Deireadh ar fad á chur le ‘Nuacht RTÉ’ agus branda ‘Nuacht TG4’ amháin a bheidh ar RTÉ agus TG4 feasta

Tá athruithe móra ar na bacáin maidir le soláthar nuacht agus cúrsaí reatha na Gaeilge ar RTÉ agus TG4

Deireadh ar fad á chur le ‘Nuacht RTÉ’ agus branda ‘Nuacht TG4’ amháin a bheidh ar RTÉ agus TG4 feasta

Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Cuirfear deireadh ar fad leis an mbranda Nuacht RTÉ agus cuirfear Nuacht TG4 ina áit go luath.

De réir eolais atá faighte ag Tuairisc.ie ní bheidh ach “aon bhranda amháin” do nuacht teilifíse na Gaeilge feasta, agus Nuacht TG4 a bheidh á úsáid ag RTÉ agus TG4.

Tuairiscíodh níos luaithe i mbliana ar an suíomh seo go mbeadh Nuacht TG4 ar RTÉ seachas Nuacht RTÉ á thabhairt feasta ar an bhfeasachán nuachta a chraoltar ar RTÉ 1 ag 17.45 tráthnóna, ach is cosúil anois go bhfuil gach tagairt do RTÉ agus do Nuacht RTÉ le caitheamh i dtraipisí ar na cláir nuachta teilifíse.

Ní déarfaidh iriseoirí ná léitheoirí nuachta ‘Nuacht RTÉ’ níos mó agus ‘Nuacht TG4’ a déarfar ar an dá stáisiún.

Tá deireadh á chur chomh maith leis na leathanaigh ar na meáin shóisialta atá ag Nuacht RTÉ.

Leanfar le hábhar nuachta a chur ar fáil ar www.rte.ie, www.tg4.ie agus ar aip nuachta RTÉ, ‘RTÉ News Now’.

Is nuair a bheidh an stiúideo nua atá á thógáil i mBaile na hAbhann réidh a chuirfear na hathruithe i bhfeidhm.

Faoin múnla nua eagarthóireachta atá beartaithe do chláir nuachta TG4 agus RTÉ, leagfar béim ar scéalta nuachta réigiúnacha, Gaeltachta agus Gaeilge seachas ar na mórscéalta céanna a chraoltar i mBéarla ar Six One díreach i ndiaidh an fheasacháin Ghaeilge ar RTÉ agus roimh an bhfeasachán nuachta ar TG4. Beidh an léitheoir nuachta céanna i mbun na bhfeasachán ar fad, ar RTÉ News Now, ar RTÉ 1 agus ar Nuacht TG4 ag 7pm.

De réir comhfhreagrais atá feicthe ag Tuairisc.ie, is é an cur chuige a bheidh ag nuacht na Gaeilge ar RTÉ One agus TG4 feasta ná go mbeidh an ‘Súil Eile’, a samhlaíodh le TG4 ó thús, sa treis.

“Beidh an t-ábhar ar RTÉ One agus ar News Now ag teacht le cur chuige an ‘Súil Eile, cé go mbeadh sé níos giorra. Fágann sé seo gurb é a bheidh sna scéalta ar na cláir ag 17.00 agus 17.45 ná leaganacha níos giorra den ábhar a bheidh ar Nuacht TG4 ag 19.00.

“I mbeagán focal, is í Súil Eile TG4 a bheidh ag brú rogha ár scéalta, agus is ón rogha sin a roghnófar scéalta do RTÉ One agus RTÉ News Now,” a dúradh sa chomhfhreagras atá feicthe ag Tuairisc.ie.

Dúradh gur dóichí ná a mhalairt go mbeidh mórscéal náisiúnta nó polaitíochta an lae mar chuid de na cláir nuachta chomh maith.

“An t-aon difríocht a bheidh ann idir na leaganacha de na tuairiscí do RTÉ One agus do TG4 ná a bhfad,” a scríobhadh.

Tá RTÉ anois freagrach chomh maith as an gclár 7 Lá a bheidh á chraoladh go luath san athbhliain. Ceapadh an t-iriseoir aitheanta Breandán Delap ina eagarthóir ar an gclár agus idir 30-35 clár a bheidh sa tsraith nua a thosóidh i mí Eanáir.

Beidh 7 Lá á chraoladh ón stiúideo céanna a mbeidh Nuacht TG4 á chraoladh uaidh agus beidh iriseoirí Nuacht TG4 ag soláthar ábhar don chlár  cúrsaí reatha má bhíonn spéis acu a leithéid a dhéanamh. Íocfar táille bhreise leis na hiriseoirí trí chóras íocaíochta RTÉ. Tá painéil le bunú ar a mbeidh fostaithe de chuid RTÉ ó réimsí éagsúla, Nuacht na teilifíse agus foireann RTÉ Raidió na Gaeltachta ina measc. Beidh na hiriseoirí a bheidh ar an bpainéal ag obair mar ‘láithreoirí/tuairisceoirí’ ar 7 .

Tá sé i gceist freisin go mbeidh ábhar á sholáthar ag comhlachtaí eile taobh amuigh de RTÉ.

Tá roinnt ball foirne de chuid Nuacht míshásta faoi na hathruithe atá beartaithe agus faoin mbealach a bhfuil an t-eolas faoi na hathruithe sin á thabhairt amach.

Mhaígh duine amháin nár tugadh an deis d’iriseoirí Nuacht moltaí a dhéanamh faoi na hathruithe ar sholáthar cúrsaí reatha agus nuachta TG4 agus RTÉ. Dúradh go bhfuil na hiriseoirí “fíor-mhíshásta” faoi chomh “mall” is a bhí RTÉ ag tabhairt eolais dóibh faoin scéal agus nach raibh meanma na foirne nuachta “chomh híseal riamh”.

Maíodh go bhfuil lucht bainistíochta agus baill foirne eile “ag achrann le chéile” faoi na hathruithe.

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil ar a laghad gearán oifigiúil amháin déanta ag ball foirne le riarthóirí na n-acmhainní daonna in RTÉ faoin scéal.

Dúirt duine eile den fhoireann go bhfuil na hathruithe atá beartaithe do Nuacht “scannalach” agus go bhfágfadh siad nach mbreathnófar ar an iriseoireacht i nGaeilge mar “ghairm cheart” níos mó.

Fág freagra ar 'Deireadh ar fad á chur le ‘Nuacht RTÉ’ agus branda ‘Nuacht TG4’ amháin a bheidh ar RTÉ agus TG4 feasta'