Deireadh cinnte anois leis an tseanpholaitíocht sa Spáinn

Imní ar údaráis an Aontais Eorpaigh faoi pholaitíocht na Spáinne agus an dara olltoghchán le sé mhí anuas ar an 26 Meitheamh

Mariano Rajoy
An Phríomh Aire Mariano Rajoy

Tá cúis imní nua ag bunaíocht na hEorpa – An Spáinn. Léiríonn na pobalbhreitheanna is deireanaí ón tír sin go bhfuil an páirtí daonlathach sóisialach (PSOE) díbeartha anois go dtí an tríú háit ag an gcomhghuaillíocht idir Unidos (comheagras ón eite chlé de chumannaigh is eile) agus Podemos (an páirtí nua frithdhéine).

Áirítear go mbeidh os cionn 25% den tacaíocht ag Unidos Podemos – a chiallaíonn ‘is féidir linn agus muid aontaithe’ –  agus nach mbeidh ach 21% ag an PSOE.

Cé go bhfuil an páirtí caomhach, Partido Popular, sa gcéad áit le 29% den vóta, glactar leis nach mbeidh aon chomhpháirtithe eile acu le cabhrú leo rialtas a bhunú; sin mar a tharla cheana féin sa toghchán is deireanaí a bhí ann.

Tá an chomhghuaillíocht nua ag tabhairt guth níos láidre dóibh siúd a dhiúltaíonn don pholasaí déine a bhrúigh an tAontas Eorpach ar an Spáinn, faoi mar a bhrúdh déine orainne in Éirinn.

Agus mar a tharla in Éirinn le scrios Pháirtí an Lucht Oibre is é an PSOE is mó atá ag dul ar gcúl agus a sciar den vóta laghdaithe ó 48% i 1982 go dtí 21% inniu.

Tá ceist mhór ann, ar ndóigh – an dtabharfadh an PSOE tacaíocht do Unidos Podemos le rialtas a bhunú, nó an gcloífidh siad leis an AE agus an PP agus an Príomh-Aire Mariano Rajoy a chur ar ais i gcumhacht?

Tá leisce ar an PSOE aon tacaíocht a thabhairt do Unidos Podemos, ach tuigeann siad go scriosfaidís an páirtí dá dtaobhóidís le hoidhrí Franco.

Tá na tráchtairí gairmiúla ag moladh don PSOE staonadh ón vóta parlaiminte, ligean do Rajoy rialtas a chur le chéile ach dul i mbun freasúra iad féin ansin. Aithris ar Fhianna Fáil?

Ar ndóigh, níl sa titim seo ar thacaíocht ach macalla ar a bhfuil ar siúl ar fud na hEorpa, mar tá daoine a thugadh vóta tráth do na páirtithe daonlathacha sóisialacha ag tréigean na hidé-eolaíochta sin go tréan.

Agus tá an scéal sin ceangailte le fás an fhrith-Eorpachais.  Tá an grúpa Visehrad (An Ungáir, an Pholainn, Poblacht na Seice agus an tSlóvaic) ag gearán fúthu siúd atá i gceannas ar an AE, tá círéibeacha sa bhFrainc agus uachtarán na tíre sin, Francois Hollande, ag iarraidh cosaint dhlíthiúil atá ag oibrithe a chur ar ceal mar chuid de rialacha an AE, is tá páirtithe frith-imirce ag dul i méid sa Danmhairg, san tSualainn, sa bhFionlainn agus san Ostair.

Sea, nuair nach bhfuil na páirtithe daonlathacha sóisialacha ag cosaint cearta oibrithe tá spás fágtha d’fhórsaí eile.  In Éirinn agus sa Spáinn tá an spás sin á líonadh ag páirtithe den eite chlé, leithéidí Shinn Féin agus Unidos Podemos; ach i dtíortha eile fágtar an spás seo saor do pháirtithe ón eite dheis, ar nós Front National sa bhFrainc agus UKIP i Sasana.

Ar fud na hEorpa, go deimhin, níl ach 51% den phobal, ar an meán, sásta leis an Aontas. Tá céatadán níos airde sa bhFrainc míshásta leis an AE ná mar atá i Sasana féin.

Tá a dhá oiread de mhuintir na  hEorpa den tuairim go bhfuil an tAontas ag dul sa treo mícheart i gcomparáid leosan a cheapann go bhfuil sé ag dul sa treo ceart. Tá beagnach 50% de mhuintir na hIodáile ag rá go bhfuil siad i bhfabhar imeacht ón Aontas, agus fiú 30% sa Ghearmáin den tuairim chéanna!

Ach ní léir go bhfuil aon cheachtanna á bhfoghlaim ag na páirtithe daonlathacha sóisialacha as seo.  I Sasana nuair a tuairiscíodh go raibh lucht imeachta 10 bpointe chun tosaigh ar lucht fanachta i bpobalbhreitheanna ar an reifreann atá le reáchtáil sa tír sin, deirtear go raibh foireann cheanncheathrú Pháirtí an Lucht Oibre ag sileadh na ndeor.

Maidir leis an Spáinn, tá súil ag ceannairí na hEorpa go dtiocfaidh an PSOE taobh thiar den PP i ndeireadh an lae. Agus is ábhar sóláis dóibh freisin go bhfuil leisce ar Podemos briseadh leis an AE mar a bhí (is atá) ar Syriza na Gréige.

Ach tá ceacht na Gréige ar eolas ag Podemos, is tá a gcuid comhghuaillithe as an taobh cumannach de Unidos níos láidre ná mar a bhí an eite chlé i Syriza.

Ní raibh na páirtithe in ann rialtas a chur le chéile tar éis na dtoghchán ag deireadh na bliana seo caite, agus seans maith nach mbeidh ach an oiread i ndiaidh na dtoghchán seo.

Ach cibé casadh a dhéantar, is cosúil go bhfuil deireadh cinnte anois leis an tseanpholaitíocht sa Spáinn – go háirithe nuair a chuimhnítear ar an mbagairt don stát uathusan sa Catalóin agus i dTír na mBascach atá ag lorg neamhspleáchais.

Nach spéisiúil mar sin go bhfuil Unidos Podemos i bhfabhar reifreann a reáchtáil sa Chatalóin i dtaobh neamhspleáchais cé go mbeidh siad féin ag moladh dóibh fanacht leis an Spáinn.

Fág freagra ar 'Deireadh cinnte anois leis an tseanpholaitíocht sa Spáinn'