Deireadh ciúin tagtha le cás an tí ar ‘scuabadh chun siúil é’ ar Oileán Thoraí

Tháinig deireadh an tseachtain seo caite le cás cúirte a tharraing cáil ar Thoraigh ar fud an domhain

Deireadh ciúin tagtha le cás an tí ar ‘scuabadh chun siúil é’ ar Oileán Thoraí

Pictiúr: RollingNews.ie

Tháinig deireadh go ciúin sa Chúirt Uachtarach Déardaoin seo caite le ceann de na cásanna ardchúirte ba dhrámatúla dar bhain riamh le Dún na nGall.

Dhíbh an Chúirt Uachtarach achomharc Patrick Doohan, iar-úinéir Óstán Thoraí, in éadan breithiúnas ardchúirte gur leag sé teach an scannánaí, Neville Presho ar Oileán Thoraí mar go raibh an teach ag dul idir an tÓstán agus radharc na farraige.

Tharraing an cás cáil ar Thoraigh ar fud an domhain.

Chuir duine, nó daoine, anaithnid teach Phresho trí thine mí Eanáir 1993. Cuireadh fios ar na Gardaí, ach bhí sé seachtaine ann sula ndeachaigh Garda go Toraigh. Thar thréimhse bliana, leagadh ballaí an tí le JCB. Bhí Presho ar imirce sa Nua-Shéalainn ag an am.

D’fhill Presho go hÉirinn ar cuairt i samhradh 1994. Tháinig seisean, a bhean agus a gclann isteach go Toraigh ar an bhád. Chonaic sé ón mbád go raibh teach s’aige sciobtha chun siúil, agus carrchlós an óstáin san áit a mbíodh sé. “It’s gone, the house is gone,” a dúirt sé arís agus arís eile. Níorbh eol do dhuine ar bith i dToraigh céard a tharla, ach fear amháin a dúirt: “It would be better if you didn’t ask about that.”

Ní raibh Presho riamh mar a bhíodh roimhe sin. Ní dhearna sé scannán ar bith eile. Fuair an dúlagar agus an t-ól araon greim air. Chuir sé isteach sealanna fada in ospidéil. Shíl dochtúir gur comhartha meabhairghalair a bhí ann nuair a d’inis sé scéal s’aige. Theip glan air a chearta a bhaint amach. Ansin, Satharn Cásca 2003, tharla go raibh mé ar an bhád isteach go Toraigh. Chuir fear forrán cainte orm: dar leis go raibh an chuma orm gur duine suimiúil mé. Presho a bhí ann.

B’eol dom ar bhain don teach, ó scéal a fuair mé ó bhean ar an oileán. Chuir mé Presho i dteagmháil leis an dlíodóir Michael Gillespie sna Rosa.

Thóg sé sé bliana ar Gillespie an cás a thabhairt chun na hArd-Chúirte. Bhí an chéad éisteacht i Leitir Ceanainn i Márta 2009.

De ghlór ciúin, thug Presho fianaise dhrámatúil uaidh faoin lá ar tháinig isteach go Toraigh agus gur thug sé faoi deara go raibh teach s’aige scuabtha chun siúil. Labhair sé faoin dóigh gur bhuail tinneas é. Chluinfeá biorán ag titim.

An lá dár gcionn, bhí an scéal sna meáin.

Níor tugadh breithiúnas go dtí mí na Samhna 2009. Rialaigh an Breitheamh Roderick Murphy gur scrios Doohan an teach, agus d’ordaigh dó cúiteamh €46,000 a dhíol le Presho.

D’iarr Doohan agus comhlacht s’aige, Óstán Thoraí, achomharc chun na Cúirte Uachtaraí. Glacadh lena iarratas agus mar choinníoll leis sin, bhí air an €46,000 a chur i gcuntas speisialta bainc. Dhíbh an chúirt achomharc na comhlachta i mí na Samhna anuraidh, agus díoladh an €46,000 le Presho.

Thug Doohan le fios ansin go raibh sé ag leanúint le hachomharc lena ainm a ghlanadh, ach ní raibh seisean ná a dhlíodóir sa chúirt Déardaoin seo caite. Dhíol sé Óstán Thoraí trí bliana ó shin, agus tá sé ag obair mar thiománaí bus i Londain anois. Tá Presho ina chónaí i gcontae an Dúin, an tsláinte teipthe air agus é i ndiaidh sé mhí a chur isteach in ospidéal.

Fág freagra ar 'Deireadh ciúin tagtha le cás an tí ar ‘scuabadh chun siúil é’ ar Oileán Thoraí'