Deireadh le fógra fiuchta uisce ar an gCeathrú Rua

D’fhógair Uisce Éireann inniu gur féidir le custaiméirí a fhaigheann a gcuid uisce ó Scéim Phoiblí Uisce na Ceathrún Rua an t-uisce a úsáid go sábháilte arís

Deireadh le fógra fiuchta uisce ar an gCeathrú Rua

Tá deireadh curtha leis an bhfógra fiuchta uisce a bhí i bhfeidhm ar an soláthar uisce ar an gCeathrú Rua ón 5 Márta i mbliana anois bainte de ag Uisce Éireann.

D’fhógair an comhlacht inniu gur féidir le custaiméirí a fhaigheann a gcuid uisce ó Scéim Phoiblí Uisce na Ceathrún Rua – Cinn Mhara, Béal an Daingin, Camas, Casla, Gleann Trasna agus Muiceanach, chomh maith leis an gCeathrú Rua féin – an t-uisce a úsáid go sábháilte arís.

“Is féidir le custaiméirí an soláthar uisce a úsáid arís don ól,           réiteach bia agus scuabadh fiacla mar is gnáth,” a dúradh sa ráiteas a d’eisigh an comhlacht.

Tá milliún euro curtha isteach ag Uisce Éireann in ionad nua cóireála uisce ar an gCeathrú Rua agus tá an obair thógála sin anois críochnaithe.

Dúirt Uisce Éireann agus Comhairle Chontae na Gaillimhe sa ráiteas gur údar aiféala dóibh an mhíchaoithiúlacht a d’fhulaing muintir na háite le linn tréimhse an fhógra fiuchta uisce.

Tá fáilte curtha ag an Seanadóir de chuid Shinn Féin, Trevor Ó Clochartaigh roimh an scéala go bhfuil deireadh leis an bhfógra.

Dúirt an Seanadóir, áfach, go bhféadfadh an cás a bheith réitithe “i bhfad ó shin dá dtabharfaí aird ar mhuintir an háite”.

“Gan dabht tá faoiseamh áirithe i bhfógra an lae inniu go bhfuil  an t-uisce anois, de réir bharúil Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, sábháilte le n-ól. Cuireadh isteach go han-mhór ar phobal na háite agus leagadh ualach mór costais orthu de bharr an fhógra fiuchta uisce a bhí i bhfeidhm.

“D’fhéadfadh an cás seo a bheith réitithe i bhfad ó shin dá dtabharfaí aird ar mhuintir na háite agus dá mbeadh an obair uasghrádaithe déanta níos luaithe, mar a d’iarr muid,” a dúirt an Seanadóir, atá ina chónaí sa cheantar.

Dúirt Ó Clochartaigh go mbeidh sé ag lorg “breis eolais theicniúil” lena chinntiú go bhfuil an t-uasghrádú a rinneadh ar an gcóras soláthair uisce “feiliúnach sa bhfadtéarma” leis an soláthar uisce sa cheantar a chosaint ó chripteaspóiridiam.

“Ní mór d’Uisce Éireann a shoiléiriú chomh maith go bhfuil na ceadanna cuí pleanála acu don ionad ar fad agus nach réiteach gearrthréimhseach atá anseo agus nach bhfuil aon bhaol ann go dtógfar aon chuid den chóras scagtha amach as an ionad níos déanaí gan a mhalairt de chóras a bheith i bhfeidhm,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Deireadh le fógra fiuchta uisce ar an gCeathrú Rua'