Deir an rialtas gur shábháil siad muid ó dheireadh an domhain, ach cé mhéad duine a chreideann iad?

Léiríonn na pobalbhreitheanna go dteastaíonn athrú ó dhaoine ach ní léir go bhfeiceann siad go bhfuil an t-athrú sin dá thairiscint

13/01/2014. Ireland Foreign Policy - Review. Fine Gael leader Enda Kenny launching a review of Irelands foreign policy: The Global Island : Irelands Foreign Policy for a Changing World, at a Conference in Dublin Castle organised by the Department of Foreign Affairs and Trade in Dublin today. Photo: Sam Boal/Photocall Ireland
An Taoiseach Enda Kenny. Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland

Tá seachtain caite ó d’fhógair Enda Kenny an toghchán agus tá níos mó ná coicís feachtasaíochta romhainn go fóill. An tuairim atá agamsa nach bhfuil daoine tógtha leis an bhfeachtas go dtí seo agus go bhfuil siad níos tógtha le rugbaí agus drochaimsir ná le haon rud atá le rá ag na polaiteoirí leo.

Léiríonn na pobalbhreitheanna go dteastaíonn athrú ó dhaoine ach ní léir go bhfeiceann siad go bhfuil an t-athrú sin dá thairiscint ag an rogha atá acu i láthair na huaire. Níl aon mhalairt rialtais soiléir dá tairiscint dúinn mar go leanann na páirtithe den chur i gcéill nach labhróidh siad le chéile ach a mbeidh deireadh ráite.

Meas tú an bhféadfaí a rá go raibh baint aige sin leis an tús liopasta, ciotach a chuir Fine Gael leis an bhfeachtas? An bhfeiceann siad go bhfuil sé beagnach cinnte go mbeidh siad ar an bpáirtí is mó sa gcéad Dáil eile agus nach bhfuil orthu ach na laethanta a chaitheamh idir seo agus an 26ú lá? Nó an gcreideann siad go bhfuil an oiread de bhuntáiste acu agus nach gcaithfidh siad a bheith ullmhaithe mar is ceart do na ceisteanna a chuirfear orthu? Seo an dream a bhí thar a bheith cúramach ag a nArd-Fheis an mhí seo caite gan tabhairt le fios go raibh siad ró-chaithréimeach. Tá an chuma orthu le seachtain gur ar éigean atá siad ag fanacht ar snámh ag barr uisce; ba dheacair a shamhlú gur iad an páirtí stuama, ciallmhar atá oilte agus inniúil ar an tír a stiúradh sna cúig bliana seo romhainn.

Idir an dá linn tá Páirtí an Lucht Oibre níos gafa le smacht a choinneáil ar Alan Kelly agus a phearsantacht ná leis an tubaiste atá á thuar sna figiúirí. Ar bhealach is cinniúnaí a bheidh sa mhéid a tharlóidh don Lucht Oibre maidir le bunú an rialtais ná toradh na bpáirtithe eile. Má thagann siad ar ais go dtí an chéad Dáil eile agus níos mó ná deichniúr teachtaí acu, ba chóir go mbeidís in ann rialtas a bhunú éasca go maith.

Is cuma céard atá dá rá acu an tseachtain seo, níl amhras ar bith ach go bhfaighidh siad neamhspleách éigin a mbeidh siad in ann margadh a dhéanamh leis, léi nó leo. Má thiteann líon na suíochán acu faoi bhun deich, beidh fadhbanna acu mar go bhfuil sé cinnte ag an bpointe sin go dtiocfaidh brú ar Fhine Gael margadh a dhéanamh le Fianna Fáil.

Beagán le cois coicíse mar sin go dtabharfar breithiúnas ar an rialtas a deir gur shábháil siad muid ó dheireadh an domhain, nó ar a laghad ó bheith ar chuma na nGréagach. Ach cé mhéad duine a chreideann an teachtaireacht sin? Dá gcreidfeadh daoine an scéal sin nach mbeadh siad buíoch de Fhine Gael? Nach mbeidís sona sásta tacú leo arís? Nó an amhlaidh, mar a dúirt mé ag an tús, go bhfuil sé róluath le bheith i mbun tairngreachta?

Léiríonn na pobalbhreitheanna gur dóigh go mbeidh cúrsaí ina bpraiseach théis an toghcháin agus go mbeidh sé deacair ag aon dream rialtas a chur le chéile. Ceist eile ar fad an féidir nó ar chóir géilleadh do na pobalbhreitheanna céanna. Níl againn ach breathnú go fánach ar a raibh á thuar sa mBreatain taca an ama seo anuraidh le tuiscint nár chóir an iomarca muiníne a chur iontu.

An t-aon fhigiúr nach bhfuil aon athrú ag teacht air ná figiúr na neamhspleách – aon duine a bhíonn ag taisteal ina gcarr timpeall na Gaillimhe, Bhaile Átha Cliath ná aon bhaile eile, tuigfidh siad cé mhéad iarrthóir neamhspleách atá dá gcur féin chun tosaigh. Cé go ndeir an ceathrú cuid den phobal go mbeidh siad ag tacú leo, bheadh amhras orm gur amhlaidh a bheidh ar deireadh thiar.

Teachtaireacht shoiléir amháin a theastaíonn ó Fhine Gael a chraobhscaoileadh – gur orthusan is cóir brath ar mhaithe le seasmhacht. Déanfaidh siad an praiseach atá déanta acu leis an mbearna fioscach a ligean i ndearmad agus ar ndóigh beidh súil acu go ndéanfaidh na meáin agus na páirtithe eile amhlaidh.

Shamhlófá go mbeidh go leor cleachtaidh ar bun do na díospóireachtaí teilifíse atá beartaithe.

Seasmhacht, seasmhacht, seasmhacht. Cloisfear go minic é as seo go ceann coicíse. Súil ag an gcomhrialtas go meallfaidh sin na daoine nach bhfuil a n-intinn déanta suas fós acu. Idir an dá linn, an t-aon rud gur féidir a bheith cinnte faoi ná go bhfuil éiginnteacht ag baint le chuile shórt.

– Clár Reachtaire le RTE Raidió na Gaeltachta í Máirín Ní Ghadhra

Fág freagra ar 'Deir an rialtas gur shábháil siad muid ó dheireadh an domhain, ach cé mhéad duine a chreideann iad?'