Deir McHugh nach bhfuil aon bhaint ag an ‘Dáilcheantar arb as é’ le dáileadh deontas

D’fhiafraigh urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Peadar Tóibín den Aire Stáit an raibh aon bhaint ag ‘líon na dtograí a fuair deontais i nGaillimh agus i nDún na nGall agus an Dáilcheantar arb as don Aire féin’

Deir McHugh nach bhfuil aon bhaint ag an ‘Dáilcheantar arb as é’ le dáileadh deontas

Peadar Tóibín agus Joe McHugh.

Tá ráite ag Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh nach bhfuil aon bhaint ag an ‘dáilcheantar arb as é’ le dáileadh dheontais a Roinne.

D’fhiafraigh urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Peadar Tóibín den Aire Stáit an raibh “cóimheas idir líon na dtograí a fuair deontais i nGaillimh agus i nDún na nGall le cúpla bliain anuas agus an Dáilcheantar arb as don Aire féin”.

Mar fhreagra ar cheist urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, dúirt an tAire Stáit McHugh go ndéantar na hiarratais uile a fhaigheann a Roinn ar dheontais “a bhreithniú go cúramach i gcomhréir le gach dea-chleachtas riaracháin” agus go gcloítear leis na critéir atá leagtha síos do na scéimeanna deontais éagsúla. 

Tuairiscíodh ar an suíomh seo an mhí seo caite gur do thograí i nGaeltacht Dhún na nGall agus i nGaeltacht Chonamara a ceadaíodh 91.4% de dheontais chaipitil Roinn na Gaeltachta le 15 mí anuas.

Le linn na tréimhse idir 1 Iúil 2016 agus 10 Deireadh Fómhair 2017, cheadaigh an tAire Stáit Joe McHugh agus an t-iar-aire stáit Seán Kyne €3.6 milliún san iomlán do thograí Gaeltachta faoin scéim tacaíochta pobail agus teanga agus an scéim tograí oileáin. Den €3.6 milliún sin, ceadaíodh €3.3 milliún do cheantair Ghaeltachta Dhún na nGall agus na Gaillimhe.

Deontais arbh fhiú €307,276 san iomlán iad a ceadaíodh do cheantair Ghaeltachta Chiarraí, Chorcaí, Phort Láirge, Mhaigh Eo agus na Mí le linn na tréimhse céanna. Níor cheadaigh an tAire Stáit McHugh ná a réamhtheachtaí Seán Kyne oiread is deontas amháin as an dá chiste caipitil seo do Ghaeltacht Chorcaí.

Le linn na tréimhse céanna, is do thograí i nGaeltacht Dhún na nGall a ceadaíodh 87% de dheontais chaipitil Roinn na Gaeltachta ó athcheapadh Joe McHugh ina aire stáit sa roinn sin i mí Iúil na bliana seo.

Dúirt an tAire Stáit McHugh nach rud neamhghnách é go mbeadh níos mó deontas ag dul go dtí na ceantair Ghaeltachta is mó.

“Ós rud é gurb iad ceantair Ghaeltachta Dhún na nGall agus na Gaillimhe an dá cheantar Gaeltachta is mó, bheifí ag súil leis go ginearálta go mbeadh cion níos mó trí chéile den infheistíocht a dhéantar faoi na scéimeanna thuasluaite á dhéanamh sna ceantair sin i gcomparáid leis na ceantair Ghaeltachta eile.

“Ní foláir a chur san áireamh, áfach, go mbraitheann an léargas ar an dáileadh seo ag aon uair faoi leith ar cibé punann tograí a bheadh ag dul tríd an bpróiseas thuasluaite ag aon phointe ama faoi leith.”

Dúirt an tAire Stáit McHugh go ndéantar “gach iarracht” i gcónaí “féachaint chuige go mbaintear an leas is fearr is féidir ar son na Gaeltachta, na Gaeilge agus na n-oileán as an infheistíocht shuntasach a chuirtear ar fáil faoi na scéimeanna éagsúla a bhíonn á riaradh ag an Roinn”.

Fág freagra ar 'Deir McHugh nach bhfuil aon bhaint ag an ‘Dáilcheantar arb as é’ le dáileadh deontas'