maith ón uair ar thosaigh an brú air éirí as agus creidiúint tugtha dó das an tslí ar láimhseáil sé scéal an Bhreatimeachta.

Is cainteoir líofa Gaeilge é an Taoiseach agus chaith sé go leor ama le linn a óige i gceantair Ghaeltachta éagsúla, go mór mór Conamara agus Inis Oírr. Bhí a athair, Anraoi Ó Cionnaith, ina mhúinteoir Gaeltachta agus bhí lámh aige i mBailiúchán na Scol i gceantair Ghaeltachta.

Ainneoin an chúlra Gaeilge agus Gaeltachta atá ag Kenny,  is beag duine a déarfadh gur fear é a bhfuil aon mhórghaisce déanta aige ar son na teanga.

Bhí Kenny ina cheannaire ar Fhine Gael le linn fheachtas Olltoghchán 2011, agus ba é a mhol go gcuirfí deireadh leis an nGaeilge éigeantach san Ardteist. Ba é a bhí ina Thaoiseach nuair a d’éirigh Seán Ó Cuirreáin as a phost mar Choimisinéir Teanga mar agóid i gcoinne fhaillí an Rialtais i leith na teanga, agus ba é a chinn gan aireacht shinsearach a thabhairt don Ghaeltacht agus an cúram sin a leagan ar Aire Stáit, Joe McHugh, nach raibh líofa sa Ghaeilge.

Ar an láimh eile, tugadh isteach le linn ré an Taoisigh polasaí oideachais nua don Ghaeltacht a bhféadfaí tairbhe mór a bhaint as má chuirtear i bhfeidhm i gceart é agus is minic a labhair sé i nGaeilge agus é i mbun a dhualgais.  Thug sé a bheannacht le déanaí chomh maith do na leasuithe atá molta don Acht Teanga, dréachtreachtaíocht ar chuir an Coimisinéir Teanga, Conradh na Gaeilge agus polaiteoirí an fhreasúra fáilte roimpi.

Fág freagra ar 'Deireadh ré d’Enda Kenny mar Thaoiseach agus é molta mar ‘tírghráthóir’ ag ceannaire FF'